Onóir Bronnta ag OÉ ar Éanna Ó Coinnigh

(l-r): Dr Attracta Halpin, NUI Registrar, Dr Enda Kenny, Dr Maurice Manning, NUI Chancellor agus Dr Jim Browne
Oct 23 2017 Posted: 14:34 IST

Inniu bhronn Seansailéir Ollscoil na hÉireann, an Dr Maurice Manning céim Dhochtúireachta oinigh le Dlíthe (LLD) ar an iarThaoiseach, an tUasal Éanna Ó Coinnigh TD.

Agus an chéim bronnta aige ar Éanna Ó Coinnigh, dúirt Seansailéir OÉ, an Dr Maurice Manning: “Tá áthas ar Ollscoil na hÉireann onóir a bhronnadh ar Éanna Ó Coinnigh mar atá déanta againn i gcás na dTaoiseach a chuaigh roimhe. Trí onóir a bhronnadh ar Thaoisigh na tíre, dearbhaíonn OÉ ár stát ceannasach, ár gcóras daonlathach rialtais agus na saoirsí a bhronnann sé ar shaoránaigh na hÉireann.”

Agus an tUasal Kenny á chur i láthair ag an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, bhreathnaigh sé siar ar a ghairm i bpolaitíocht na hÉireann agus tharraing sé aird ar a raibh bainte amach aige.

“Le breis is dhá scór bliain, ba bhall de Dháil Éireann é Éanna Ó Coinnigh, áit a ndearna sé ionadaíocht dhúthrachtach ar mhuintir Mhaigh Eo, chomh maith lena chion agus níos mó do pholaitíocht ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.  Is iomaí duine a spreag sé lena fhís, lena aidhm shoiléir, a dhiongbháilteacht agus, chomh tábhachtach céanna, a dhaonnacht dhúchasach agus a ghnaíúlacht phearsanta.  Inniu tugaimid ómós dó mar Fhear Ciúin Mhaigh Eo, a d’éirigh chun a thír a stiúradh amach ón dorchadas nuair a tháinig an t-am chuige, chun í a chur ar ais san áit ba dhual di i measc na náisiún, agus chun cúis a thabhairt dúinn ar fad a bheith bródúil arís.”

Tá céimeanna oinigh á mbronnadh ó tháinig cairt OÉ i bhfeidhm in 1908. Ó shin i leith tá céimeanna oinigh á mbronnadh ag OÉ chun ardchaighdeán acadúlachta a aithint, bíodh sin sna daonnachtaí nó sna heolaíochtaí.  Lena chois sin, bronnann an Ollscoil onóir orthu siúd ‘a bhfuil a gcion déanta acu don saol poiblí, trína gcumas pearsanta nó ionadaíoch, trína bhfuinnimh, seirbhís agus gníomhaíochtaí ...’. Go traidisiúnta, bronnann OÉ onóir ar oifig Cheann Rialtas na hÉireann trí onóir a bhronnadh orthu siúd a bhí i ról an Taoisigh.  

Is é Éanna Ó Coinnigh ‘athair’ na Dála reatha de bhrí gur toghadh den chéad uair é sa bhliain 1975 agus gur atoghadh é san aon olltoghchán déag ina dhiaidh sin.

Bhí sé ina Aire Oideachais agus ina Aire Turasóireachta agus Trádála agus ghlac sé ról Cheannaire Fhine Gael sa bhliain 2002.  Bhí sé i gceannas ar an bPáirtí ar feadh cúig bliana déag, an tréimhse ab fhaide i measc cheannairí uile Fhine Gael.

Toghadh ina Thaoiseach é i mí an Mhárta 2011 agus arís i mí na Bealtaine 2016, an chéad Cheannaire de chuid Fhine Gael a atoghadh mar Thaoiseach i dtoghcháin i ndiaidh a chéile.  Tá a pháirtí fós ar an bPáirtí is mó sa Dáil.

Faoina stiúir d’fhás Fine Gael nó go raibh sé ar an bpáirtí is mó ar leibhéal áitiúil, Dála agus Pharlaimint na hEorpa, toradh nár baineadh amach riamh cheana.

Bhí sé ina chomhchathaoirleach ar na Cainteanna Trádála Domhanda i Singeapór in 1996 agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Airí Trádála an AE le linn Uachtaránacht na hÉireann.

Sa bhliain 2011 bhunaigh sé rialtas le Páirtí an Lucht Oibre nuair a bhí Éire i lár an chúlaithe eacnamaíochta is measa riamh.

Faoina cheannaireacht, go dtí mí na Bealtaine 2017, bhí Éire ar an tír AE is sciobtha fáis blianta as a chéile; tháinig laghdú ar dhífhostaíocht ó 15.2% go 6.3%; thit rátaí úis ar iasachtaí Éireannacha ó 15% go náid, athshlánaíodh rátáil chreidmheasa na tíre agus fuarthas rochtain iomlán ar na margaí airgeadais arís.

Tá breis is dhá mhilliún duine fostaithe anois agus tá go leor daoine a d’fhág an tír le linn an chúlaithe eacnamaíochta ag filleadh abhaile anois.

Bhí Éanna Ó Coinnigh ina Leas-Uachtarán ar Pháirtí an Phobail Eorpaigh ar feadh sé bliana agus fuair sé tacaíocht iomlán don éileamh go mbeadh Tuaisceart Éireann aitheanta mar bhall iomlán den AE agus nach mbeadh gá athiarratas a dhéanamh tar éis an Bhreatimeachta, dá mbeadh Comhaontú Aoine an Chéasta curtha i bhfeidhm ag vóta na ndaoine.

Faoina rialtas rinneadh comóradh uileghabhálach agus cuimsitheach ar Éirí Amach 1916, ó thuaidh agus ó dheas, agus go bunúsach, tugadh an Bhratach Náisiúnta ar ais do mhuintir na hÉireann.

Le linn a ré in oifig chonacthas an Troika ag fágáil na hÉireann, gan choinníoll, agus rinneadh ceannasacht agus neamhspleáchas eacnamaíochta na hÉireann a athbhunú.

D’éirigh Éanna Ó Coinnigh as a ról mar Thaoiseach i mí an Mheithimh 2017 tar éis sé bliana agus chinntigh sé nach raibh aon fhadhb leis an aistriú cumhachta chuig rialtas nua faoi stiúir Leo Varadkar.

Beidh Éanna Ó Coinnigh ina TD go scaoilfear an Dáil roimh an chéad olltoghchán eile.

Tá sé pósta le Fionnuala agus tá triúr clainne orthu agus iad fásta suas anois.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories