NUI Galway Opens its Doors for Autumn Open Days

Professor Eamon O’Shea, Professor of Economics at NUI Galway and Manager of the Tipperary Senior Hurling Team.
Sep 16 2014 Posted: 10:26 IST

Guest Speakers include Tipperary Senior Hurling Team Manager Eamon O’Shea

NUI Galway invites all CAO applicants, fourth and fifth year students, parents/guardians, mature students teachers and Guidance Counsellors to its annual Autumn Open Days on Friday, 3 October and Saturday, 4 October. Friday's Open Day will run from 9am to 3pm and is aimed at school groups, although individuals are also welcome to attend. Running from 10am to 3pm, Saturday's Open Day is for students thinking about university and their parents and families.

Open Day is an opportunity for students, along with their parents and families, to explore NUI Galway’s campus and to learn more about the over 60 degree courses that NUI Galway offers.

The Open Days are expected to attract some 8,000 visitors. Lecturers and current students will be on hand to talk to students and parents at the main exhibition area in the Bailey Allen Hall, with over 80 subject-specific exhibition stands to answer questions on courses, CAO points, employability, and career progression routes.

The ‘Parents Programme’ on Saturday, 4 October will provide parents and students with information on important issues such as fees and funding, careers, accommodation, career destinations and support services for students. This year NUI Galway will host an Alumni event for its graduates. Taking place on Saturday, 4 October at 2pm, the event will include a series of short talks from the University’s leading experts including Professor Alan Ahearne, Head of Economics and Professor Hubert McDermott, Department of English to mention but a few.

The Open Days will feature a mix of taster sessions and short lectures to provide a feel for university life. Events will include hands-on science workshops and interactive sessions with IT systems and robotics.

To get the most out of the Open Days visitors are encouraged to view the timetable of talks at www.nuigalway.ie/opendays and plan your day.

Talk highlights include:

  • New Scholarship Schemes for 2014 including CAO Performance Points Scholarships in Sports and Arts and Excellence Scholarships.
  • A guest appearance and talk about Sports at the University with Eamon O’Shea, Professor of Economics at NUI Galway and Manager of the Tipperary Senior Hurling Team.
  • Career talks - “Where are the jobs? What are my employment prospects after University?”

Taster sessions designed to give a real insight into studying at NUI Galway will include:

  • Physics - A brilliant career from lasers to the Universe.
  • Take a 3D tour of the Universe with The Centre for Astronomy, which will take visitors on a trip from the earth to nearby starts, across our Galaxy to groups of stars, and finally through the whole Universe.
  • Medicine, Nursing and Health Sciences – Introduction to the Healthcare Programmes.
  • Arts – BA Connect Programme in Drama, Theatre and Performance studies.

Caroline Loughnane, Director of Marketing and Communications at NUI Galway, said: “Choosing a university is one of the most important decisions a student will ever make. The Autumn Open Days is the perfect opportunity for students and parents to get a taste of university life and to gain access to all of the information they need to make that important decision. We are encouraging anyone with an interest in studying at NUI Galway to come along, talk to our lecturers and current students, find out about the courses, explore the campus and decide for yourselves whether NUI Galway is the right university for you.”

Tours of the campus will feature the state-of the-art sports complex and gym, and the new Engineering Building. Tours of student accommodation will also be available to visitors on the day, with the tour shuttle bus departing. Guided walking tours of the main campus will also take place throughout the afternoon.

To plan your day in advance and receive a programme on Open Day 2014 visit www.nuigalway.ie/opendays, or contact 091 494145 or visit@nuigalway.ie.

-Ends-

Laethanta Oscailte an Fhómhair in OÉ Gaillimh

I measc na n-aoichainteoirí tá Bainisteoir Fhoireann Sinsir Iománaíochta Thiobraid Árann Eamon O’Shea

Ba mhaith le OÉ Gaillimh cuireadh a thabhairt do gach iarrthóir CAO, do dhaltaí sa cheathrú agus sa chúigiú bliain, do thuismitheoirí/do chaomhnóirí, do mhic léinn aibí, do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí teacht chuig Laethanta Oscailte an Fhómhair Dé hAoine, an 3 Deireadh Fómhair agus Dé Sathairn, an 4 Deireadh Fómhair. Dírithe ar ghrúpaí scoile atá an Lá Oscailte a bheidh ar siúl idir 9am agus 3pm Dé hAoine, cé go mbeidh fáilte roimh dhuine ar bith cuairt a thabhairt ar an Ollscoil an lá sin chomh maith. Is do mhic léinn atá ag smaoineamh ar aghaidh a thabhairt ar an Ollscoil, dá dtuismitheoirí agus dá dteaghlach an Lá Oscailte, a bheidh ar siúl idir 10am agus 3pm Dé Sathairn.

Deis atá sa Lá Oscailte do mhic léinn, dá dtuismitheoirí agus dá dteaghlaigh aithne a chur ar champas OÉ Gaillimh agus foghlaim faoin mbreis is 60 cúrsa céime atá ar fáil san Ollscoil. 

Meastar go bhfreastalóidh timpeall 8,000 duine ar na Laethanta Oscailte. Beidh léachtóirí agus mic léinn reatha ar láimh le labhairt le daltaí agus le tuismitheoirí i Halla Bailey Allen, áit a mbeidh os cionn 80 seastán ábhair ar taispeáint chun ceisteanna faoi chúrsaí, pointí CAO, fostaíocht, agus bealaí chun cinn i ngairmeacha a fhreagairt.

Beidh eolas le fáil ag tuismitheoirí agus ag daltaí i ‘gClár na dTuismitheoirí’ Dé Sathairn, an 4 Deireadh Fómhair faoi cheisteanna móra cosúil le táillí agus maoiniú, gairmeacha, lóistín, cinn scríbe gairmeacha agus seirbhísí tacaíochta do mhic léinn. Beidh ócáid Alumni ar siúl ag OÉ Gaillimh i mbliana dá céimithe. Dé Sathairn, an 4 Deireadh Fómhair ag 2pm, tabharfaidh saineolaithe na hOllscoile cosúil leis an Ollamh Alan Ahearne, Ceann na hEacnamaíochta agus an tOllamh Hubert McDermott, as Roinn an Bhéarla, sraith cainteanna gairide.

Beidh idir sheisiúin agus léachtaí gairide ar siúl i rith na Laethanta Oscailte le blaiseadh a thabhairt do chách ar an gcineál saoil a chaitheann mic léinn in OÉ Gaillimh. I measc na n-imeachtaí beidh ceardlanna praiticiúla eolaíochta agus seisiúin idirghníomhacha le córais IT agus róbataic.

Chun an tairbhe is fearr a bhaint as na Laethanta Oscailte moltar do chuairteoirí breathnú ar amchlár na gcainteanna ag www.nuigalway.ie/opendays agus an lá a phleanáil dóibh féin.

Ar na cainteanna is suimiúla tá siad seo a leanas:

  • Scéimeanna Nua Scoláireachta 2014 cosúil le Scoláireachtaí na bPointí Breise CAO sa Spórt agus sna hEalaíona agus na Scoláireachtaí Sármhaitheasa.
  • Labhróidh Eamon O’Shea, Ollamh le hEacnamaíocht in OÉ Gaillimh agus Bainisteoir ar Fhoireann Sinsir Iománaíochta Thiobraid Árann, faoi Spórt san Ollscoil.
  • Léacht na nGairmeacha - “Cá bhfuil na poist? Cén rogha gairmeacha atá agam i ndiaidh na hOllscoile?”

I measc na léachtaí gairide a bheas ar siúl chun blaiseadh a thabhairt duit don staidéar in OÉ Gaillimh tá siad seo a leanas:

  • An Fhisic - Gairm den scoth ó léasair go dtí an chruinne.
  • Téigh ar thuras 3D den Chruinne le hIonad na Réalteolaíochta. Tabharfaidh an tIonad cuairteoirí ar aistear ón domhan seo timpeall an réaltra chuig grúpaí réalta, agus timpeall na cruinne ar fad.
  • Leigheas, Altranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – Blaiseadh de na Cláir sa Chúram Sláinte.
  • Na Dána – An Clár BA Connect sa Drámaíocht, i Léann na hAmharclannaíochta agus sa Taibhiú.

Dúirt Caroline Loughnane, an Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide in OÉ Gaillimh: “Ceann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanfaidh mac léinn go brách an ollscoil a bhfreastalóidh sé/sí uirthi a roghnú. Deis iontach iad Laethanta Oscailte an Fhómhair do mhic léinn agus do thuismitheoirí blaiseadh a fháil de shaol na hollscoile agus an t-eolas ar fad atá uathu a bhailiú a chuirfidh ar a gcumas an cinneadh tábhachtach sin a dhéanamh. Molaimid do dhuine ar bith ar spéis leo staidéar in OÉ Gaillimh teacht chuig an Lá Oscailte, labhairt leis na léachtóirí agus leis na mic léinn reatha, eolas a fháil faoi chúrsaí, aithne a chur ar an gcampas agus a fháil amach duit féin an bhfeileann OÉ Gaillimh duitse.”

Ar thurais den champas, taispeánfar an t-ionad spóirt le giomnáisiam den scoth mar aon leis an bhFoirgneamh nua Innealtóireachta. Beidh turais de lóistín na mac léinn ar fáil do chuairteoirí ar an lá chomh maith agus beidh seirbhís bus ar fáil chuige seo. Beidh turais treoraithe siúil den champas ar siúl ar feadh an tráthnóna chomh maith.

Chun do lá a leagan amach agus clár a fháil do Laethanta Oscailte 2014 féach www.nuigalway.ie/opendays, nó déan teagmháil le 091 494145 nó visit@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext