NUI Galway Medical Students Celebrate Twelve Years of Teddy Bear Hospital

Lena Convoy from Tullykyne National School, Moycullen, Co. Galway with medical student Kate Rigney at NUI Galway’s Teddy Bear Hospital last year.
Jan 10 2017 Posted: 12:59 GMT

The 12th annual Teddy Bear Hospital at NUI Galway will take place Thursday and Friday, 19 and 20 January. The event will see over 1,300 sick teddy bears admitted to the hospital, accompanied by their minders, 1,300 primary school children.

The event is organised by the Sláinte Society, NUI Galway’s branch of the International Federation of Medical Students Associations, and up to 200 medical and science students will diagnose and treat the teddy bears. In the process, they hope to help children, ranging in age from 3-8 years, feel more comfortable around doctors and hospitals.

Over the years, children have come along with teddy bears suffering from an imaginative range of sore ears, sick tummies and all kinds of other weird and wonderful ailments.

Sally Cahill, a second year medical student at NUI Galway and co-auditor of Sláinte Society, said: “This year we are celebrating the 12th annual Teddy Bear Hospital. Over the past couple of years, demand from schools to attend the event has increased and as a result the event has become ever bigger in an attempt to cure all of the sick teddies of Galway. We are eagerly awaiting the arrival of our first ‘patients’ on Thursday, 19 January and hope to create a relaxed and enjoyable ‘hospital’ environment for the children.”

This year, 25 local primary schools are participating in the event, equating to over 1,300 children. On arrival at the Teddy Bear Hospital on campus, the children will go to the ‘waiting room’, which contains jugglers and face painters. Then the children and their teddy bears are seen by a team of Teddy Doctors and Teddy Nurses, who will examine them. The students will have specially designed X-ray and MRI machines on hand, should the teddy bears need them. 

Recuperating teddy bears can avail of medical supplies from the Teddy Bear Pharmacy, stocked with healthy fruit from Burkes Fruit and Veg and Fyffes, along with medical supplies sponsored by Matt O’Flaherty Chemist.

After all this excitement the children can enjoy a bouncy castle and entertainment from the juggling society in the college. Further sponsorship for the event came from Bank of Ireland, Dunnes Stores, Mr Price Terryland, Butlers Chocolates, MPS and Evergreen.

Ríona Hughes, NUI Galway’s Societies Officer, said: “The Teddy Bear hospital is a magical opportunity for the society to invite the children and their teddies to campus and provide a valuable learning experience for all. It is one of the NUI Galway societies’ most colourful and endearing community outreach programme and we are thrilled with its success. Congratulations to Sláinte Society who engage such a large number of our students in this event for such a positive purpose and we look forward to a rewarding few days for all involved.”

-Ends-

 

Déanann Mic Léinn Leighis OÉ Gaillimh ceiliúradh ar Dhá Bhliain Déag d'Ospidéal na mBéiríní 

Den dara bliain déag as a chéile, beidh Otharlann na mBéiríní, ar oscailt in OÉ Gaillimh, Déardaoin, an 19 agus Dé hAoine, an 20 Eanáir. Tiocfaidh breis agus 1,300 béirín tinn chun na hotharlainne lena bhfeighlithe, 1,300 páiste bunscoile.

Is é an Cumann Sláinte, craobh OÉ Gaillimh de Chónaidhm Idirnáisiúnta Chumann na Mac Léinn Leighis, agus suas le 200 mac léinn leighis agus eolaíochta a bheidh ar láimh le scrúdú leighis a dhéanamh ar na béiríní agus le cóir leighis a chur orthu. Tá súil acu go gcuideoidh an ócáid le páistí, idir 3-8 mbliana d’aois, a bheith ar a suaimhneas nuair a bheidh siad ag an dochtúir nó san otharlann.

Thar na blianta, thug páistí béiríní chuig an otharlann agus iad ag samhlú go raibh réimse leathan tinnis ag gabháil dóibh cosúil le cluasa tinne, boilg bhreoite agus gach cineál gearán eile faoin spéir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sally Cahill, mac léinn leighis sa dara bliain in OÉ Gaillimh agus comh-iniúchóir an Chumainn Sláinte: “I mbliana táimid ag déanamh ceiliúradh ar dhá bhliain déag d'Ospidéal na mBéiríní. Le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar líon na scoileanna atá ag iarraidh freastal ar an ócáid agus, dá bharr sin, tá an ócáid i bhfad níos mó anois chun béiríní na Gaillimhe ar fad a leigheas. Beimid ag súil go mór na chéad ‘othair’ a fheiceáil Déardaoin, an 19 Eanáir agus tá súil againn ospidéal taitneamhach a chruthú do na gasúir ar an lá.”

I mbliana, tá 25 bunscoil áitiúil páirteach san ócáid, sin os cionn 1,300 gasúr. Nuair a thagann na páistí chuig Otharlann na mBéiríní ar an gcampas, rachaidh siad chuig an 'seomra feithimh', áit a mbeidh lámhchleasaithe agus maisitheoirí aghaidheanna ag fanacht leo. Ansin buailfidh na páistí agus na béiríní le foireann de Dhochtúirí Béiríní agus d’Altraí Béiríní a chuirfidh scrúdú leighis orthu. Beidh meaisíní speisialta X-gha agus MRI ag na mic léinn ar fhaitíos go mbeidís ag teastáil ó na béiríní. 

Beidh Cógaslann Béiríní ann chomh maith, agus beidh torthaí sláintiúla ó Burkes Fruit and Veg agus Fyffes ann mar aon le soláthairtí leighis urraithe ag Cógaslann Matt O’Flaherty le cóir leighis a chur ar na béiríní.

Nuair a bheidh an méid sin curtha díobh acu beidh deis ag na gasúir spraoi a bhaint as preabchaisleán agus beidh cumann lámhchleasaíochta an choláiste i mbun siamsaíochta. Rinne Banc na hÉireann, Dunnes Stores, Mr Price Thír Oileáin, Butlers Chocolates
, MPS agus Evergreen urraíocht ar an ócáid chomh maith.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ríona Hughes, Oifigeach na gCumann in OÉ Gaillimh: “Is deis iontach é Ospidéal na mBéiríní don chumann chun cuireadh a thabhairt do pháistí agus a mbéiríní chuig an gcampas agus chun taithí luachmhar foghlama a thabhairt do chách. Tá sé ar cheann de na cláir for-rochtana pobail is deise agus is spraíúla atá idir lámha ag cumainn OÉ Gaillimh agus táimid an-bhródúil as chomh maith agus a éiríonn leis an ócáid. Comhghairdeas leis an gCumann Sláinte a thugann deis do líon chomh mór dár gcuid mac léinn a bheith rannpháirteach san ócáid seo do chúis chomh dearfach agus tá súil againn go mbainfidh gach a mbeidh páirteach an-sult as an gcúpla lá seo.”

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories