Gon uige seo, Saothar Mheitheal Scríbhneoirí á sheoladh in Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh

Michael D. Higgins agus Tony Christofides i mbun stailce ag Coláiste na hOllscoile Gaillimh, mar a bhí, ag deireadh na seascaidí
Nov 20 2013 Posted: 10:21 GMT

An Dr Lillis Ó Laoire, Ceann Scoile, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr a dhéanfaidh an seoladh.

Seolfaidh An Dr Lillis Ó Laoire, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí  agus na gCultúr, leabhar nua curtha i dtoll a chéile ag Pádraig Ó Cíobháin in Áras na Gaeilge ag 7.30 i.n.  Déardaoin 21 Samhain 2013. Is é Pádraig Ó Cíobháin, scríbhneoir agus múinteoir teanga páirtaimseartha i Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh, an t-idirghabhálaí.

Sé atá i Gon uige seo, diolaim den ábhar a cumadh le linn shraith ceardlanna feé stiúir Phádraig Uí Chíobháin i Seanscoil Shailearna i gCois Fharraige ó Shamhain 2010 go Bealtaine 2011. Litríocht phobail , sa chiall is leithne, dar le Ó Cíobháin, atá sa bhailiúchán seo.

Deir Ó Ciobháin nach saothar éinne amháin a bhfuil fé chlúid ach saothar mheithil scríbhneoirí a chuir a gcroí is a n-éirim go huile is go hiomlán san obair a bhí idir lámha acu. An táirge seo atá mar thoradh air, ábhar léitheoireachta is spreagtha dá bpobal féin, agus do Ghaelaibh go bhfuil d’aidhm acu an teanga gur dual dóibh í labhairt, a chothabháil is a choinneáil beo.

Prós, filíocht, seanchas, dinnseanchas, scríbhneoireacht taistil is araile atá sa chnuasach seo, chomh maith le cur síos ar an ileolaí Tony Christofides, scríofa ag Pádraig Ó Cíobháin fhéin. Gréigeach ab ea Christofides, atá i bpictiúir atá ceangailte le seo leis an Uachtarán Michael D. Higgins agus iad ar stailc ag deireadh na seascaidí. Fear ildánach, ileolach ab ea Christofides, a raibh idir theangacha agus mhatamaitic ar a thoil aige. Cailleadh é tamall do bhlianta ó shin. Tá an saothar seo tiomnaithe do Tony i measc daoine eile.

Siad Coiscéim atá i mbun a fhoilsithe agus tá fáilte roimh chách ag ócáid a sheolta in Áras na Gaeilge.  

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories