Boston Mayor Visits NUI Galway

Pictured is Mayor of Boston Marty ā€˜Jā€™ Walsh and President of NUI Galway, Dr Jim Browne with students from Boston College Study Abroad
Sep 23 2014 Posted: 10:53 IST

Research & Innovation Links on Agenda for Inaugural Visit to Galway


Today on the NUI Galway campus, the recently-elected Mayor of Boston, Martin J. (“Marty”) Walsh will be hosted by the University President, Dr Jim Browne at an event that will include NUI Galway research leaders, colleagues from IDA Ireland as well as high-level representatives from IDA and EI client companies with strong Boston-Galway connections.


This occasion will focus on the opportunities for further collaboration between Boston and Galway in the context of the global knowledge-based economy, specifically on the development of research and innovation links between Galway’s University and organisations in the Boston area.


In advance of the Mayor’s visit, President of NUI Galway, Dr Jim Browne said: “Galway and Boston share many strong links in culture, in education and in business life. I am delighted to welcome Mayor Walsh to NUI Galway and I look forward to working with him to build on our regions’ shared heritage to create stronger, more dynamic research and academic links between Boston and Galway.”


Elected in November 2013, this is the first official visit of Mr Marty J. Walsh as Mayor of Boston to the home of his emigrant parents. The ten-day trip will see the Mayor attend meetings with representatives of government, business and industry throughout the country.


Mayor Walsh's parents, both from Connemara in County Galway, emigrated from Ireland in the 1950s and went to Boston. Having met in a dance hall, John and Mary Walsh married and settled in St. Margaret’s Parish, Dorchester where he and his brother Johnny grew up, and where his mother still lives.


Catherina Blewitt, West Regional Manager for the IDA, said: “On behalf of IDA Ireland I am delighted to welcome Mayor Walsh to Galway and to introduce him to client companies of IDA Ireland and to indigenous companies with strong Boston connections. There has been significant two-way activity between Greater Boston and Galway and we look forward to working with Mayor Walsh to strengthen our ties, forge new ones and encourage further investment activity for the mutual benefit of both locations”


The meeting at NUI Galway included senior representatives from the University, IDA Ireland as well as representatives from the American Chamber of Commerce West Branch and companies such as Boston Scientific, Fidelity, SmartBear Software, Aspect Software, Marvao Medical Devices, Covidien, Wayfair.


Earlier in the day the Mayor will have been the guest of Galway County Council at their meeting also on the NUI Galway campus.

ENDS

 

Cuairt Mhéara Bhostúin ar OÉ Gaillimh


Ceangal Taighde & Nuálaíochta ar an gClár Oibre don Chéad Chuairt ar Ghaillimh


Ar champas OÉ Gaillimh inniu chuir Uachtarán na hOllscoile, an Dr Jim Browne fáilte roimh Mhéara nua Bhostúin, Martin J. (“Marty”) Walsh ag ócáid ina raibh láithreacht ag ceannairí taighde OÉ Gaillimh, comhghleacaithe ó IDA Éireann mar aon le hionadaithe ardleibhéil ó chliantchuideachtaí IDA agus EI a bhfuil ceangal láidir acu le Bostún agus le Gaillimh.


Díreoidh an ócáid seo ar dheiseanna chun an comhoibriú idir Bostún agus Gaillimh a láidriú i gcomhthéacs an gheilleagair dhomhanda eolas-bhunaithe, go háirithe ar cheangal taighde agus nuálaíochta a fhorbairt idir an Ollscoil agus eagraíochtaí i réigiún Bhostúin.


Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne, faoi thábhacht na cuairte: “Is iomaí ceangal láidir atá idir Gaillimh agus Bostún maidir le cultúr, oideachas agus gnó. Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an Méara Walsh chuig OÉ Gaillimh agus táim ag súil le hoibriú leis chun tógáil ar an oidhreacht roinnte atá idir an dá réigiún chun ceangal taighde agus acadúil níos láidre agus níos dinimiciúla a chruthú idir Bostún agus Gaillimh.”


Toghadh an tUasal Marty J. Walsh ina Mhéara ar Bhostún i mí na Samhna 2013, agus is í seo an chéad chuairt oifigiúil aige ar áit dúchais a thuismitheoirí a chuaigh ar imirce go Meiriceá. I gcaitheamh na tréimhse deich lá a bheidh sé anseo freastalóidh an Méara ar chruinnithe le hionadaithe rialtais, gnó agus tionscail ar fud na tíre.


Ba de bhunú Chonamara i gContae na Gaillimhe iad tuismitheoirí Marty, agus d'fhág siad Éire sna 1950idí le dul go Bostún. Chas John agus Mary Walsh ar a chéile i halla damhsa agus phós siad i bParóiste St. Margaret, Dorchester, áit ar rugadh agus ar tógadh Marty agus a dheartháir Johnny. Tá a mháthair Mary fós ina cónaí ann.

Dúirt Catherina Blewitt, Bainisteoir Réigiúnach an Iarthair leis an IDA: “Thar ceann IDA Éireann tá fíoráthas orm fáilte a chur roimh an Méara Walsh go Gaillimh agus é a chur in aithne do chliantchuideachtaí de chuid IDA Éireann agus do chuideachtaí na tíre seo a bhfuil ceangal láidir acu le Bostún. Bhí gníomhaíocht shuntasach sa dá threo idir Mórcheantar Bhostúin agus Gaillimh agus táimid ag súil le hoibriú leis an Méara Walsh chun an ceangal atá againn cheana a neartú, chun naisc nua a chruthú agus chun breis infheistíochta a spreagadh amach anseo a rachaidh chun tairbhe don dá cheantar.”


I láthair ag an gcruinniú a bhí ar siúl in OÉ Gaillimh bhí ionadaithe sinsearacha ón Ollscoil, ó IDA Éireann chomh maith le hionadaithe ó Bhrainse an Iarthair de Chumann Lucht Tráchtála Mheiriceá agus cuideachtaí cosúil le Boston Scientific, Fidelity, SmartBear Software, Aspect Software, Marvao Medical Devices, Covidien, Wayfair.


Níos túisce sa lá d'fhreastail an Méara ar chruinniú de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe a bhí ar siúl ar champas OÉ Gaillimh chomh maith.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext