NUI Galway is only Irish university to rise in latest world rankings, taking third place nationally

Oct 02 2014 Posted: 09:11 IST

Rise in both THE and QS rankings testament to focus on ‘select set of research areas’

NUI Galway now ranks third place in Ireland and is the only Irish university to move up the Times Higher Education (THE) World University Rankings for 2014-15. With an increase of 53 places on last year’s position, two bands in this ranking survey, NUI Galway now ranks at 261st in the THE Rankings 2014/2015.

NUI Galway is the only Irish university to increase its position in the two main international rankings, having recently increased to 280th in the world in the QS World University Rankings 2014/2015.

The rise has been attributed to a concerted approach by the university in developing world-class research in specific fields including data analytics, biomedical science, marine and energy research, and digital humanities, NUI Galway President Dr Jim Browne explained: “This is a major improvement for NUI Galway and reflects a consistent upward trend in these very competitive global rankings. This major jump in NUI Galway’s position in THE World University Rankings this year is an affirmation of our very focused approach to developing our international reputation in a select set of research areas.

These areas of activity underpin our growing international research reputation and continue to attract researchers, scholars and international partners. As the only Irish university again to increase our position in both the 2014 THE World University Rankings and the recently published QS World University Rankings, it is beyond doubt that our position globally is on the rise. Despite significant cuts in overall funding at third-level in Ireland and increased student numbers, our University has gone against the tide to secure a consistent improvement in these very competitive rankings.”

The Times Higher Education World University Rankings were developed in concert with rankings data provider, Thomson Reuters, with expert input from more than 50 leading figures in the sector from 15 countries across every continent.

The Times Higher league table of the world’s top universities is based on 13 separate performance indicators covering all of the core missions of a world class university; teaching, research, knowledge transfer and international outlook. The survey also includes the world’s largest academic reputation survey, with more than 10,000 academics asked to rate the world’s best universities for the 2014 ranking.

President Browne added: “It will be critical for Ireland to maintain its investment in its universities if we are to remain internationally competitive. Every year, rankings such as this are broadened to include a burgeoning number of world-class universities. While the rankings evaluate universities against a limited range of measures, there is no doubting their influence on a University’s ability to attract international students. We operate in a global market, competing for students and research support on an international playing field. Support on a national level must be maintained for universities such as NUI Galway to continue with their success.”

The Times Higher Education (THE) World University Rankings for 2014-15 is available to view online at:
http://www.timeshighereducation.co.uk/world-university-rankings/

 

Is í OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil in Éirinn a d'ardaigh sna ranguithe domhanda is déanaí, agus tá sí sa tríú háit go náisiúnta

Teist é an t-ardú sna ranguithe THE agus QS ar an mbéim atá ar réimsí áirithe taighde

Tá OÉ Gaillimh anois sa tríú háit in Éirinn agus is í an t-aon ollscoil Éireannach í a rinne dul chun cinn i Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid Times Higher Education (THE) 2014-15. Tháinig ardú 53 áit ar an seasamh a bhain OÉ Gaillimh amach anuraidh, dhá bhanda sa suirbhé rangaithe seo, agus tá sí anois sa 261ú háit i Ranguithe THE 2014/2015. 

D’éirigh linn le gairid an 280ú háit a bhaint amach ar domhan i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain 2014/2015, agus is í OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn sa dá phríomhrangú idirnáisiúnta.

Cur chuige comhaontaithe ón ollscoil i leith taighde den chéad scoth a fhorbairt i réimsí ar leith lena n-áirítear anailísíocht sonraí, eolaíocht bhithleighis, taighde mara agus fuinnimh, agus daonnachtaí digiteacha is cúis leis an ardú seo, mar a mhínigh Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Is dul chun cinn ollmhór é seo do OÉ Gaillimh agus léiríonn sé ardú seasta sna ranguithe domhanda seo atá thar a bheith iomaíoch.  Is dearbhú í an léim mhór seo i mbliana ar sheasamh OÉ Gaillimh i Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid THE ar an gcur chuige thar a bheith dírithe atá againn i leith ár gcáil idirnáisiúnta a fhorbairt i réimsí áirithe taighde.   

Tacaíonn na réimsí gníomhaíochtaí seo lenár gcáil idirnáisiúnta taighde atá i mbun forbartha agus meallann siad taighdeoirí, scoláirí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta.   Ó tharla gur muid an t-aon ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn arís i Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid THE 2014 agus i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain a foilsíodh le gairid, tá sé ríshoiléir go bhfuil ár stádas domhanda ag dul ó neart go neart.  In ainneoin na gciorruithe suntasacha sa mhaoiniú trí chéile ag an tríú leibhéal in Éirinn agus méadú ar líon na mac léinn, tá an Ollscoil s’againne ar a mine géire le dul chun cinn leanúnach a dheimhniú sna ranguithe seo atá thar a bheith iomaíoch.”

Cuireadh Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid Times Higher Education le chéile i gcomhar le soláthróir sonraí rangaithe, Thomson Reuters, le hionchur sainiúil ó bhreis is 50 duine iomráiteach san earnáil ó 15 thír i ngach mór-roinn. 

Tá tábla sraithe an Times Higher Education de na hollscoileanna is fearr ar domhan bunaithe ar 13 tháscaire feidhmíochta ar leith a chlúdaíonn gach croímhisean a bheadh ag ollscoil den scoth; teagasc, taighde, aistriú eolais agus dearcadh idirnáisiúnta. Tá an suirbhé is mó ar domhan maidir le cáil acadúil áirithe sa suirbhé seo chomh maith. Fiafraíodh de bhreis is 10,000 duine acadúil na hollscoileanna is fearr a rátáil do rangú 2014. 

Dúirt an tUachtarán Browne chomh maith: “Is den riachtanas é go gcoinneoidh Éire ag infheistiú ina cuid ollscoileanna le gur féidir leo a bheith iomaíoch go hidirnáisiúnta. Gach bliain, leathnaítear ranguithe den chineál seo chun ollscoileanna eile den scoth a thógáil ar bord. Cé go measann na ranguithe ollscoileanna de réir slat tomhais atá sách srianta, níl aon dabht ach go bhfuil an-tionchar acu ar chumas atá ag Ollscoil mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh. Táimid ag feidhmiú i margadh domhanda, san iomaíocht do mhic léinn agus do thacaíocht taighde ar pháirc idirnáisiúnta. Caithfear an tacaíocht ag leibhéal náisiúnta a choinneáil d’ollscoileanna cosúil le OÉ Gaillimh chun go mbeidh an rath céanna uirthi amach anseo.”

 Tá Ranguithe Ollscoile Times Higher Education (THE) 2014-15 le feiceáil ar líne ag:

 http://www.timeshighereducation.co.uk/world-university-rankings/ 

-críoch-

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext