NUI Galway Introduce New Pilot Scheme for A-Level Students

Jan 05 2015 Posted: 10:28 GMT

NUI Galway today announced a new one-year pilot scheme for GCE A-Level students for entry in September 2015. This initiative is intended to increase the number of Northern Ireland students attending NUI Galway with approximately 200 places across more than 50 undergraduate programmes, with the exception of Medicine due to the HPAT (Health Professions Admission Test) requirement, will be made available to students sitting 3 or more A-Levels under the scheme.

Currently the A-Level to Leaving Certificate points conversion model is based on 4 A-Levels being the equivalent to 6 Leaving Certificate exams. Approximately 80% of A-Level students only sit 3 A-Levels, which means the maximum number of points for these students is 450 points. In addition to this, a student might earn up to 65 points if they sat a fourth AS-Level, but this cohort is in the minority.

For each course, A-Level students will be ranked in order of their achievement in their best 3 GCE A-Level exams and places would be offered to the applicants who rank highest, to fill agreed scheme quota places per programme. As with CAO applicants, all other minimum entry requirements will also need to be met, including:

  • Applicants must meet all matriculation requirements for that programme
  • Meet all other course specific requirements, e.g. minimum grade language requirements.

Speaking on the new initiative, Registrar and Deputy President Professor Pól Ó Dochartaigh explained: “Historically, the percentage of students from Northern Ireland and the UK studying at Universities in the Republic has been surprisingly low. There are many reasons for this and one of those is the grade equivalences between A-Levels and Leaving Certificate points. At NUI Galway we have seen a big increase in the level of interest in our courses from A-Level students. We are committed to urging the Irish Higher Education sector to review our entry routes for these students. This pilot is an important first step in opening up entry routes to broader cohorts of students at NUI Galway.”

Applications for the students chosen course can be done through the CAO by 1st February 2015 and entry onto the scheme will be automatic, once eligibility has been established.

For further information see on Central Admissions Office (CAO) see www.cao.ie. For more information on courses available at NUI Galway visit http://www.nuigalway.ie/alevelentryscheme or visit the University YouTube channel www.youtube.com/user/thinkingaboutnuig

-Ends-

Cuireann OÉ Gaillimh tús le Scéim Phíolótach nua do dhaltaí A-Leibhéal

Inniu, d'fhógair OÉ Gaillimh scéim phíolótach nua bliana do dhaltaí A-Leibhéal GCE d'iontráil i mí Mheán Fómhair 2015. Táthar ag súil go gcuirfidh an tionscnamh le líon na ndaltaí as Tuaisceart Éireann a fhreastalaíonn ar OÉ Gaillimh trí thart ar 200 áit a chur ar fáil ar bhreis is 50 clár fochéime do dhaltaí atá i mbun trí cinn nó níos mó A-Leibhéal. Ní bheidh feidhm ag an scéim do chúrsaí Leighis mar gheall ar an riachtanas HPAT (Tástáil Iontrála na nGairmeacha Sláinte).

Faoi láthair is ionann ceithre ábhar A-Leibhéal agus sé ábhar Ardteistiméireachta nuair atá na pointí á gcur le chéile. Déanann thart ar 80% de dhaltaí A-Leibhéal trí ábhar A-Leibhéal, rud a chiallaíonn gurb é 450 pointe an t-uasmhéid pointí is féidir leo a bhaint amach. Lena chois sin, d'fhéadfadh dalta 65 pointe breise a bhaint amach dá dtabharfadh sé/sí faoin gceathrú AS-Leibhéal, ach is beag duine a dhéanann é seo.

Do gach cúrsa, rangófar daltaí A-Leibhéal de réir chomh maith is a éiríonn leo sna trí scrúdú A-Leibhéal GCE is fearr atá acu agus tairgfear áiteanna do na hiarratasóirí is fearr a chruthaíonn, chun an cuóta áiteanna comhaontaithe a líonadh. Mar atá i gcás iarratasóirí CAO, beidh ar na daltaí seo na híosriachtanais iontrála ar fad a chomhlíonadh chomh maith, lena n-áirítear:

  • Caithfidh iarratasóirí na riachtanais mháithreánacha ar fad a bhaineann leis an gclár faoi leith a chomhlíonadh
  • Caithfidh iarratasóirí gach riachtanas sonrach a bhaineann leis an gcúrsa a chomhlíonadh, e.g. riachtanais íosghráid teanga.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh nua, dúirt an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Go stairiúil, tá an céatadán de dhaltaí ó Thuaisceart Éireann agus ón Ríocht Aontaithe a dhéanann staidéir in Ollscoileanna sa Phoblacht thar a bheith íseal. Is iomaí cúis leis seo agus ar cheann acu sin tá na comhionannais ghráid idir A-Leibhéil agus pointí na hArdteistiméireachta. In OÉ Gaillimh tá méadú mór feicthe againn ar an spéis atá daltaí A-Leibhéal a chur inár gcúrsaí. Táimid meáite ar iarraidh ar an earnáil ardoideachais in Éirinn athbhreithniú a dhéanamh ar na bealaí iontrála do na daltaí seo. Is céim thábhachtach í an scéim phíolótach seo maidir leis na bealaí iontrála in OÉ Gaillimh a oscailt amach do réimse níos leithne daltaí.

Is féidir le daltaí iarratas a dhéanamh ar a rogha cúrsa tríd an CAO faoin 1 Feabhra 2015 agus cuirfear isteach ar an scéim iad go huathoibríoch, chomh luath is a bheidh incháilitheacht dearbhaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar láithreán gréasáin na Lár-Oifige Iontrála (CAO) ar www.cao.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chláir atá ar fáil in OÉ Gaillimh téigh chuig http://www.nuigalway.ie/alevelentryscheme nó chuig cainéal YouTube na hOllscoile www.youtube.com/user/thinkingaboutnuig

- Críoch -

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories