LEABHAR NUAFHOILSITHE SEOLTA AG CATHAL GOAN

Sa ghriangraf tá (ó chlé) Dr Peadar Ó Muircheartaigh; Cathal Goan, iar-Stiúrthóir Ginearálta RTÉ agus iar-Cheannasaí TG4; agus An Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge agus duine d’eagarthóirí an leabhair.
Apr 21 2016 Posted: 09:08 IST

Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil

Sheol iar-Stiúrthóir Ginearálta RTÉ agus iar-Cheannasaí TG4, Cathal Goan, an leabhar nuafhoilsithe Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil aréir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chaith Nollaig Mac Congáil daichead bliain ina Léachtóir agus ina Ollamh i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go dtí 2014. Bhí sé ina Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid ar an ollscoil chéanna chomh maith. Chuir sé go mór le léann na teangeolaíochta feidhmí agus na canúineolaíochta chomh maith le léann na meán Gaeilge. Tá aithne ag pobal léitheoireachta na Gaeilge air mar chraobh chosanta agus mar eagarthóir cáiréiseach ar go leor de sheoda liteartha Chúige Uladh.

Dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge agus duine d’eagarthóirí an leabhair: "Is tráthúil go mbronnfaí an fhéilscríbhinn seo ar Nollaig anois agus é éirithe as, féilscríbhinn atá ina comhartha ómóis agus spéise ar scoth an oide, ar chomhghleacaí tacúil agus ar thaighdeoir críochnúil." Iar-chomhghleacaí agus iarmhac léinn le Nollaig iad na heagarthóirí, John Walsh agus an Dr Peadar Ó Muircheartaigh ó Ollscoil Aberystwyth. Dúirt an Dr Ó Muircheartaigh: "Léiriú grinn ar an ardmheas atá ar Nollaig, sa bhaile agus thar lear, atá sa leabhar toirtiúil seo, ardmheas atá tuillte go maith aige."

Dúirt an Dr Aidan Doyle, Léachtóir Sinsearach Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh: "Is bailiúchán breá aistí é seo a thugann an-léargas dúinn ar na réimsí léinn ba mhó a chothaigh Nollaig Mac Congáil féin agus é i mbun taighde agus múinteoireachta. Bainfidh idir lucht acadúil agus an pobal mór an-taitneamh agus an-tairbhe as a bhfuil idir dhá chlúdach an leabhair."

Beidh AG SIÚL AN BHEALAIGH MHÓIR: AISTÍ IN ÓMÓS DON OLLAMH NOLLAIG MAC CONGÁIL ar fáil ó ÁIS, nó ar an suíomh www.leabhaircomhar.com.

Tá an leabhar ar fáil sna siopaí ar chostas €20. ISBN 978-0-9927313-8-0.

-Críoch-

Newly Published Book Launched By Cathal Goan at NUI Galway

Ag Siúl An Bhealaigh Mhóir: Aistí In Ómós Don Ollamh Nollaig Mac Congáil

The former RTÉ Director-General and former Ceannasaí of TG4, Cathal Goan, launched a newly-published book Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós Don Ollamh Nollaig Mac Congáil, at NUI Galway this week.

Nollaig Mac Congáil spent 40 years as a Lecturer and Professor in the Department of Irish at NUI Galway until his retirement in 2014. He also served as Registrar and Deputy President of the University. During his career, he contributed significantly to the fields of applied linguistics, dialectology and Irish language media. From Derry originally, Professor Mac Congáil is known in particular for his work in analysing and editing classic literary works written in Ulster Irish during the 20th Century. 

Dr John Walsh, Senior Lecturer in Irish at NUI Galway and one of the book’s editors said: “It is appropriate that this Festschrift be presented now to Nollaig following his retirement as a mark of respect to an excellent teacher, a supportive colleague and a meticulous researcher.”  

Dr Walsh is a former colleague of Professor Mac Congáil and his co-editor Dr Peadar Ó Muircheartaigh from Aberystwyth University in Wales is a former pupil. Dr Ó Muircheartaigh said: “This book illustrates clearly the high esteem in which Nollaig is held both at home and abroad, a respect which is well deserved.” 

The book contains 18 essays by respected Irish language academics based in Ireland and elsewhere, and includes contributions by former colleagues and students. 

Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós Don Ollamh Nollaig Mac Congáil is available to buy at www.leabhaircomhar.com at a price of €20. ISBN 978-0-9927313-8-0.

ENDS

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories