Former NUI Galway Student to Present Channel 4 Coverage of the Paralympics in London

Pictured in 2007 is Daráine with her parents Liam and Máire Mulvihill on receipt of the RTÉ Raidió na Gaeltachta Gold Medal at NUI Galway / Dáráine lena dtuismitheoirí Liam agus Máire Mulvihill ag bronnadh Bonn Óir Raidio na Gaeltachta in OÉ Gaillimh sa bhliain 2007.
Aug 30 2012 Posted: 10:45 IST

Daráine Mulvihill a former student of the Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge will this week form part of Channel 4’s Paralympics coverage of the London Games which began on 29 August.

Daráine, who hails from Ashbourne, Co. Meath was awarded the ESB/Rehab Young Person of the Year Award in 2002 and was a member of the State Council, working in an advisory capacity to the President.   In 2006 while completing her postgraduate studies with NUI Galway, Daráine was awarded the RTÉ Raidió na Gaeltachta Gold Medal for achieving the highest standard on the Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach

While commenting on her time at NUI Galway, Daráine said: “I very much enjoyed my year with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, learning many new and invaluable skills which are now central to my new role with Channel 4.”

After finishing the Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, Daráine worked in the RTÉ children’s programming department as well as the BBC and the international sports channel ESPN.  Viewers can tune into Channel 4’s Paralympics coverage, featuring Daráine from the 29th August through until the 9th of September.

ENDS

Iar-mhac Léinn de chuid OÉ Gaillimh mar Láithreoir ag Channel 4 do na Cluichí Paralimpeacha

Beidh Daráine Mulvihill, iar-mhac léinn de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar láithreoir leis an gcainéal teilifíse, Channel 4, le linn na gcluichí Paralimpeacha a thosaigh an 29 Lúnasa.

Is as Baile Trasna, Cill Dhéagláin, Co. na Mí, do Dharáine.  Bronnadh Gradam BSL/Rehab Ghaiscíoch Óg na Bliana uirthi in 2002 agus bhí sí ina ball den Chomhairle Stáit, údarás comhairle a thugann cúnamh don Uachtarán.

D’fhreastal Daráine ar an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, OÉ, Gaillimh in 2005 – 2006 agus bronnadh Bonn Óir Raidió na Gaeltachta uirthi don té is fearr a bhain caighdeán amach ar an gcúrsa. 

Agus í ag tagairt don tréimhse a chaith sí leis an Acadamh, dúirt Daráine gur: “Thaitin an bhliain a chaith mé san Acadamh go mór liom, bhain mé scileanna den scoth amach agus gan an cúrsa ní bheadh mé ag tabhairt faoin ról atá agam anois.”

D’éirigh le Daráine obair a fháil in RTÉ tar éis di an cúrsa a chur i gcrích agus  tá obair déanta ag Daráine ó shin i leith leis an BBC agus leis an gcainéal spóirt, ESPN, i measc go leor eile.  Beidh Daráine le feiceáil ar an scáileán agus í i mbun tráchtaireachta le Channel 4 do na cluichí Paralimpeacha atá ar siúl ón 29 Lúnasa – 09 Meán Fómhair i Londain.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories