TRÍ PHRÍOMHDHUAIS buaite ag mic léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag na gradaim SMEDIA

Apr 19 2013 Posted: 13:25 IST

D’éirigh le mic léinn Aonad na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge , OÉ Gaillimh, trí dhuais a bhaint amach ag na gradaim S-MEDIA a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 17 Aibreán.

Reáchtáiltear na gradaim S-MEDIA, atá dírithe ar mhic léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre, faoi choimirce www.Oxygen.ie .   

Bhuaigh an clár Y.O.L.O. Dara Seans, a léirigh mic léinn an B.A. sa Chumarsáid, gradam don Léiriúchán Teilifíse is Fearr (in aon teanga).  Is clár faisnéise é seo faoi na dúshláin atá le sárú ag fear óg as Conamara, Micilín Ó Féinne,  tar éis droch thimpiste bhóthair a d’fhág gan lúth na ngéag é.

Rinneadh taifead ar Y.O.L.O. Dara Seans i nGaeltacht Chonamara ag deireadh na bliana seo caite;  is é Aodhán Ó Maoileoin a scríobh an script agus a bhí i bhfeighil ar an stiúradh; bhí Mairéad Ní Chonghaile , Cian Ó Lorcáin agus Colleen Ní Bhaistir ar an bhfoireann léiriúcháin.  Tá na mic léinn seo sa bhliain dheireanach den B.A. sa Chumarsáid atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua.

Bhuaigh an clár dar teideal “ An Galar Dubhach” le Kirsty an Chnoic, mac léinn tríú bliana, an duais Iriseoireacht Raidió. Sa chlár seo rinne cairde léi cur síos ar an ngalar dubhach agus ar an gcaoi a ndeachaigh an galar i gcion orthu féin. Rinne  Kirsty an clár seo mar chuid den obair scrúdaithe sa mhodúl Craoltóireacht Raidió.

D’eirigh le Daithí Ó Cinnéide ón B.A. sa Chumarsáid, gradam don Léiriúchán Teilifíse is Fearr i nGaeilge (Faisnéís agus Drámaíocht) a bhaint amach don ghearrscannán Scáth Daoine.  Tugann an scannán seo léargas ar an aonaracht agus coimhthíos a thagann ar fhear meán aosta agus é ag machnamh faoi na deiseanna a chaill sé agus é ina fhear óg.  Rinneadh taifead ar Scáth Daoine anuraidh ar an gCeathrú Rua.

Go dtí seo tá mic léinn Aonad na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,  tar éis an gradam don Léiriúchán Teilifíse is Fearr a bhaint amach i 2008 agus i 2009 agus tar éis an gradam don Léiriúchán Teilifíse i nGaeilge is Fearr a bhuachan i 2008, 2009, 2010, agus 2011.

Críoch

_______________________

NUI Galway Students win in three major categories at SMEDIA Awards

Students of the Irish Language Communications Unit of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge at NUI Galway based in Carraroe, Co. Galway, took home three major awards from the SMEDIAs, that were held in The Ballsbridge Hotel in Dublin on the 17th of April. The SMEDIA Awards are targeted at third level students from institutions all around the country and is organised each year by www.Oxygen.ie.

The Irish language programme “Y.O.L.O Dara Seans” (2nd Chance) won the award for best TV Production and was produced by a BA in Communications student. It is an Irish language (with English subtitles) documentary programme about the struggles of a young man from Conamara, Micilín Ó Féinne, following a road accident that left him paralysed.

The programme was produced last year in the Conamara Gaeltacht; Aodhán Ó Maoileoin both wrote and directed the script; Mairéad Ní Chonghaile, Cian Ó Lorcáin and Colleen Ní Bhaistir formed the production team. These students are currently completing their final year of their BA in Communications degree in Carraroe, Co. Galway.

An Galar Dubhach” (Depression) a radio programme by Kirsty An Chnoic won the award for best Iriseoireacht trí Ghaeilge (Raidió) (Irish radio journalism). It sensitively approaches the issue of depression amongst her friends and how it affected them, and contains beautifully crafted sections where music moves the listener to empathise. Kirsty, a native of Tralee, produced the programme as part of her course work for the Radio Broadcasting module.

Daithí Ó Cinnéide, another BA in Communications student from Dublin, received the award for Léiriúchán Teilifíse is Fearr i nGaeilge (Faisnéis agus Drámaíocht) (Best TV Production in Irish (Documentary and Drama) for his short film “Scáth Daoine”. It depicts the loneliness and alienation of a middle aged man as he ponders on the oportunities he missed out on in his youth. “Scáth Daoine” was produced in Carraroe last year while Daithí attended the BA in Communications, a course that draws from the Irish language media belt in its surroundings in the Conamara Gaeltacht.

 

ENDS

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories