Ceolchoirm Spleodrach in Áras na Gaeilge

Dec 01 2011 Posted: 10:00 GMT

Beidh Ceolchoirm am lóin ar siúl ar an Luan, 5 Nollaig, ón 1-2i.n. i dTéatar Uí Chearbhalláin in Áras na Gaeilge in OÉ Gaillimh. Is mic léinn ón gcúrsa Dioplóma sna Dána: Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta a chuirfidh an ceolchoirm speisialta seo i láthair.  Tá an cúrsa á reáchtáil sa Spidéal ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Stiúideo Cuan. Meascán spéisiúil a bheas ann a chlúdóidh réimse leathan ceoil, idir seoidíní traidisiúnta, ceol nua-chumtha, amhránaíocht agus, dár ndóigh, ríleanna, poirt agus pólcaí spleodracha, spraoiúla.  

Is ó chian agus ó chóngar a tháinig na ceoltóirí agus na hamhránaithe seo le chéile mar aon ghrúpa amháin agus dá réir snítear tionchair agus stíleanna éagsúla lena chéile ina gcuid ceoil. Tá roinnt mhaith ceolchoirmeacha déanta acu mar ghrúpa. Ó thosaigh siad le chéile i mí Meán Fómhair i mbliana rinne siad ceolchoirm lóin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua agus i seanscoil Shailearna. Ní le ceol amháin a bhíonn siad ag plé ar an gcúrsa seo, áfach, mar go mbíonn siad ag tabhairt faoi ghnéithe teicniúla an cheoil chomh maith. Chuige sin rinne siad clár raidió a thaifead sa stiúideo. 

Is é Seán Ó Flatharta, Oifigeach Teanga agus Cultúir, OÉ Gaillimh, atá ag eagrú na hocáide seo i gcomhar le Marianne Ní Chinnéide, Riarthóir Aonad na dTaibhealaíon. 

Ní bheidh aon táille ar an doras. Tuilleadh eolais le fáil ó: Marianne Ní Chinnéide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ag 087 9080194 nó marianne.nichinneide@oegaillimh.ie, nó Seán Ó Flatharta, Oifigeach Teanga agus Cultúir, ag 091 493518 nó s.oflatharta2@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories