Third Level Institutions Collaborate to Provide Major Boost to Research and Inno

Thursday, 18 June 2009

(Leagan Gaeilge) A major agreement to boost research and innovation in the Border Midland and Western (BMW) region of the country has been signed in Athlone by the heads of seven higher education institutions. This is the first time that the third level sector has come together to adopt a BMW-wide approach to research and innovation. The institutes of technology in Athlone, Dundalk, Galway-Mayo, Letterkenny and Sligo, together with NUI Galway and St Angela's College, Sligo will combine their strengths under the auspices of Líonra, the higher education network in the region. The joint strategy will see collaboration taking place across a number of core areas, including: biomedical science and engineering; environment, marine and energy; software development and applications; health services research; social entrepreneurship; socioeconomic sciences and humanities; and food and agriculture. The Líonra agreement envisages research policy reflecting the socioeconomic needs of the region and responding to the expectations of the local economy. It also calls for collaboration between the academic partners and industry which will strengthen the ability of the sector to attract funding. Convenor of Líonra, Professor Ciarán Ó Catháin, said that the agreement will enable the BMW region to play a complete role within Ireland's knowledge economy. "This collaborative agreement multiplies the research strengths of our individual institutions for the betterment of the region. It will see the development of close relationships with enterprise and the market-facing sector. Through aligning our research strengths with their needs, it will give local companies a distinct competitive advantage. "We are putting a comprehensive commercialisation strategy in place which will enable the innovation and research ideas developed through this partnership to reach the marketplace. This is critical to the creation of a knowledge economy and to the restoration of sustainable, rewarding employment in the region", Professor Ó Catháin stated. According to President of NUI Galway, Dr James J. Browne, "This agreement creates the framework and rationale for collaboration. It also meets the future demands of Ireland's higher education system by offering a model of coordinated coherence, as called for recently by Tom Boland, Chief Executive of the Higher Education Authority. Líonra, as a network of seven higher education institutions, has created a system that is responsive to national needs and is delivering real value from complementary facilities. "The development of research clusters in strategic areas resonates with the requirements of key industries for this country," President Browne continued. "The medical device industry, for example, is concentrated in the BMW region with companies such as Élan, Medtronic and Boston Scientific. This research agreement has identified collaboration in the biomedical science and engineering domain as a thematic priority, which mirrors the industrial strength of the region. It pools our collective research capacity and capability to provide a coherent response to the priorities identified by Ibec and the Irish Medical Device Association". The Executive Director of the Irish Research Council for Science, Engineering & Technology (IRCSET), Martin Hynes, also welcomed the announcement. Mr Hynes commented that "Coherence in the higher education sector is vitally important. This is a critical development in ensuring visibility for this research and for making people aware of research career opportunities available in these domains". According to Enterprise Ireland's Regional Manager for Research and Development and Technology Transfer, P.J. O'Reilly, "Stimulating innovation, technology transfer and commercialisation is a central plank of the agreement and also reflects Enterprise Ireland's strategic objectives. This will involve collaborating with industry to understand their R&D needs to build close mutually beneficial relationships and to ensure that the results of research are transferred into the local socioeconomic fabric". To deliver these research goals, the seven institutions are committed to creating networks and clusters to provide common access and to make the optimum use of major equipment and R&D facilities. They will also establish centres that will concentrate on applied research and will create critical mass in leading edge technologies. The increased involvement of academic staff in research is core to the initiative, as is increasing the PhD output from the sector and providing supportive career paths for researchers. Líonra was established in 2001 to develop effective collaborative responses by the third level sector to the developmental needs of the BMW region.
Institiúidí Tríú Leibhéal ag Comhoibriú lena chéile ar mhaithe le Taighde agus le Nuálaíocht a chur chun cinn i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair
(View in English) Is i mBaile Átha Luain a shínigh ceann na seacht n-institiúid ardoideachais sa tír comhaontú suntasach a bhfuil sé mar aidhm leis borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair. Is é seo an chéad uair riamh a bhfuil an earnáil tríú leibhéal ag comhoibriú lena chéile agus é mar aidhm cur chuige éifeachtach i ndáil le taighde agus le nuálaíocht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair trí chéile. Oibreoidh institiúidí teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, Dhún Dealgan, na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Leitir Ceanainn agus Shligigh i dteannta OÉ Gaillimh agus Coláiste San Aingeal, Sligeach faoi choimirce Líonra – líonra ardoideachais an réigiúin. Faoin gcomhstraitéis seo, beidh comhoibriú ar siúl i roinnt réimsí tábhachtacha lena n-áirítear: eolaíocht agus innealtóireacht bhithleighis; an timpeallacht, an fharraige agus fuinneamh; forbairt bogearraí agus feidhmchlár; taighde ar sheirbhísí sláinte; fiontraíocht shóisialta; eolaíochtaí socheacnamaíocha agus daonnachtaí; agus bia agus talmhaíocht. Tá sé mar aidhm le comhaontú Líonra beartas taighde a fhorbairt a bheidh bunaithe ar riachtanais shocheacnamaíocha an réigiúin agus a bheidh in ann déileáil go héifeachtach le hionchais an gheilleagair áitiúil. Gné eile den chomhaontú seo go mbeidh comhoibriú ar bun idir comhpháirtithe acadúla agus an tionscal, rud a chuirfidh go mór le cumas na hearnála maoiniú a fháil. Dúirt tionólaí Líonra, an tOllamh Ciarán Ó Catháin, go gcuirfidh an comhaontú ar chumas Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair ról iomaíoch a bheith aige i ngeilleagar eolasbhunaithe na hÉireann. "Cuirfidh an comhaontú seo go mór le cumas taighde ár n-institiúidí aonair rud a rachaidh chun tairbhe an réigiúin trí chéile. Cabhróidh an comhaontú seo le forbairt dlúthchaidrimh idir na hearnálacha fiontraíochta agus an margadh. Cruthófar buntáiste iomaíoch do chuideachtaí áitiúla trína láidreachtaí taighde a ailíniú lena gcuid riachtanas. Chomh maith leis sin, dúirt an tOllamh Ó Catháin go bhfuil sé "beartaithe straitéis tráchtálaithe chuimsitheach a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go bhforbrófar nuálaíocht agus smaointe taighde tríd an gcomhpháirtíocht seo – nuálaíocht agus smaointe a rachaidh i bhfeidhm ar an margadh. Baineann fíorthábhacht leis seo i ndáil le geilleagar eolasbhunaithe a chruthú agus fostaíocht inbhuanaithe, fhiúntach a chothú sa réigiún". Deir Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, "Soláthróidh an comhaontú seo an creat agus an réasúnaíocht a theastaíonn chun comhoibriú a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, freagraíonn sé do na héilimh a bheidh ar chóras ardoideachais na hÉireann amach anseo trí shamhail de chomhleanúnachas comhordaithe a chruthú, mar a bhí á éileamh ag Tom Boland, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Ard-Oideachas le déanaí. Tá córas cruthaithe ag Líonra – líonra de sheacht n-institiúid ardoideachais – a fhreagraíonn do riachtanais náisiúnta agus a thugann luach ar airgead trí úsáid a bhaint as áiseanna comhlántacha". Chomh maith leis sin, dúirt an tUachtarán Browne, go bhfuil "forbairt na ngrúpaí taighde i gceantair straitéiseacha ag teacht le riachtanais phríomhthionscail na tíre. Sampla amháin é tionscal na bhfeistí leighis de thionscal atá bunaithe i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair. Tá cuideachtaí ar nós Élan, Medtronic agus Boston Scientific ag dul i dtreis san earnáil seo. Tá deiseanna comhoibrithe aimsithe ag an gcomhaontú taighde seo in earnáil na heolaíochta agus na hinnealtóireachta bithleighis, ó tharla rath a bheith ar an earnáil áirithe seo sa réigiún. Deis atá ann ár gcumas agus ár n-acmhainn taighde a thabhairt le chéile ar mhaithe le freagairt go cinnte do na tosaíochtaí a d'aithin Ibec agus an Irish Medical Device Association". D'fháiltigh Martin Hynes, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhairle Taighde na hÉireann don Eolaíocht, Innealtóireacht & Teicneolaíocht (IRCSET) roimh an scéala seo freisin. Dúirt an tUasal Hynes go mbaineann "fíorthábhacht le comhleanúnachas san earnáil ardoideachais. Forbairt thábhachtach é seo d'fhonn a chinntiú go dtugtar aird ar an taighde seo agus d'fhonn a chinntiú go bhfuil tuiscint ag daoine ar na deiseanna gairme atá ar fáil sna hearnálacha seo". Deir P.J. O'Reilly, Bainisteoir Réigiúnach (Taighde agus Forbairt agus Aistriú Teicneolaíochta) Fhiontraíocht Éireann go bhfuil "ról lárnach ag cruthú nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus tráchtálú sa chomhaontú mar aon le léargas a thabhairt ar chuspóirí straitéiseacha Fhiontraíocht Éireann. I gceist san obair seo beidh comhoibriú leis an tionscal d'fhonn teacht ar thuiscint ar a gcuid riachtanas Taighde & Forbartha agus caidreamh a théann chun tairbhe gach páirtí a fhorbairt, mar aon lena chinntiú go dtéann torthaí an taighde i bhfeidhm ar an ngeilleagar socheacnamaíoch áitiúil". D'fhonn na spriocanna taighde seo a sheachadadh, tá na seacht n-institiúid tiomanta do líonraí agus do ghrúpaí a chruthú ionas go mbeidh deis acu an tairbhe agus an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as an bpríomhthrealamh agus as na háiseanna taighde agus forbartha atá ar fáil. Lena chois sin, bunófar ionaid a bheidh dírithe ar thaighde feidhmeach agus déanfar an-dul chun cinn i dteicneolaíochtaí nua. Tá ról lárnach ag rannpháirtíocht comhaltaí foirne acadúla sa tionscnamh seo, mar aon leis an líon PhD atá á bhronnadh san earnáil seo agus deiseanna gairme tacaíochta a sholáthar do thaighdeoirí. Bunaíodh Líonra in 2001 le cinntiú go mbeadh an earnáil tríú leibhéal ag freagairt go cuí do riachtanais forbartha Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories