DÚN na mBan Trí Thine - The Fairy Fort Is On Fire

DÚN na mBan Trí Thine - The Fairy Fort Is On Fire
Jul 19 2017 Posted: 10:50 IST

A modern play about motherhood and magic

Dún na mBan Trí Thine by Éilís Ní Dhuibhne, is a modern Irish play which is currently running in An Taibhdhearc and the O’Donoghue Centre, at NUI Galway as part of the 2017 Galway International Arts Festival.  The play is directed by Anne McCabe and NUI Galway’s Marianne Ní Chinnéide, Perfoming Arts Manager at the university and will run from the 17-30 July.

The contemporary play is based on a character named Léiní who is struggling as a wife, a mother with young children, and the desire to be an artist. On top of that, witches from Dún na mBan haunt her and threaten to invade her house. Léiní begins to crack up. Is she losing her mind? Or will she give in to the witches and go over to Dún na mBan?

Marianne Ní Chinnéide, Performing Arts Manager at NUI Galway and co-director of the play said: “It's of the utmost importance that contemporary Irish language plays are shown on the international stage and the Galway International Arts Festival provides that opportunity. This play, 'Dún na mBan Trí Thine' is central to Ireland’s canon of feminine literature and this production shows how essential it is to produce Irish language drama for the stage.”

Éilís Ní Dhuibhne, has been nominated for The Irish Times Orange Prize for Fiction, “A compelling voice in anyone’s language”. Éilís has worked closely with the directors to create a revised version of the play which was first staged in the Peacock in 1995.

Patrick Lonergan, Professor of Drama at NUI Galway said: “This production is a sign of our commitment to Irish language drama and to contemporary drama written by women.”

Starring Linda Bhreathnach, award-winning actress and filmmaker. Máire Ní Mháille, Tara Breathnach, Yvonne Laife, and Catherine Denning. Set design is by Tríona Lillis with costumes by Chérie White who designs for Macnas. The stage manager is Rae Penelope Visser from Fíbín.

The play is as Gaeilge with English-language surtitles. For tickets see www.giaf.ie and the festival box office on Forster Street. #GIAF17

-Ends-

__________________

DÚN na mBan Trí Thine - The Fairy Fort Is On Fire

Dráma comhaimseartha faoi mháithreachas agus draíocht

Is dráma Gaeilge comhaimseartha é Dún na mBan Trí Thine le hÉilís Ní Dhuibhne atá á léiriú in Amharclann na Taibhdheirce agus in Ionad Uí Dhonnchadha in OÉ Gaillimh faoi láthair mar chuid d'Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2017.  Is iad Anne McCabe agus Marianne Ní Chinnéide, Bainisteoir na dTaibh-Ealaíon in OÉ Gaillimh, stiúrthóirí an dráma, agus beidh an dráma le feiceáil ar stáitse idir 17-30 Iúil.

Léiriú comhaimseartha ar shaol an charachtair Léiní a fheictear sa dráma seo, carachtar atá ag streachailt mar bhean chéile, mar mháthair a bhfuil clann óg uirthi, agus lena mian slí bheatha mar ealaíontóir a bhaint amach. Ina theannta sin, tá cailleacha ó Dhún na mBan á ciapadh agus ag bagairt go dtiocfaidh siad isteach ina teach. Tá Léiní ag dul ar mire. An bhfuil sí ag cailleadh na meabhrach? Nó an ngéillfidh sí do na cailleacha agus a haghaidh a thabhairt ar Dhún na mBan?

Deir Marianne Ní Chinnéide, Bainisteoir na dTaibh-Ealaíon in OÉ Gaillimh agus duine de chomhstiúrthóirí an dráma: “Tá sé ríthábhachtach go bhfeicfí drámaí Gaeilge comhaimseartha ar stáitsí idirnáisiúnta agus tugann Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe an deis sin dúinn. Tá an dráma seo 'Dún na mBan Trí Thine' lárnach i gcanóin litríochta feimineachais na tíre seo, agus léiríonn sé go soiléir cé chomh riachtanach agus atá sé drámaíocht Ghaeilge a chur ar stáitse.”

Ainmníodh Éilís Ní Dhuibhne don Orange Prize for Fiction as “glór a bhfuil meas air beag beann ar an teanga ina bhfuil sé” The Irish Times. D'oibrigh Éilís go dlúth leis na stiúrthóirí chun leagan leasaithe den dráma seo a chur ar fáil, dráma a cuireadh ar stáitse den chéad uair riamh sa Phéacóg, Amharclann na Mainistreach in 1995.

Deir Patrick Lonergan, Ollamh le Drámaíocht in OÉ Gaillimh: “Is comhartha atá sa léiriú seo ar cé chomh tiomanta agus atá muid do dhrámaíocht na Gaeilge agus do dhrámaíocht chomhaimseartha atá scríofa ag mná.”

Ar na haisteoirí a bheidh le feiceáil ar stáitse, beidh Linda Bhreathnach, aisteoir a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach aici agus déantóir an scannáin Adulting, Máire Ní Mháille, Tara Breathnach, Yvonne Laife agus Catherine Denning. Is í Tríona Lillis an dearthóir seit agus is í Chérie White, a dhearann cultacha do Mhacnas, an dearthóir cultacha. Is í Rae Penelope Visser ón gcomhlacht drámaíochta Fíbín an bainisteoir stáitse.

Tá an dráma á léiriú i nGaeilge le fortheidil Bhéarla. Féach www.giaf.ie agus oifig na Féile ar Shráid Forster chun ticéad a chur in áirithe. #GIAF17

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories