NUI Galway relaunch iPoints app in line with new Leaving Certificate Common Points Scale

NUI Galway's iPoints app
Aug 14 2017 Posted: 16:05 IST

NUI Galway has relaunched its iPoints app, addressing the new Common Points Scale, which is now in effect for all Leaving Certificate students.  The app will allow Leaving Certificate students to quickly and easily calculate their points when they receive their exam results and is available through iTunes for both iPhone and iPad.

The NUI Galway iPoints app is available for all iPhone and iPad users on the iTunes store now www.tinyurl.com/NUIGalwayApp 

The app calculates the number of points attained in each subject, in line with the revised Common Points Scale, and indicates the total. The app calculates 25 additional points to be added for Higher Maths if relevant, and allows for Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) scores to be included.

The app also gives students the option to share their results by text message, or through social media channels, such as Facebook and Twitter, if they wish.

Commenting on the app, Stephen O’Dea, Admissions Officer at NUI Galway said: “Unlike the old Leaving Certificate points, the new Common Points Scale is designed to minimise the impact of random points’ allocation as fewer individuals will end up with the same score. This has been achieved by using a non-linear scale. The downside of this of course is the points awarded for individual grades are slightly less memorable than before. As it’s the first year of operation, many will be unfamiliar with the new scale so the iPoints app will offer Leaving Certificate students an easy way to quickly calculate their total score.”

___________________________________________________

Déanann OÉ Gaillimh an aip iPoints a athsheoladh chun teacht leis an gComhscála Pointí nua don Ardteistiméireacht

Tá an aip iPoints athsheolta ag OÉ Gaillimh, ag tabhairt san áireamh an Comhscála Pointí nua, atá i bhfeidhm anois do gach scoláire Ardteistiméireachta.  Tabharfaidh an aip deis do scoláirí Ardteistiméireachta a gcuid pointí a ríomh go tapa agus go héasca nuair a fhaigheann siad a gcuid torthaí scrúdaithe agus tá sé ar fáil ar iTunes don iPhone agus don iPad.

Tá aip iPoints OÉ Gaillimh ar fáil do gach úsáideoir iPhone agus iPad sa siopa iTunes anois www.tinyurl.com/NUIGalwayApp

Ríomhann an aip líon na bpointí a bhaintear amach i ngach ábhar, ag teacht leis an gComhscála Pointí leasaithe, agus tugann sé an t-iomlán. Ríomhann an aip 25 pointe breise don Mhatamaitic Ardleibhéil más cuí, agus cuimsíonn sé na scóir do Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT).

Tugann an aip deis do mhic léinn chomh maith a gcuid torthaí a roinnt ar theachtaireacht téacs, nó ar na meáin shóisialta cosúil le Facebook agus Twitter, más mian leo sin a dhéanamh.

Ag labhairt dó faoin aip dúirt Stephen O’Dea, Oifigeach Iontrála in OÉ Gaillimh: “Ní hionann agus seanchóras pointí na hArdteistiméireachta, tá an Comhscála Pointí nua leagtha amach chun tionchar leithdháileadh randamach na bpointí a laghdú mar ní bheidh an oiread céanna daoine ag fáil an líon céanna pointí. Bainfear é seo amach trí scála neamhlíneach a úsáid. Is é an míbhuntáiste a bhaineann leis seo ar ndóigh ná nach bhfuil sé chomh héasca cuimhneamh ar na pointí a bhronntar do na gráid ar leith is a bhí cheana.  Ós rud é gurb é seo an chéad bhliain don chóras seo, beidh go leor daoine nach bhfuil ar an eolas faoin scála nua agus mar sin is bealach éasca é an aip iPoints ag scoláirí Ardteistiméireachta a scór iomlán a ríomh.”

-Críoch- 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories