Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2018 Fógartha ag OÉ Gaillimh

Sa ghrianghraf ag seoladh na nGradam Alumni atá ar siúl don 18ú bliain as a chéile in OÉ Gaillimh (chun tosaigh, ó chlé): Ailish Gorman, Banc na hÉireann; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh; agus Adrienne Turley, AIB; (ar chúl, ó chlé): Kenneth Deery, AIB; Hugh Hamrock, Banc na hÉireann; Susan Treacy, Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe; agus Padraic Brennan, Ronan Daly Jermyn.
Feb 15 2018 Posted: 11:07 GMT

Tá buaiteoirí Ghradaim Alumni 2018 fógartha ag OÉ Gaillimh. Bronnfar na gradaim ag an 18ú Mórfhéasta Alumni a bheidh á reáchtáil Dé Sathairn, an 19ú Bealtaine 2018 i Halla Bailey Allen, in aice le hÁras na Mac Léinn. Is í an láithreoir agus an léiritheoir le RTÉ/TG4, Gráinne McElwain, a chuirfidh an ócáid i láthair.

Tugann na Gradaim Alumni aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí an 90,000 céimí de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Tá gradaim Alumni bronnta ar bhreis is 100 céimí den scoth a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu, ina measc, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn; an lúthchleasaí Oilimpeach Olive Loughnane; an laoch rugbaí Ciarán FitzGerald; an craoltóir de chuid RTÉ Sean O’Rourke; an t-iarArd-Aighne, Máire Whelan; iar-Phríomhfheidhmeannach Creganna, Helen Ryan; an t-aisteoir a bhfuil Gradam Tony buaite aici, Marie Mullen; agus an scríbhneoir Mike McCormack.

Seo a leanas buaiteoirí na seacht ngradam alumni atá le bronnadh ag Mórfhéasta 2018:

Gradam do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach – urraithe ag Fondúireacht na hOllscoile
- Lisa Coen, Comhbhunaitheoir Tramp Press

Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann
- Aedhmar Hynes, Príomhfheidhmeannach, Text100

Gradam Alumni don Dlí, Beartas Poiblí agus an Rialtas – urraithe ag Ronan Daly Jermyn
- Pat Rabbitte, iarCheannaire Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn agus polaiteoir

 Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – urraithe ag  AIB
- Bernard McGuinness, Leas-Uachtarán, Soláthar Blais, The Coca-Cola Company

Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic
- An tOllamh Declan Sugrue, Cairdeolaí, Ospidéal an Mater

Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt – urraithe ag Banc na hÉireann
- Joe Connolly, Iománaí de chuid na Gaillimhe

Gradam Alumni don Ghaeilge – urraithe ag OÉ Gaillimh
- Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach aici

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: “Le breis is 170 bliain tá oideachas curtha ag an Ollscoil seo ar chéimithe d’ardchaighdeán a raibh tionchar suntasach acu ina réimsí féin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

“Tugann Gradaim Alumni OÉ Gaillimh aitheantas d'alumni de chuid na Gaillimhe ar ceannairí den scoth iad a chuaigh i gcion ar an domhan. Cuireann na gradaim seo ar chumas phobal na hOllscoile ceiliúradh a dhéanamh ar luach fadsaoil an oideachais atá le fáil in OÉ Gaillimh agus tugann siad aitheantas don bhreis is 90,000 céimí de chuid na hOllscoile atá lonnaithe ar fud na cruinne agus a bhfuil éachtaí déanta acu. Déanaim comhghairdeas le gach duine a bhuaigh gradam agus táim ag súil le fáilte ar ais a chur rompu chuig a n-alma mater don Mhórfhéasta i mí an Mhárta.”

Chun breis eolais a fháil agus chun áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil leis an Oifig Alumni ar 091 492721 nó seol ríomhphost chuig alumni@nuigalway.ie. Áirithintí ar líne ag www.guf.ie

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories