Duais €1,000 buaite ag Cumann Sóisialta an Acadaimh

Wednesday, 6 April 2011

Tá duais náisiúnta €1,000 buaite ag an gCumann Sóisialta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua. Tháinig an Cumann sa tríú háit i gcomórtas Ghlór na nGael do Chumainn Ghaelacha i gColáistí tríú leibhéal na hÉireann. Fógraíodh na torthaí beo ar chlár Rónán Mhic Aodh Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Céadaoin, 5 Aibreáin 2011. Bronntar na duaiseanna seo ar choistí mac léinn i gColáistí tríú leibhéal, a bhfuil forbairt agus caomhnú teanga agus cultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha acu. Bhí 14 Cumann Gaelach ar an ngearrliosta agus ba mhór an t-éacht do mhic léinn an Acadaimh an gradam seo a ghnóthú i bhfianaise nach bhfuil ach 120 mac léinn lánaimseartha ar an gcampas. Is iad an dá champas is mó sa tír, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide a tháinig sa chéad agus sa dara háit. Tá Oifigeach na Mac Léinn, Louise Ní Dhaibhéid, ag obair san Acadamh mar chuid den bhliain taithí oibre agus is í a dhéanann comhordú ar imeachtaí na mac léinn. Cé gur pobal beag mac léinn atá ar an gcampas, tá An Cumann Sóisialta thar a bheith gníomhach agus tá a gcuid féin déanta ag na mic léinn de shaol na Gaeltachta. Tá gné láidir charthanachta ag baint le hobair an Chumainn agus tá breis is €25,000 bronnta acu ar charthanachtaí áitiúla le cúig bliana anuas. "Tá obair thar na bearta déanta ag An gCumann Sóisialta faoi stiúir Louise Ní Dhaibhéid agus is iontach an méid atá bainte amach acu. Tá mic léinn anseo ó chuile chearn den tír agus is cuid an-tábhachtach d'eispéireas an choláiste an ghné sheach-churaclaim", a dúirt Treasa Uí Lorcáin, Riarthóir Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua. Bronnfar na duaiseanna ag ceiliúradh mór Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad Dé Sathairn, 16 Aibreán 2011.
-Ends-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories