NUI Galway Medical Students Extend Teddy Bear Hospital

Tuesday, 20 January 2009

(Leagan Gaeilge) Due to popular demand, a second day has been added to the annual Teddy Bear Hospital at NUI Galway, which will be visited by a record 950 children this year. The children, from 24 primary schools in the Galway region, will bring their Teddy Bears to the hospital at NUI Galway on Thursday 29, and Friday 30, January. Organised by the University's medical and health sciences students, the event is for children aged 3-7, and aims to dispel fears associated with hospitals. Over 150 students will volunteer their time to explain (with Teddy's help) how treatments, such as x-rays, work. The Sláinte Society, NUI Galway's branch of the International Federation of Medical Students' Associations, first started the event four years ago. The event organiser, fifth year medical student Donna Cummins, has been involved since its inception: "People are usually scared of the unknown, and hospitals are places that children in particular don't know a lot about. By bandaging Teddy's arm, x-raying his leg or taking a Teddy MRI, we can illustrate to children what doctors and nurses in hospitals do". Donna added: "Feedback over the years, from parents and teachers, has been overwhelmingly positive so we know the Teddy Bear Hospital really benefits the children. For us medical students, this has to be one of the highlights of the year. We get to volunteer, help out the kids, and diagnose Teddy Bear maladies. We have had so much support from students across campus, our sponsors and from the University. With the extra day this year, it will simply be double the fun". The Teddy Bear Hospital will also feature a Teddy Pharmacy, stocked with nourishing vitamin juices and other healthy treats, from sponsors Total Produce. Smyths Toys will provide lots of toys for the 'Waiting Room', which will be donated to Cope after the event. Outside the Teddy Bear Hospital, an Order of Malta Ambulance will be on show for the children. Students from various NUI Galway societies will volunteer their time for face-painting, juggling and bouncy castle activities. According to Ríona Hughes, NUI Galway Societies Officer: "The Teddy Bear Hospital is an excellent example of how student societies at NUI Galway engage with the community in exciting and creative ways. This event has gone from strength to strength each year. It is of huge benefit to our medical students and to the local schools and children who participate in this fun event". NUI Galway has 89 active societies through which students make friends, pursue their interests, learn new skills and organise events such as the Teddy Bear Hospital. NUI Galway also runs the ALIVE Programme to assist students find further volunteering opportunities with community organisations.
Lá Breise á chur le hOtharlann na mBéiríní ag Mic Léinn Leighis OÉ Gaillimh
(View in English) De bharr an éilimh atá uirthi, beidh Otharlann na mBéiríní in OÉ Gaillimh ar oscailt ar feadh dhá lá i mbliana. Tabharfaidh 950 páiste cuairt ar an Otharlann i mbliana, an líon is mó cuairteoirí go dtí seo. Tabharfaidh na páistí ó 24 bunscoil i gceantar na Gaillimhe a gcuid Béiríní chuig an otharlann in OÉ Gaillimh Déardaoin agus Dé hAoine, 29 agus 30 Eanáir. Is iad mic léinn leighis agus eolaíochtaí sláinte na hOllscoile a eagraíonn an ócáid do pháistí idir 3 bliana agus 7 mbliana d'aois, agus is é an aidhm atá léi an eagla a bhíonn ar pháistí dul chun na hotharlainne a ruaigeadh. Caithfidh os cionn 150 mac léinn an dá lá ag obair go deonach agus ag míniú do na páistí (le cabhair an Bhéirín) an chaoi a n-oibríonn cóir leighis, amhail x-ghathanna. D'eagraigh an Cumann Sláinte, craobh OÉ Gaillimh de Chónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Mac Léinn Leighis, an t-imeacht den chéad uair ceithre bliana ó shin. Tá baint ag eagraí na hócáide, an mac léinn leighis Donna Cummins atá sa chúigiú bliain, leis an otharlann ó thús: "Bíonn eagla ar dhaoine roimh rudaí nach bhfuil taithí acu orthu, agus ní bhíonn mórán ar eolas ag páistí, go háirithe, faoi otharlanna. Cuirimidne bindealán ar sciathán an Bhéirín, tógaimid x-gha de chois an Bhéirín nó déanaimid MRI ar an mBéirín, agus ar an gcaoi sin tugaimid léiriú do na páistí ar an obair a bhíonn ar bun ag dochtúirí agus ag banaltraí sna hotharlanna". Mar aguisín leis sin, dúirt Donna: "Bhí an t-aiseolas a fuaireamar le cúpla bliain anuas ó thuismitheoirí agus ó mhúinteoirí thar a bheith dearfach, mar sin tá a fhios againn go mbaineann na páistí an-tairbhe as Otharlann na mBéiríní. Seo ceann de bhuaicphointí na bliana againne, na mic léinn leighis. Faighimid deis oibriú go deonach, cuidiú leis na páistí agus diagnóisiú a dhéanamh ar an tinneas atá ar an mBéirín. Tá an-tacaíocht faighte againn ó mhic léinn ar fud an champais, ónár n-urraitheoirí agus ón Ollscoil. Beidh lá breise ann i mbliana agus beidh a dhá oiread spraoi againn". Beidh Poitigéir Béiríní in Otharlann na mBéiríní chomh maith ina mbeidh deochanna scamhardacha vitimíní agus rudaí deasa sláintiúla eile ar fáil, ónár n-urraitheoirí Total Produce. Cuirfidh Smyths Toys go leor bréagán ar fáil don 'Seomra Feithimh', agus tabharfar do Cope iad i ndiaidh na hócáide. Beidh Otharcharr de chuid Ord Mhálta taobh amuigh d'Otharlann na mBéiríní, agus beidh cead ag na páistí cuairt a thabhairt air. Beidh péintéireacht aghaidhe agus lámhchleasaíocht ar bun go deonach ag mic léinn ó chumainn éagsúla OÉ Gaillimh, agus beidh caisleán spraoi ann chomh maith. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ríona Hughes, Oifigeach na gCumann in OÉ Gaillimh: "Is sárshampla Otharlann na mBéiríní den bhealach ar féidir le cumainn mac léinn in OÉ Gaillimh oibriú leis an bpobal ar bhealach atá spraíúil agus cruthaitheach. Ag feabhsú atá an t-imeacht gach bliain. Baineann ár gcuid mac léinn leighis, na scoileanna agus na páistí áitiúla a bhíonn rannpháirteach san ócáid spraoi seo an-tairbhe aisti". Tá 89 cumann gníomhach ag OÉ Gaillimh ina dtugtar deis do mhic léinn aithne a chur ar chairde nua, ábhair ar spéis leo iad a shaothrú, scileanna nua a fhoghlaim agus imeachtaí ar nós Otharlann na mBéiríní a eagrú. Tá Clár ALIVE á reáchtáil ag OÉ Gaillimh chomh maith ina gcuidítear le mic léinn tuilleadh deiseanna a aimsiú chun oibriú go deonach le heagraíochtaí pobail.
-críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories