NUI Galway Engineering Maths Qualifying Exam Offers Leaving Cert Students a Second Chance

Aug 09 2017 Posted: 15:47 IST

The College of Engineering and Informatics at NUI Galway has announced details of this year’s Engineering Maths Qualifying Exam which gives students a second chance to pursue a career in engineering. The exam, which takes place on Wednesday, 23 August, is for students who achieve the CAO points for an undergraduate engineering degree course at NUI Galway but who have not met the obligatory maths requirement.

For more than 20 years NUI Galway has provided this exam to help applicants who did not achieve the required grade H4 or better in higher level mathematics. Those who took lower level maths in the Leaving Cert may also apply for the exam. Students who pass this examination will be deemed to have satisfied the maths requirement and, providing they have the necessary points, will receive an additional CAO offer at Round Two.

NUI Galway will also hold an intensive preparatory course for applicants intending to sit the exam. This free course will run from 17-22 August. The aim of the course is to bridge the gap between the Leaving Certificate lower level and that required to be successful in the exam. This will be achieved by tackling a variety of problems of increasing difficulty. Learning how to approach a problem and apply the knowledge available will be emphasised.

Professor Peter McHugh, Dean of Engineering and Informatics at NUI Galway, said: “Engineers are designers and problem solvers, who innovate and generate the technology of tomorrow. Because of this, engineering programmes are focused on developing analytical and problem solving skills, and therefore require significant use of mathematics and applied mathematics. Every year we see a number of promising students who perform poorly on the day of the Leaving Cert exam. The Engineering Mathematics Qualifying Examination provides students with a second chance to demonstrate that they have the necessary standard in maths. Over the years, we have had some exceptionally talented students graduate and pursue successful careers in engineering because they were given the second chance which this exam represents.”

NUI Galway offers students an undenominated entry to engineering. This programme is specifically designed for students who are interested in becoming an engineer, but are uncertain as to which field they want to specialise in. This programme offers students the option of studying engineering in a general way for one year before going on to specialise in their chosen field in year two.

To apply for the Engineering Maths Qualifying Exam please visit: http://www.nuigalway.ie/engineering-informatics/undergraduatestudents/engineeringmathsqualifyingexamination/ Those interested in the revision maths course should visit  http://www.nuigalway.ie/engineering-informatics/undergraduatestudents/engineeringmathsqualifyingexaminationpreparatorycourse/    for further details.

-Ends-

______________________________________ 

Seans Eile á thabhairt ag OÉ Gaillimh do Mhic Léinn na hArdteistiméireachta trí Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta a Reáchtáil

Tá Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice in OÉ Gaillimh i ndiaidh sonraí a chur ar fáil faoi Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta, scrúdú a thugann seans eile do mhic léinn tabhairt faoi ghairm na hinnealtóireachta. Beidh an scrúdú ar siúl Dé Céadaoin, an 23 Lúnasa, agus tá sé dírithe ar mhic léinn a bhaineann na pointí cuí CAO amach chun cúrsa céime san innealtóireacht a dhéanamh in OÉ Gaillimh ach nach bhfuil an marc riachtanach acu sa mhatamaitic.

Le breis agus scór bliain anuas, tá an scrúdú seo á reáchtáil ag OÉ Gaillimh chun cabhrú le hiarratasóirí nár éirigh leo an grád riachtanach H4 nó os a chionn a bhaint amach sa pháipéar matamaitice ardleibhéil. Féadfaidh daoine nach ndearna ardleibhéal matamaitice san Ardteistiméireacht cur isteach ar an scrúdú chomh maith. Má fhaigheann mac léinn pas sa scrúdú seo beidh an riachtanas matamaitice comhlíonta aici/aige agus gheobhaidh sí/sé tairiscint eile ó CAO i mBabhta 2, ach na pointí riachtanacha a bheith aici/aige.

Chomh maith leis sin, beidh dianchúrsa ullmhúcháin ar siúl in OÉ Gaillimh roimh ré dóibh siúd ar mian leo an scrúdú a dhéanamh. Beidh an cúrsa saor in aisce seo ar siúl ón 17-22 Lúnasa. Is é an aidhm atá leis an gcúrsa seo cur lena mbíonn foghlamtha ag daltaí ag an ngnáthleibhéal san Ardteistiméireacht, le go n-éireoidh leo sa scrúdú matamaitice. Cuirfear é seo i gcrích trí dhul i ngleic le fadhbanna éagsúla ag leibhéil éagsúla deacrachta. Cuirfear béim ar an gcaoi le tabhairt faoi fhadhb agus ar an gcaoi a gcuirfear an t-eolas atá ar fáil i bhfeidhm.

Dúirt an tOllamh Peter McHugh, Déan na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice in OÉ Gaillimh: “Is ionann innealtóirí agus dearthóirí agus daoine atá go maith ag réiteach fadhbanna, a chruthaíonn agus a chuireann teicneolaíocht na linne seo romhainn ar fáil. Dá bharr seo, tá na cláir innealtóireachta seo dírithe ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna anailíseacha agus ar scileanna chun fadhbanna a réiteach, agus dá bhrí sin, caithfear úsáid shuntasach a bhaint as matamaitic agus as matamaitic fheidhmeach. Gach bliain feicimid daltaí cumasacha nach ndéanann chomh maith agus a d’fhéadfaidís ar lá an scrúdaithe Ardteistiméireachta. Tugann an Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta deis eile do dhaltaí léiriú go bhfuil an caighdeán riachtanach sa mhatamaitic bainte amach acu. I gcaitheamh na mblianta, d’éirigh le roinnt mic léinn a raibh cumas eisceachtúil iontu céim a bhaint amach agus dul sa tóir ar shlí bheatha dóibh féin san innealtóireacht mar go bhfuair siad an dara deis leis an scrúdú áirithe seo.”

Tá cúrsa céime neamhainmnithe san innealtóireacht ar tairiscint do mhic léinn in OÉ Gaillimh. Tá an clár seo dírithe go háirithe ar mhic léinn a bhfuil suim acu a bheith ina n-innealtóirí ach nach bhfuil siad cinnte cén réimse ar mhaith leo díriú air. Tugann an clár seo deis do mhic léinn staidéar ginearálta a dhéanamh ar an innealtóireacht ar feadh bliana sula roghnaíonn siad a réimse speisialtóireachta i mbliain a dó. 

Chun iarratas a dhéanamh ar an Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta téigh chuig: http://www.nuigalway.ie/engineering-informatics/undergraduatestudents/engineeringmathsqualifyingexamination/ Ba chóir do dhaoine ar spéis leo an cúrsa ullmhúcháin a dhéanamh dul chuig  http://www.nuigalway.ie/engineering-informatics/undergraduatestudents/engineeringmathsqualifyingexaminationpreparatorycourse/ chun tuilleadh eolais a fháil.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories