NUI Galway Offers New Degree in Energy Systems Engineering

Apr 07 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway is to offer a new B.E. in Energy Systems Engineering in response to the identification of Ireland's future energy needs as a national priority. The new four-year honours degree will have its first intake in September and will produce professional accredited engineers, qualified to drive the emerging energy related industries. Graduates of the programme will be multidisciplinary engineers equipped to solve problems across the whole spectrum of energy systems. The new degree programme can be applied for in the coming months through the CAO as change of mind option. The current National Development Plan and Programme for Government have placed a strong focus addressing energy issues. Additionally, the Strategy for Science, Technology and Innovation listed energy as a research priority. Most recently, draft building regulations for new homes have been published, which include a mandatory minimum renewable energy requirement. Professor Padraic O Donoghue, Dean of Engineering and Informatics at NUI Galway, commented on the new course: "A major expansion of energy related industries is emerging in Ireland to meet market demand and respond to national agendas. If Ireland is really to progress on energy issues, it needs many more graduates than are currently being produced who are trained specifically in energy related disciplines. This is crucial so that renewable energy technologies and industries can be optimised for domestic and international markets". Dr James J. Browne, President of NUI Galway and President of Engineers Ireland, commented on the new course: "NUI Galway is well positioned to deliver such an engineering programme in energy, as it has a strong range of all relevant engineering disciplines within its College of Engineering and Informatics. The new Engineering Building on campus, due for completion in 2011, incorporates many sustainable energy and environmentally friendly features. In itself, the building will provide a real-life experimental environment for students of the new programme". The Energy Systems Engineering programme will incorporate aspects of traditional civil, electrical and mechanical engineering, with emphasis on energy policy, economics, environmental issues and a strong focus on informatics. The programme will include a range of additional optional modules which will provide students with maximum flexibility to choose from diverse career paths. The multidisciplinary programme will culminate in integrated design projects that address the sourcing, conversion and utilisation of energy.
-ends-
(View in English) Beidh B.E. nua in Innealtóireacht Córas Fuinnimh á chur ar fáil ag OÉ Gaillimh de thairbhe go n-aithnítear gur tosaíocht náisiúnta riachtanais fuinnimh na hÉireann san am atá le teacht. Glacfar leis na chéad mhic léinn ar an gcéim onóracha ceithre bliana i mí Mheán Fómhair agus cuirfidh an cúrsa innealtóirí creidiúnaithe gairmiúla ar fáil a bheidh cáilithe le tionscail fuinnimh atá ag teacht chun cinn a dhreasú. Is innealtóirí ildisciplíneacha a bheidh i gcéimithe an chláir a mbeidh na scileanna cuí acu le fadhbanna a bhaineann leis na córais fuinnimh ar fad a réiteach. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcéim nua as seo go ceann cúpla mí trí rogha an CAO do dhaltaí a athraíonn a n-intinn. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas ar aghaidh a thabhairt ar cheisteanna fuinnimh. Chomh maith leis sin tá fuinneamh ar cheann de na tosaíochtaí taighde atá luaite sa Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta. Le fíordhéanaí chomh maith foilsíodh dréachtrialacháin foirgníochta do thithe nua ina bhfuil ceanglas éigeantach a bhaineann le híosmhéid fuinnimh in-athnuaite. Mheabhraigh an tOllamh Padraic O'Donoghue, Déan na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta in OÉ Gaillimh an méid seo faoin gcúrsa nua: "Tá méadú mór ag teacht ar an líon tionscal fuinnimh atá ag teacht chun cinn in Éirinn le freastal ar an éileamh ón margadh agus mar fhreagra ar chláir náisiúnta oibre. Chun go n-éireoidh le hÉirinn fíordhul chun cinn a dhéanamh maidir le ceisteanna fuinnimh, tá i bhfad níos mó céimithe de dhíth a bhfuil sainoiliúint orthu i ndisciplíní fuinnimh ná mar atá á gcáiliú faoi láthair. Tá seo ríthábhachtach chun go bhféadfar an leas is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí agus as tionscail fuinnimh in-athnuaite do mhargaí náisiúnta agus idirnáisiúnta." Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr James J. Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh agus Uachtarán Innealtóirí Éireann faoin gcúrsa nua: "Tá OÉ Gaillimh breá ábalta clár innealtóireachta fuinnimh den sórt seo a sholáthar, mar tá réimse leathan de na disciplíní ábhartha innealtóireachta le fáil laistigh den Choláiste Innealtóireachta agus Faisnéisíochta. Tá go leor gnéithe a bhaineann le fuinneamh inmharthana agus atá neamhdhíobhálach don timpeallacht ag baint leis an bhFoirgneamh Innealtóireachta nua ar an gcampas atá le críochnú in 2011. Cuirfidh an foirgneamh féin timpeallacht thurgnamhach fhíorúil ar fáil do mhic léinn an chláir nua." Beidh tréithe traidisiúnta de chuid na hinnealtóireachta sibhialta, leictrí agus meicniúla ina gcuid den chlár Innealtóireachta Córas Fuinnimh; cuirfear béim chomh maith ar bheartas fuinnimh, ar an eacnamaíocht agus ar cheisteanna comhshaoil agus díreofar go háirithe ar an bhfaisnéisíocht. Beidh modúil roghnacha bhreise le fáil ar an gclár a thabharfaidh deis do mhic léinn an tslí bheatha is mian leo a roghnú. Beidh tionscadail chomhtháite dearaidh a thabharfaidh faoi fhuinneamh a aimsiú, a aistriú agus a úsáid mar thoradh ar an gclár ildisciplíneach.
-críoch-

PreviousNext

Featured Stories