Summer Conferring Ceremony at NUI Galway

Jun 21 2012 Posted: 09:52 IST

NUI Galway today conferred over 200 students from across the Colleges of Medicine, Nursing and Health Sciences, Engineering and Informatics, Business, Public Policy and Law, Science, and Arts, Social Sciences, and Celtic Studies.

The largest cohort of students to graduate was 81 Honours Bachelor of Medicine, Bachelor of Surgery, and Bachelor of Obstetrics (MB, BCh, BAO) students. Also graduating were 46 PhD students from across all disciplines.

International students were well represented at the ceremony, with the University welcoming graduates from, among other countries, Malaysia and Kuwait, who along with students from across Ireland will receive Diplomas, Degrees, Masters, and PhDs.

Speaking at the ceremony, President of NUI Galway, Dr Jim Browne, said: “On behalf of NUI Galway, I congratulate each of today’s graduates. It is very encouraging to see the number of research and graduate degrees which we are conferring today. These graduate numbers continue to grow and we have doubled the number of Ph.D degrees awarded each year since the start of the decade.”

President Browne added words of encouragement to graduates conferred at the ceremony: “Do not lose hope or courage in this current economic climate. You have what it takes to make a difference in our society. The opportunities you have to create your own environment and to shape your own futures are enormous.”

The next conferring to take place at NUI Galway will be the conferring of Honorary Degrees on Friday, 29 June.

-Ends-

 

Searmanas Bronnta an tSamhraidh in OÉ Gaillimh

Bronnadh cáilíocht ar bhreis agus 200 mac léinn as Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte, Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí, agus an Dlí, Coláiste na hEolaíochta, agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh inniu (Déardaoin, 21 Meitheamh).

Ar an ngrúpa is mó díobh bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir Onóracha sa Mháinliacht agus Baitsiléir i Liacht Bhan (MB, BCh, BAO) ar 81 mac léinn. Bronnadh céim PhD ar 46 mac léinn as na disciplíní éagsúla freisin.  

Bhí mic léinn idirnáisiúnta i láthair ag an searmanas chomh maith, mic léinn ón Mhalaeisia agus ón gCuáit ina measc. Bronnadh idir Dhioplómaí, Céimeanna, Máistreachtaí agus PhDanna ar na mic léinn sin agus ar na mic léinn Éireannacha.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne le linn an tsearmanais: “Thar ceann OÉ Gaillimh, tréaslaím le gach duine agaibh. Ábhar misnigh dúinn ar fad is ea go bhfuil an oiread sin céimeanna taighde agus iarchéimeanna á mbronnadh againn inniu. Tá níos mó agus níos mó céimeanna á mbronnadh againn bliain i ndiaidh bliana agus go deimhin tá a dhá oiread céimeanna PhD á mbronnadh againn anois le hais mar a bhí ag tús an chéid."

Dúirt an tUachtarán leis na céimithe gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na blianta amach rompu le teann dóchais: “Ná cuireadh cúrsaí geilleagair an lae lagmhisneach oraibh. Tá an cumas ag gach duine agaibh dul i bhfeidhm ar an tsochaí ar shlí éigin. Níl teorainn ar bith leis na deiseanna atá agaibhse an cineál saoil is mian libh a chruthú daoibh féin agus lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh in bhur dtreo sna blianta amach romhainn.”

Beidh an chéad searmanas bronnta eile ar siúl in OÉ Gaillimh Dé hAoine, an 24 Meitheamh, tráth a ndéanfar na Céimeanna Oinigh a bhronnadh.  

 

-Críoch-


Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories