Bob Geldof to Make Guest Appearance at Tutu Event

Wednesday, 11 February 2009

(Leagan Gaeilge) It has been announced that Sir Bob Geldof will join Archbishop Desmond Tutu at NUI Galway on Sunday, 15 February. The Archbishop's lecture on Aid, Justice and Charity will be introduced by 'Sir Bob' at 5pm in Áras na Mac Léinn, NUI Galway. The event is being organised by the University's Literary & Debating Society. Sir Bob Geldof will present the Literary & Debating Society's highest accolade, the President s Medal, to Archbishop Tutu after the lecture. The medal has previously been awarded to such notable figures as philosopher and linguist Noam Chomsky, US Senator Mike Gravel, Congressman Bruce Morrison, and former Taoiseach Bertie Ahern. Dan Colley, Auditor of the Literary & Debating Society at NUI Galway, says: It's a real testament to the reverence felt for the Archbishop's work in the area of promoting human rights and democracy that Sir Bob Geldof is coming to the lecture in Galway". In 1984, Archbishop Tutu was awarded the Nobel Peace Prize for his anti-apartheid work in South Africa. That same year, Bob Geldof led Band Aid's release of the charity single 'Do they know its Christmas?'. Both men have since continued to play a role in Africa, with Archbishop Tutu heading the Truth and Reconciliation Commission in Nelson Mandela's government. Bob Geldof went on to organise Live Aid and Live8, supported the organisation Debt, AIDS, Trade in Africa (DATA), and became a member of the Africa Progress Panel. Student Dan Colley adds: "Sir Bob is the perfect person to put into context the importance of Desmond Tutu, one of the giants of human rights. Geldof has a talent for articulating to a wide audience the importance of things that might otherwise be ignored. So much of the success of Live Aid and Live8 was due to Sir Bob's charisma and open passion about the very real emergencies in Africa". Entry will be by ticket only. Tickets are available from the Socs Box in Áras na Mac Léinn for €5, or for €5.70 (inc. booking fee) from Zhivagos on Shop Street, Galway. Proceeds will go to a charity of Archbishop Tutu's choice.
Bob Geldof mar Aoi Speisialta ag léacht an Ardeaspaig Tutu
(View in English) Tá sé fógartha go mbeidh Bob Geldof in éineacht leis an Ardeaspag Desmond Tutu in OÉ Gaillimh Dé Domhnaigh, 15 Feabhra. Déanfaidh 'Sir Bob' an tArdeaspag a chur i láthair an tslua. Beidh an tArdeaspag ag tabhairt léachta faoi Chúnamh, Ceartas agus Carthanacht in Áras na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ag 5pm. Tá an ócáid á heagrú ag Cumann Liteartha & Díospóireachta na hOllscoile. Bronnfaidh Bob Geldof Bonn an Uachtaráin, buaicghradam an Chumainn Liteartha agus Díospóireachta, ar an Ardeaspag Tutu i ndiaidh na léachta. I measc na ndaoine ar bronnadh an gradam seo orthu go dtí seo bhí an fealsamh agus an teangeolaí Noam Chomsky, an Seanadóir Meiriceánach Mike Gravel, an Feisire Meiriceánach Bruce Morrisson, agus an t-iar-Thaoiseach Bertie Ahern. Bhí an méid seo le rá ag Dan Colley, Reachtaire an Chumainn Liteartha & Díospóireachta in OÉ Gaillimh: "Is léiriú ar an meas atá ar shaothar an Ardeaspaig i réimse chosaint chearta an duine agus an daonlathais é go bhfuil Bob Geldof ag teacht chuig an léacht i nGaillimh". I 1984, bronnadh Duais Síochána Nobel ar an Ardeaspag Tutu as a chuid oibre frith-apartheid san Afraic Theas. An bhliain chéanna sin, eisíodh an tsingil charthanachta 'Do they know it's Christmas?' le Band Aid faoi stiúir Bob Geldof. Tá an bheirt acu ag saothrú ar son na hAfraice ó shin agus tá an tArdeaspag Tutu ina cheannasaí ar an gCoimisiún Fírinne agus Athmhuintearais faoi rialtas Nelson Mandela. Ó shin i leith d'eagraigh Bob Geldof Live Aid agus Live8, thacaigh sé leis an eagraíocht Debt, AIDS, Trade in Africa (DATA), agus rinneadh comhalta de ar an Africa Progress Panel (APP). Deir Dan Colley, ar mac léinn é: "Is é Bob Geldof an té is fóirsteanaí le tábhacht Desmond Tutu, duine d'fhathaigh chearta an duine, a chur i gcomhthéacs. Tá sé de bhua ag Geldof go n-éiríonn leis an tábhacht atá le nithe a ndéanfaí neamhaird díobh seachas sin a chur ar a súile do phobal mór. Bhain go leor den rath a bhí ar Live Aid agus Live8 leis an gcarasma a bhaineann le Bob Geldof agus lena phaiseanta atá sé go hoscailte faoi na fíorchásanna éigeandála san Afraic." Ní bheidh cead isteach ach ag daoine a mbeidh ticéad acu. Tá na ticéid ar fáil ón Socs Box in Áras na Mac Léinn ar €5 nó ó Zhivagos ar Shráid na Siopaí, Gaillimh ar €5.70 (táille áirithinte san áireamh). Tabharfar luach na dticéad do charthanas a roghnóidh an tArdeaspag Tutu.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories