NUI Galway Announce Winners of 2012 Sports Awards

Thursday, 29 March 2012

                                Guest of Honour Brent Pope to Present Student Awards

NUI Galway has announced the recipients of the 2012 Sports Awards which will be presented by Brent Pope, rugby analyst with RTÉ, at a special ceremony in the Aula Maxima in NUI Galway on Thursday (tonight), 29 March at 6pm. This event is the highpoint of the University sporting year, and celebrates the achievements of NUI Galway sporting heroes during the past year.

The awards recognise sporting performance and participation as well as acknowledging students who have excelled in the leadership and co-ordination of their sports clubs.

The broad range and level of success of sports at NUI Galway is reflected through this year’s award winners. Sligo’s Des Leonard won a silver medal this year at the World Kickboxing Championships held in Dublin, while Jennifer Byrne was part of the successful Irish U19 Women’s Soccer team at their World Cup in Trinidad. Adam Caulfield led the NUI Galway Water polo team to Victory in the IUSWA national competition.

Kathy Hynes, Development Officer, Sport Clubs and Participation: “NUI Galway recognises the outstanding contribution of student athletes across many diverse sporting disciplines for their achievements in sport. Included in the awards ceremony is the recognition of the skills of self motivation, commitment and direction of a particular goal with the tenacity to maintain a consistent application of both behaviour and mind to further the clubs goals. The contribution of student clubs to campus life and the importance of participation in sport and exercise is rightfully recognised and celebrated through this award ceremony.”

This year the awards will also remember one of the great contributors to university life over the past 30 years, and the Tom Tuohy Memorial Award will be presented for achievement in rowing.   Tom Tuohy was one of the country’s greatest ever rowing coaches, whose association with NUI Galway crews led them to remarkable victories over the years and to numerous national championship titles, International caps and Olympians. Tom had a profound influence on a huge number of people and for the first time this year the inaugural award recipients are the Men’s and Women’s novice crews who enjoyed much success at the National Championships in 2011.

Speaking of the special award, Gary Ryan, Development Officer for Elite Sports at NUI Galway, said: “Tom was a great coach, a great leader and a huge influence on rowing in this country and NUI Galway was extremely lucky to have benefitted from his expertise. It is only fitting that we remember his contribution and thank him and his family for all he did for the University and its students and staff over a long period of time.”

The NUI Galway Spots Awards also recognise the huge contribution students make to the running and development of their clubs and the opportunities for participation they give to others.

The recipient of Club Captain’s Award this year is Louise Riordan from the Ladies Hockey Club recognising the enormous contribution of an individual student to the successful running of sports clubs. As Intervarsity co-ordinator Louise was praised by President of the Irish Hockey Association as the best intervarsity she had ever attended. Louise’s leadership and project management skills have ensured that NUIG Hockey club is firmly on the map nationally.

This year’s Committee Person of the Year Award went to Christine Quinn from the Sub Aqua Club. Christine was awarded this inaugural award for her dedication to diving and improving the profile of the club through regional, national and international rankings.

The Archery Club took the honours for The Sport Leadership Award which is a partnership between University sports clubs, ALIVE, the University Alumni Office and Student Services. This award recognises the leadership qualities of students participating in sports clubs and the vital role it plays in developing and promoting sport in NUI Galway.

The awards have been in existence since 1983, and have proven to be hugely significant to the student body, past winners includ such leading names as Paul Hession and Olive Loughnane (Athletics) Eadoin Ní Challarain (kayaking) Alan Martin, Cormac Folan and James Wall (rowing) and former Irish Rugby captain Ciaran Fitzgerald.

2012 Sports Award Winners:

Archery: Darren Wallace from Co. Laois

Ladies Soccer: Jennifer Byrne from Athlone, Co Westmeath

Boxing: David Martin from Castlebar, Mayo

Gaelic Football: Deirdre Brennan from Claregalway, Co. Galway

Swimming, Kevin McGlade from Knocknacarra, Galway

Hurling: David Kenny from Belmont, Co Offaly

Rugby: Carol Staunton from Westport, Co Mayo

Waterpolo: Adam Caulfield from Taylors Hill, Galway

Gaelic Football: Robbie Kiely from Bandon, Co. Cork

Judo: Enda O' Connor from Grattan Road, Galway

Mens Soccer: Ger Cheevers from Oranmore, Co Galway

Kickboxing: Des Leonard from Riverstown, Co Sligo


Team Winners    

Team Award: Pool & Snooker ‘A’ team - Stephen Dempsey (Capt.), Seamus Keane, Stephen O’Sullivan, Neil Hennelly and Liam Cannon                                                          

Tom Tuohy Award for Achievement in Rowing: Men’s Novice and Women’s Novice Rowing Teams                                      

Club Captains Award: Hockey Club Captain Louise Riordan, Blackrock, Cork City.                

Committee Member Award: Christina Quinn, Sub Aqua Club from Tuam Road, Galway

Most Improved Club: Squash Club, Captain Shane Touhy, Galway                                         

Special Achievement Award: Judo Club, Captain Jake Walsh and Vice Captain Sarah Dillon, Coach Colm O' Riordan                 

Participation Award : Athletics Club Dee O' Dwyer and Oisin O'Carroll                                     

Recreation Award: Futsal winners "Darren & the B" A group of Arts, Science and Business students              

Alumni Leadership Award: Archery Club

Alive Volunteering Award: Swim, Waterpolo and Lifesaving Club                     


 

ENDS

 

Fógraíonn OÉ Gaillimh Buaiteoirí Dhuaiseanna Spóirt 2012

 Bhronn an tAoi Speisialta, Brent Pope, na Duaiseanna ar na Mic Léinn

Tá Duaiseanna Spóirt 2012 fógartha ag OÉ Gaillimh. Bhronn Brent Pope, anailísí rugbaí le RTÉ na duaiseanna ag searmanas speisialta san Aula Maxima in OÉ Gaillimh aréir. Is iad na duaiseanna seo na buaicphointe na Bliana Spóirt san Ollscoil agus déanann siad ceiliúradh ar éachtaí laochra spóirt OÉ Gaillimh le bliain anuas.

Tugann na duaiseanna aitheantas d’éachtaí agus do rannpháirteachas spóirt agus tugann siad aitheantas do mhic léinn a bhfuil éachtaí déanta acu i gceannaireacht agus i gcomhordú a gcuid clubanna Spóirt.

Tá réimse leathan agus leibhéal rathúlachta an spóirt in OÉ Gaillimh le sonrú i mbuaiteoirí na bliana seo. Bhuaigh Des Leonard as Sligeach bonn airgid i mbliana ag Craobh Cosdornála an Domhain i mBaile Átha Cliath agus bhí Jennifer Byrne ar fhoireann sacair na mban F19 a bhuaigh i gCorn an Domhain ar Oileán na Tríonóide. Bhí Adam Caulfield ina chaptaen ar fhoireann póló uisce OÉ Gaillimh a bhuaigh i gcomórtas náisiúnta an IUSWA.

Dúirt Kathy Hynes, Oifigeach Forbartha, Rannpháirteachas agus Clubanna Spóirt: “Tugann OÉ Gaillimh aitheantas d’éachtaí iontacha na mac léinn i measc réimsí éagsúla spóirt. Tugtar aitheantas i searmanas na nduaiseanna do scileanna féinspreagtha, tiomantas agus stiúradh aidhmeanna áirithe chun iompraíocht agus intinn mhaith a chothú ar mhaithe le spriocanna na gclubanna. Tugtar aitheantas d’obair na gclubanna i saol an champais agus do thábhacht an rannpháirteachais sa spórt agus san aclaíocht agus déantar iad a cheiliúradh go cuí ag searmanas na nduaiseanna.”

I mbliana cuimhneofar ar dhuine de na pearsa is mó i saol na hOllscoile le 30 bliain anuas agus bronnfar Duais Chuimhneacháin Tom Tuohy as éachtaí iomraimh.   Bhí Tom Tuohy ar dhuine de na cóitseálaithe iomraimh ab fhearr sa tír, agus mar gheall ar a chuid oibre le criúnna OÉ Gaillimh d’éirigh leo go leor a bhuachan in imeacht na mblianta, chomh maith le craobhacha náisiúnta, idirnáisiúnta agus Oilimpeacha. Chuaigh Tom i bhfeidhm ar go leor daoine agus den chéad uair i mbliana bronnfar an duais ar chriú tosaitheoirí na mban agus na bhfear a rinne éacht ag Craobhacha Náisiúnta 2011.

Ag labhairt dó faoin duais speisialta, dúirt Gary Ryan, Oifigeach Forbartha do Spórt Éilíte in OÉ Gaillimh: “Cóitseálaí den scoth ab ea Tom chomh maith le ceannaire iontach agus bhí an-tionchar aige ar an iomramh sa tír seo. Bhí an t-ádh ar OÉ Gaillimh a bheith in ann leas a bhaint as a chuid saineolais. Níl sé ach cóir go gcuimhnímid ar a chuid oibre agus buíochas a ghlacadh leis féin agus lena theaghlach as an méid a rinne sé don Ollscoil agus do na mic léinn thar thréimhse fhada ama.”

Tugann Duaiseanna Spóirt OÉ Gaillimh aitheantas don obair mhór a dhéanann mic léinn ar son na gclubanna agus an deis a thugann siad do dhaoine eile a bheith páirteach.

Is í Louise Riordan as Club Haca na mBan a bhuaigh an Duais do Chaptaen na gClubanna i mbliana. Tugann Duais Chaptaen na gClubanna aitheantas don obair mhór a rinne mac léinn amháin i reáchtáil clubanna spóirt. Mar chomhordaitheoir Idir-ollscoile mhol Uachtarán Chumann Haca na hÉireann Louise nuair a dúirt sí gurb é an comórtas idir-ollscoile an comórtas ab fhearr ar fhreastail sí riamh air. Mar gheall ar scileanna ceannaireachta agus bainistiú tionscadail Louise tá club Haca OÉ Gaillimh aitheanta ar fud na tíre.

Ba í Christine Quinn ón gClub Fo-Uisce a bhuaigh an Duais do Dhuine na Bliana ar Choiste. Bronnadh an duais seo den chéad uair riamh ar Christine Quinn as a tiomantas don tumadóireacht agus as próifíl an chlub a fheabhsú trí ranguithe réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Bronnadh Duais don Cheannaireacht Spóirt ar an gClub Boghdóireachta. Is comhpháirtíocht atá anseo idir clubanna spóirt na hOllscoile, ALIVE, Oifig Alumni na hOllscoile agus Seirbhísí do Mhic Léinn.  Tugann an duais aitheantas do cheannaireacht na mac léinn atá páirteach i gclubanna spóirt agus an ról lárnach atá aige i gcúrsaí spóirt a fhorbairt agus a chur chun cinn in OÉ Gaillimh.

Cuireadh tús leis na duaiseanna i 1983, agus is mór an cháil atá orthu i measc na mac léinn. I measc na mbuaiteoirí roimhe seo bhí Paul Hession agus Olive Loughnane (Lúthchleasaíocht) Éadaoin Ní Challaráin (cadhcáil) Alan Martin, Cormac Folan agus James Wall (iomramh) agus iarchaptaen ar fhoireann Rugbaí na hÉireann, Ciaran Fitzgerald.

Buaiteoirí Dhuaiseanna Spóirt 2012

 

Boghdóireacht: Darren Wallace as Co. Laois

Sacar na mBan: Jennifer Byrne as Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

Dornálaíocht: David Martin as Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo

Peil Ghaelach: Deirdre Brennan as Baile Chláir, Co. na Gaillimhe

Snámh, Kevin McGlade as Cnoc na Cathrach, Gaillimh

Iománaíocht: David Kenny as an Lios Dearg, Co. Uíbh Fhailí

Rugbaí: Carol Staunton as Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

Póló Uisce: Adam Caulfield as an mBóthar Ard, Gaillimh

Peil Ghaelach: Robbie Kiely as an mBandan, Co. Chorcaí

Júdó: Enda O' Connor as Bóthar Grattan, Gaillimh

Sacar na bhFear: Ger Cheevers as Órán Mór, Co. na Gaillimhe

Cosdornáil: Des Leonard as Baile Idir Dhá Abhainn, Co. Shligigh

Buaiteoirí Foirne

Duais Foirne

Foireann ‘A’ Púil & Snúcair - Stephen Dempsey (Capt.), Seamus Keane, Stephen O’Sullivan, Neil Hennelly agus Liam Cannon                                                    

Duais Tom Tuohy as Éachtaí Iomraimh                                                

Foirne Iomraimh do Thosaitheoirí na mBan agus na bhFear                           

Duais Chaptaein na gClubanna                                                             

Captaen an Chlub Haca Louise Riordan as an Dúcharraig, Cathair Chorcaí              

Duais do Dhuine ar Choiste                                                                  

Christina Quinn as Bóthar Thuama, Gaillimh ón gClub Fo-Uisce

Club is mó Feabhais                                         

An Club Scuaise, Captaen Shane Touhy                                                  

Duais d’Éacht Speisialta                                                                         

Captaen an Chlub Júdó Jake Walsh agus Leas-Chaptaen Sarah Dillon, Cóitseálaí Colm O' Riordan                        

Duais Rannpháirteachais                                                                       

Dee O' Dwyer agus Oisin O’Carroll ón gClub Lúthchleasaíochta                  

Duais Áineasa                                                   

Buaiteoirí Futsal “Darren & the B” Grúpa mac léinn sna Dána, san Eolaíocht agus sa Ghnó as Gaillimh go Dún na nGall.                                                                                                         

Duais Ceannaireachta Alumni                                                                

An Club Boghdóireachta

Duais Obair Dheonach Alive                        

Club Snámha, Póló Uisce agus Tarrthála                   

 

CRÍOCH

 

Keywords:.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back

Related news


Featured Stories