Week of Autumn Conferrings Begin at NUI Galway

Oct 16 2009 Posted: 00:00 IST
See report on RTÉ Six One News: http://www.rte.ie/news/2009/1019/6news.html (Leagan Gaeilge) Over 4,000 students will graduate from NUI Galway during the Autumn Conferring Ceremonies which take place from 16-23 October. NUI Galway will also confer five Honorary Masters Degrees during the ceremonies on: Galway-born and internationally acclaimed traditional musician, Frankie Gavin; RTÉ's Northern Editor, Tommie Gorman; local soccer legend, Eamonn 'Chick' Deacy; Fr Raymond Browne for his contribution to community life; and Christian Brother, voluntary worker and author, Br Seán MacConmara. Frankie Gavin will be recognised for his lifetime contribution to Irish traditional music at home and abroad. Tommie Gorman will be honoured for his continued excellence in journalism and broadcasting. Eamonn 'Chick' Deacy will be honoured for his achievements in soccer as a former player with Aston Villa and Galway United in the 1980s. Fr Raymond Browne will be honoured for his tireless contribution to community life since his ordination in 1954, in Roscommon and through his ministry in Nigeria. Br Seán Mac Conmara will be honoured for his dedication to teaching, for his many publications and for his active engagement in voluntary organisations. Commenting on the conferring of this year s graduands, Dr James J. Browne, President of NUI Galway, said, "NUI Galway is fortunate to be associated with many outstanding honorary graduates throughout its history. This group of graduands is a very diverse and particularly worthy group. Their contributions in many spheres –music, journalism, sport, public service and education – have been outstanding, and NUI Galway is very pleased to be in a position to recognise these exceptional individuals". The annual Autumn Conferring Ceremonies will begin with the Adult and Continuing Education ceremonies, where awards will be conferred on almost 750 students who completed their certificate, diploma and degree courses at many locations across the country.
Seachtain Bhronnadh Céimeanna an Fhómhair in OÉ Gaillimh
(View in English) Bainfidh os cionn 4,000 mac léinn céim amach in OÉ Gaillimh sna Searmanais Bronnta Céimeanna a bheidh ar bun idir 16-23 Deireadh Fómhair. Bronnfaidh OÉ Gaillimh Céim Mháistreachta Oinigh ar na daoine seo a leanas le linn na searmanas chomh maith: An ceoltóir Gaillimheach a bhfuil clú agus cáil go hidirnáisiúnta air, Frankie Gavin; Eagarthóir Thuaisceart Éireann RTÉ, Tommie Gorman; an laoch áitiúil sacair, Eamonn 'Chick' Deacy; An tAthair Raymond Browne as a bhfuil déanta aige ar son an phobail; agus an Bráthair Críostaí agus an t-údar, Seán MacConmara. Frankie Gavin – tabharfar aitheantas dó as a bhfuil déanta aige ar son an cheoil Ghaelaigh sa bhaile agus i gcéin. Tommie Gorman – tabharfar onóir dó as an ardchaighdeán a gcloíonn sé leis i gcónaí i gcúrsaí iriseoireachta agus craolacháin. Eamonn 'Chick' Deacy – tabharfar onóir dó as na héachtaí a rinne sé mar imreoir sacair le Aston Villa agus le Gaillimh Aontaithe sna hochtóidí. An tAthair Raymond Browne – tabharfar onóir dó as an obair gan staonadh atá déanta aige don phobal ó oirníodh é i 1954, i Ros Comáin agus ar na misin sa Nigéir. An Bráthair Seán Mac Conmara – tabharfar aitheantas dó chomh maith as a dhúthracht i leith an teagaisc, as an iliomad foilseachán atá curtha amach aige agus as a ghníomhaí a bhíonn sé in eagraíochtaí deonacha. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne fúthu: "Tá an t-ádh ar OÉ Gaillimh ceangal a bheith aici leis an oiread sin céimithe oinigh den scoth ó bunaíodh í. Is grúpa an-éagsúil an grúpa céimithe seo agus is grúpa iad a bhfuil an t-aitheantas seo tuillte go maith acu. Tá an t-uafás oibre déanta acu san iliomad réimsí – ceol, iriseoireacht, seirbhís don phobal agus oideachas – agus is cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh aitheantas a thabhairt don tsárobair atá déanta ag na daoine eisceachtúla seo". Cuirfear tús le Searmanais bhliantúla Bhronnadh Céimeanna an Fhómhair leis na searmanais Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh, áit a mbronnfar dámhachtainí ar bheagnach 750 mac léinn a chríochnaigh a gcúrsaí céime, dioplóma agus teastais in ionaid éagsúla ar fud na tíre.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories