Tribute to Éamon de Buitléar

Jan 28 2013 Posted: 09:36 GMT

President of NUI Galway, Dr Jim Browne

On behalf of NUI Galway and the university community, I extend sincere condolences to the family and friends of Éamon de Buitléar. 

Éamon de Buitléar was an outstanding figure of modern Ireland.  An exceptional film-maker, a committed environmentalist, a public intellectual, author, musician and member of Seanad Éireann - he was a man of many parts and a man whose contribution to Irish society has enriched the lives of many generations.

Most of us can recall Éamon’s passion for the Irish environment, brought to life through his books and television progammes.  His enduring legacy will be a sense of respect for the landscape and heritage of Ireland, along with a joyful enthusiasm for the culture and traditions of our nation.

We in NUI Galway are deeply honored by our association with Éamon de Buitléar.  His decision to donate his rich multi-media, bi-lingual archive to the University will mean that his lifetime’s work of creativity and advocacy will be held in trust here for the nation and for generations of scholars.  We are proud to have been entrusted with that task.

As dheis Dé go raibh a anam uasal.

 

Aitheasc Ómóis an Uachtaráin d’Éamon de Buitléar

Thar ceann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chomhluadar na hOllscoile, déanaim comhbhrón ó chroí le muintir agus le cairde Éamoin de Buitléar.

Duine as an ngnáth ar fad i saol comhaimseartha na hÉireann a bhí in Éamon de Buitléar.  Bhain sé barr feabhais agus cáil amach mar fhear déanta scannán, mar fhear ar chás leis cothú na timpeallachta, mar intleachtóir poiblí, mar údar, mar cheoltóir agus mar bhall de Sheanad Éireann – fear ildánach iltréitheach a bhí ann a shaibhrigh sochaí na hÉireann thar bhlianta fada ar an iliomad dóigh.

Is cuimhin lenár mbunús an cion mór a bhí ag Éamon ar thimpeallacht na hÉireann a léiríodh trína chuid leabhar agus clár teilifíse. Mairfidh tionchar agus lorg Éamoin go ceann i bhfad sa mheas breise a bheas ag daoine ar thírdhreach agus ar oidhreacht na hÉireann agus sa spéis ghliondrach bhreise a chuirfear i gcultúr agus i dtraidisiúin na tíre seo.

Tá idir bhród agus áthas orainn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as ár gceangal le hÉamon de Buitléar. Nuair a chinn sé ar a aircív shaibhir ilmheán dhátheangach a bhronnadh ar an Ollscoil, chinntigh sé lena linn sin go mbeadh a shaothar saoil i réimse na cruthaitheachta agus na bolscaireachta poiblí   i dtaisce go sábháilte agus ar fáil feasta don náisiún agus don lucht léinn. Tá bród orainn gur leag sé an cúram sin orainn.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories