OÉ Gaillimh ainmnithe mar Ollscoil na Bliana sa Sunday Times

Oct 06 2017 Posted: 12:01 IST

Ainmníodh OÉ Gaillimh mar ‘Ollscoil na Bliana 2018’ sa Sunday Times University Guide, den tríú huair. Bhuaigh an Ollscoil an gradam mór le rá seo an chéad bhliain ar bronnadh é in 2002 agus arís in 2009.

D’éirigh níos fearr le OÉ Gaillimh ná an 21 institiúid tríú leibhéal eile sa tír agus i measc na gcúiseanna ar bronnadh an gradam seo ar an ollscoil bhí an dea-cháil atá uirthi mar ionad barr feabhais i réimse na teicneolaíochta leighis, a sárchaighdeán sna dána agus sna heolaíochtaí, na rátaí maithe maidir le dul chun cinn chomh maith leis na hionchais fostaíochta is fearr as aon ollscoil eile in Éirinn.

Dúirt Alastair McCall, Eagarthóir an Sunday Times Good University Guide: “Sna hocht mbliana ó bhuaigh OÉ Gaillimh duais Ollscoil na Bliana cheana tá forás déanta aige i dtéarmaí a cháil domhanda mar cheann de na suíomhanna foghlama is fearr atá le fáil. Tá cuid den lucht acadúil ar na daoine is mó a dtagraítear dóibh ar domhan agus cuimsíonn a cháil na dána agus na heolaíochtaí. Anuraidh thuill an ollscoil ioncam taighde sa bhreis ar €65m, fianaise ar an gceannródaíocht atá ar bun ag an lucht acadúil.

“Ina theannta sin, baineann tábhacht ollmhór leis an ollscoil i dtéarmaí an gheilleagair réigiúnaigh, tá sé lárnach sa phobal mórthimpeall ag gach leibhéal. Spreagtar mic léinn na hollscoile chun obair dheonach a dhéanamh agus a bheith mar chuid den phobal úd seachas díreach a bheith ina dturasóirí oideachais i nGaillimh. Nuair a bheidh Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa sa bhliain 2020, beidh an ollscoil i gcroílár na féile; agus Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú mar ráiteas ceannasach ar thábhacht na ndán don ollscoil.

“Is comhartha ómóis é bua na bliana seo chomh maith do cheannaireacht Uachtarán na hOllscoile, an Dr Jim Browne, a bheidh ag cur deireadh lena théarma deich mbliana in oifig go luath an bhliain seo chugainn. Fágann sé OÉ Gaillimh i staid an-láidir, réidh chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i ranguithe ollscoile domhanda agus náisiúnta, agus inniúil ar oideachas tríú leibhéal den scoth a chur ar fáil do mhic léinn sna blianta amach romhainn.”

Ní ar chúrsaí na dtáblaí sraithe amháin atá an gradam bunaithe ach ar mheasúnú faoi 22 critéar ar ról na hollscoile ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

“Táimid i dtiúin go láidir le riachtanais na tíre agus an réigiúin,” a deir an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh. Déanaimid iarracht ár gcláir a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt d’uaillmhian ár gcuid mac léinn agus ar riachtanais ár ngeilleagair san fhadtréimhse. Déanaimid iarracht chomh maith cothromaíocht chuí a bhaint amach maidir le léann acadúil traidisiúnta agus foghlaim obair-bhunaithe. Tá sé mar sprioc againn go dtabharfaidh 80% dár mic léinn fochéime faoi fhoghlaim ó thaithí.”

Anuas ar an méid sin, dúirt an Dr Browne: “Is iad na mic léinn agus na comhaltaí foirne atá againn croílár na hOllscoile seo agus tugann an gradam seo aitheantas dá gcruthaitheacht, dá nuálaíocht agus don obair chrua a dhéanann siad.  Níl aon teorainn leis an uaillmhian anseo agus táimse muiníneach go bhfuilimid ar an mbealach chun cáil níos mó fós a bhaint amach don institiúid seo agus don réigiún.”

Ollscoil na Bliana sa Sunday Times

Tá barr feabhais bainte amach ag an Ollscoil sna dána agus sna heolaíochtaí agus rinneadh infheistíocht shuntasach inti le déanaí. D’oscail Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú in Aibreán agus osclaíodh acadamh leighis chomh maith i nDún na nGall, ar thailte Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn.

Tá cáil ar an Ollscoil mar ionad barr feabhais i réimse na teicneolaíochta leighis, rud a bhí soiléir nuair a seoladh Cúram, an t-ionad taighde d'fheistí leighis de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann i Meán Fómhair 2016. Cuireann an t-ionad naisc chun cinn idir an lucht acadúil agus comhpháirtithe tionsclaíochta. Déanfaidh SFI agus cuideachtaí éagsúla eile infheistíocht €49m thar shé bliana, agus tiocfaidh maoiniú breise €19m ó chlár Dheiseanna Nua an AE, 2020.

Tá dlúthbhaint chomh maith ag caighdeán na foirne acadúla in OÉ Gaillimh leis an rath atá ar an ollscoil, agus tá roinnt ollúna cosúil leis an Dr Henry Curran, an tOllamh Colin O’Dowd, an tOllamh Donal O’Regan agus an Dr Ronan Sulpice ainmnithe i measc na dtaighdeoirí is mó a ndéantar tagairt dóibh in anailís ar thaighde foilsithe ag an ngrúpa ilnáisiúnta Clarivite Analytics.

Chuidigh tagairtí taighde leis an ollscoil dul chun cinn níos mó a dhéanamh sna ranguithe ollscoile idirnáisiúnta i mbliana. Thuill an lucht acadúil thart ar €89,000 an duine in ioncam taighde de réir an tsuirbhé is déanaí a rinneadh sa Good University Guide ar chumhacht an taighde.

Is féidir le OÉ Gaillimh a mhaíomh go bhfuil na hionchais fostaíochta is fearr aige as ollscoileanna uile na poblachta agus ráta dífhostaíochta thar a bheith íseal i measc céimithe ag trí faoin gcéad. Tá ceann de na rátaí dul chun cinn is fearr ag baint leis an ollscoil seo chomh maith, agus críochnaíonn 88% de mhic léinn a gcláir staidéir.

Ghlac sa bhreis ar 260 mac léinn páirt i gcúrsaí rochtana agus i mbonnchúrsaí in OÉ Gaillimh i mbliana, agus fuair 150 díbh sin tairiscint ar chlár.  San iomlán, tá os cionn 1,100 fochéimí faoi chúram na hoifige rochtana. 

Tá oscailteacht OÉ Gaillimh do mhodhanna éagsúla teagaisc agus foghlama soiléir chomh maith ina chuid oibre leis an nGaeilge. Tá an ollscoil gar do Ghaeltacht Chonamara, an réigiún is mó sa tír ina bhfuil Gaeilge á labhairt ann agus mar sin déanann OÉ Gaillimh ceiliúradh agus cothú ar an nGaeilge ag cur ranganna ar fáil do thosaitheoirí agus do dhaoine le Gaeilge líofa mar aon le cláir a mhúintear trí mheán na Gaeilge.

Feidhmíocht OÉ Gaillimh i Ranguithe Domhanda

Is é OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil in Éirinn a bhfuil dul chun cinn seasta déanta aige sna Ranguithe Ollscoile Domhanda is iomaíche. Tá dul chun cinn déanta ag an Ollscoil bliain i ndiaidh bliana i Ranguithe QS agus Times Higher Education, agus áirítear an Ollscoil anois ar cheann den 250 ollscoil is fearr sa dá rangú. Dar le QS, tá OÉ Gaillimh i measc an 1% is fearr d’ollscoileanna an domhain.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories