Páirnéireacht Nua Fógraithe idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh

(clé go deas): Micheál Ó Domhnaill, Fíbín; Máire Bríd Ní Chualáin, BA sa Chumarsáid; Micheál Ó Conghaile, MA sa Chumarsáid; Niamh Morley, MA sa Chumarsáid; Pádhraic Ó Ciardha, Leas Phríomh Fheidhmeannach TG4; agus Seán Breathnach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
Aug 16 2013 Posted: 11:48 IST

Cosán úr i dtreo chraoladh náisiúnta á chruthú ag páirtnéireacht nua idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

: Is iad mic léinn an BA agus MA/Dioplóma Iarchéime sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,  An Cheathrú Rua, Co. Na Gaillimhe a dhéanfaidh tograí agus coincheapa físe a thabhairt chun forbartha do sceideal TG4 mar dhlúthchuid den fhoghlaim cleachtadh-bhunaithe ar na cúrsaí seo. 

Beidh seans ag glúin nua chruthaitheach a gcuid scileanna scríbhneoireachta, láithreoireachta, ceamara agus eagarthóireachta a chleachtadh agus a chur os comhair lucht féachana náisiúnta. Tá ‘DEIS’ á thabhairt ar an scéim cheannródaíoch seo.

Leag Micheál Ó Meallaigh, TG4, Eagarthóir Coimisiúnaithe na sraithe nua, béim ar thábhacht an naisc nua: “Tá sé tábhachtach go mbeadh nasc cruthaithe idir mic léinn cumarsáide agus craoltóirí le linn na gcúrsaí cumarsáide in áit a bheith ag brath ar thaithí a fháil ar an saol praiticiúil i ndiaidh an chúrsa. Is fiú an dá oiread CV a bhfuil ábhar craolta luaite air thar CV nach bhfuil air ach na gradaim atá bainte amach. Táimid thar a bheith sásta dul i bpáirtnéireacht le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun deis mar seo a chuir ar fáil do mhic léinn an BA agus an MA sa Chumarsáid. Is léiriú eile é an togra nuálach seo ar mhian TG4 oibriú i bpáirt leis an earnáil oideachais ag gach leibhéal.”

Beidh suas le trí clár faisnéise á léiriú ag mic léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do TG4 i mbliana mar chuid den scéim nua físe seo ‘Deis’ le tacaíocht ó OÉ Gaillimh. I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil sna cláir i mbliana, tá:

  • Nua-inseacht ar bhéaloideas agus pisreogra a bhaineann le peileadóirí Mhaigh Eo agus iad ag fiach ar Chorn Sam Mhig Uidhir;
  • Léargas neamhghnách ar shaol iascairí ar bharr toinne ar Bhanc an Torcáin, 150 míle siar ó chósta na hÉireann;
  • Agus bliain i ndiaidh do Katie Taylor an bonn óir a chrochadh léi abhaile as Londain, cuirtear staidéar spéisiúil inár láthair faoi bhanlaochra na dornálaíochta atá ag teacht chun cinn i gceantar Chonamara.

Craolfar na scannáin seo ar TG4 ó Mheán Fómhar 2013 agus tá an Taoiseach Enda Kenny i measc na n-aíonna atá páirteach i mbliana.

Anuraidh, craoladh an clár faisnéise, Buscáil, a léirigh Fearghal Ó Maolagáin, mac léinn iarchéime de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; tá Fearghal anois tar éis coimisiún a fháil ó TG4 agus ón BBC le tacaíocht ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge a bhuíochas den deis a fuair sé anuraidh: “Ba mhór an cuidiú do mo shaol ghairmiúl an bhliain a chaith mé in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.  Tríd an chúrsa, bhí an deis agam smaoineamh a fhorbairt agus clár a dhéanamh le tacaíocht ón Acadamh.  Anois tá mé ag tabhairt faoi clár a léiriú do TG4 agus BBC TÉ, tá an taithí fíor-luachmhar, agus is ón méid a d’fhoghlaim mé san Acadamh a bhfuair mé an deis seo.”

Is iad Micheál Ó Domhnaill, Léiritheoir Teilifíse leis an gcomhlacht Gaeltachta Fíbín, agus Seán Breathnach, Feidhmeannach Cumarsáide le hOÉ Gaillimh a d’fhorbair an togra seo agus a bheidh ina Léiritheoirí Feidhmeacha ar na cláir. Tabharfaidh Ray Fallon agus Colm Ó Méalóid (OÉ Gaillimh) tacaíocht oiliúna agus forbartha nuair a bheidh an tsraith á léiriú.

D’fháiltigh Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge roimh ‘DEIS’ agus an nasc nua idir an Ollscoil agus TG4: “Tá TG4 ar thús cadhnaíochta maidir le samhlaíocht, físiúlacht agus cruthaitheach ó bunaíodh iad de bharr an luí atá léirithe acu leis an óige agus an nuálaíocht. Tiocfaidh mic léinn cumasacha ó OÉ Gaillimh chomh fada leo ar an gcosán seo agus tá súil againn ar fad go mbeidh a shliocht ar sceideal an stáisiúin amach anseo.”

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag glacadh le iarratais ar an MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) anois. Tuilleadh eolais ag www.acadamh.ie.

-CRÍOCH-

NUI Galway and TG4 Announce Broadcasting Initiative

NUI Galway and TG4 create new pathway in national broadcasting

 

NUI Galway's BA sa Chumarsáid and MA/Dioplóma Iarchéime sa Chumarsáid students in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. Galway will the opportunity to broadcast their work TG4 as part of a special initiative, ‘DEIS’.

A unique enterprise, ‘DEIS’ will enable students of NUI Galway to showcase their talents in scriptwriting, production, post production and television presenting skills to a national television audience.

TG4 Commissioning Editor Micheál Ó Meallaigh is a firm believer in cultivating links with third level institutions and their students: “It is important for third level media and communication students to build links with broadcasters during their courses as well as afterwards. A CV with a full broadcasting credit will be most useful in furthering their post university career. We are delighted to be associated with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in creating these opportunities for the students of the BA and MA sa Chumarsáid. TG4 welcomes such opportunities to build and develop with all levels of the education sector.”

This year, up to three documentaries are being produced through the ‘Deis’ initiative for TG4’s upcoming schedule and amongst the topics included are:

  • An examination of the superstitions linked to the Mayo GAA senior football team’s quest for the Sam Maguire Cup, which they have not been able to win since 1951.
  • A fly on the wall study of the camaraderie and relationships that form on board a Galway fishing trawler as they spend a week on the Porcupine Bank, more than 150 miles off the west coast of Ireland.
  • A portrait of Niamh Ní Chualáin, a young Connemara woman who hopes to emulate Katie Taylor in the often brutal world of women’s boxing.

The documentaries will be broadcast from September 2013 and the Taoiseach, Enda Kenny feature among the interviewees.

In 2012, NUI Galway graduate Fearghal Ó Maollagáin’s documentary Buscáil, in a pilot version of the initiative, was broadcast on TG4 to great acclaim. This year TG4, BBC Northern Ireland and the Irish Language Broadcast Fund have commissioned Fearghal to produce another documentary on a similar theme.  Fearghal said: “My year with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge was of tremendous benefit in furthering my professional development. During my time on the course I was able to research, produce and present a television documentary that was subsequently broadcast on TG4.  Due to the support and guidance received from NUI Galway and Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, I’ve now been commissioned to film another documentary for TG4 and BBC NI.”

Micheál Ó Domhnaill a producer with the Gaeltacht based production company Fíbín and Seán Breathnach a member of the teaching staff at NUI Galway are the executive producers of the series.  Ray Fallon and Colm Ó Méalóid of NUI Galway provided technical support during the production of the films.

Dónal Ó Braonáin, Chief Executive of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway welcomes the link with TG4 and the opportunities for student participation that it will entail: “TG4 lead the field in imaginative, innovative and creative programming and have a history of interacting with and developing new talent.  Students from NUI Galway will partner TG4 in producing exciting, interesting and thought provoking programming through the ‘Deis’ series.”

For further information on the MA/Dioploma Iarchéime (Cumarsáid) or the BA sa Chumarsáid please visit www.acadamh.ie.

-ENDS-

 

 

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories