Gradam NáisiúntaBuaite ag Ionad an Acadaimh i gCarna

May 14 2012 Posted: 11:18 IST

Bronnadh Gradam Náisiúnta na Gaeilge ar an gCainéal iTunes U-GOGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le gairid.

Is ar champas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna a rinneadh an obair fhorbartha agus is í COGG a rinne maoiniú ar an tionscadal. Toradh é ar chomhpháirtíocht idir COGG agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

“Údar mór áthais d’Ollscoil na hÉireann Gaillimh gur bhain an Cainéal iTunes U-COGG gradam eRialtais amach le gairid. Tugann an gradam aitheantas don saineolas atá á shaothrú sna daonnachtaí digiteacha san Acadamh trí chéile ach go háirithe in Ionad na hOllscoile i gCarna.  Bhí ról lárnach ag an gcomhpháirtíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tionscadal mar gur forbraíodh acmhainní foghlama bunscolaíochta an Chainéil ó bhunábhar i gCartlann shabhair RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Chartlanna OÉ Gaillimh féin.”, a deir Niall Mac Uidhilin, feidhmeannach ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Cuimsíonn an Cainéal iTunes U–COGG acmhainní físe agus fuaime ar mhaithe le sealbhú agus saibhriú na Gaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Forbraíodh 300 mír fhoghlama nua dírithe go háirithe ar dhaltaí Rang 5 agus 6 sna bunscoileanna. Áiríonn na míreanna foghlama amhráin, dánta, scéalta, faisnéis, tomhasanna, agus míreanna staire. Tá na míreanna á gcur i láthair i gcanúintí éagsúla a roghnaíodh ó bhunábhar i gcartlanna saibhre RTÉ Raidió na Gaeltachta agus OÉ Gaillimh. 

Chuathas i gcomhairle le saineolaithe ábhar: Máire Uí Dhufaigh, Inis Oírr agus Bairbre Ní Thuairisg, Scoil Náisiúnta Chamuis, a scríobh na moltaí foghlama le dul in éineacht leis na míreanna. Lárnach sa bpróiseas forbartha freisin bhí Anna Ní Chartúir, Scoil Náisiúnta Leitir Mucú agus Mairéad Ní Chualáin, Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, beirt mhúinteoirí a bhfuil sárthuiscint acu ar riachtanais fhoghlama teanga scoláirí sna spriocscoileanna. Roinn an bheirt a gcuid ama ar an tionscnamh go fial flaithiúil agus ar bhonn deonach. Inniúlacht Cartlainne Meán a rinne an obair theicniúil agus dearaidh ar an gcainéal. 

Tá an cainéal ar fáil ar itunes.cogg.ie. Tá treoirlínte faoin mbealach le theacht ar an gCainéal le fáil ar www.acadamh.ie

-CRÍOCH-

 

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilgeand COGG win National e-Government Award

A project developed in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge at NUI Galway was presented with an Ireland eGovernment Award at a ceremony in Dublin Castle recently. The iTunes U–COGG channel was developed with with funding provided by An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

The iTunes U–COGG channel, which won the in the Irish language category award, comprises of video and sound resources to promote the acquisition and enrichment of the Irish language in all-Irish schools both within and outside the Gaeltacht. In this initial stage of the project, three hundred media clips have been carefully selected and are aimed at 5th and 6th classes. These learning clips cover genres such as song, poetry, stories, factual, puzzles and historic. The clips are presented in different dialects selected from the rich archive materials of RTÉ Raidió na Gaeltachta and NUI Galway. 

Niall Mac Uidhilin, Computer Executive with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, said: “We at NUI Galway are delighted that the iTunes U-COGG channel has received this eGovernment award. This award recognises the expertise that the Acadamh has accumulated in the digital humanities, and particularly in the centre in Carna. The partnership with RTÉ Raidió na Gaeltachta played a central role in the project as the channel’s digital learning resoures for national schools were developed from the rich archive materials and resources of RTÉ Raidió na Gaeltachta as well as from the archives of NUI Galway. The project builds on the digitisation work that was previously done on the archive on the campus in An Cheathrú Rua.”

A panel of experts were consulted for the project including Máire Uí Dhufaigh, Scoil Náisiúnta Inis Oírr and Bairbre Ní Thuairisg, Scoil Náisiúnta Chamuis who wrote the learning guides to be included with the clips. Anna Ní Chartúir, Scoil Náisiúnta Leitir Mucú and Mairéad Ní Chualáin, Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, were also central to the development of the project. Both have an acute understanding of the language learning requirements of national school children in the target schools and gave freely and voluntarily of their time to forward the project. Inniúlacht Cartlainne Meán were responsible for the technical and design work on the channel. 

The channel is available at  itunes.cogg.ie. Guidelines on how to access the channel can be found at  www.acadamh.ie.

-ENDS-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories