Scoláireachtaí Spóirt ar fiú €100,000 iad bronnta ar Mhic Léinn de chuid OÉ Gail

Nov 04 2008 Posted: 00:00 GMT
Tá scoláireachtaí spóirt ar fiú os cionn €100,000 iad bronnta ar lúthchleasaithe atá ag freastal ar OÉ Gaillimh le cabhrú leo a gcumas spóirt a fhorbairt. I mbliana tacóidh Scéim Scoláireachtaí Spóirt OÉ Gaillimh le 80 mac léinn atá ag díriú ar spóirt éagsúla lena n-áirítear Lúthchleasaíocht, Cispheil, Peil, Liathróid Láimhe, Iománaíocht, Dreapadóireacht Aille, Rámhaíocht, Rugbaí, Sacar, Snámh agus Leadóg. Bhronn Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, scoláireachtaí ar na mic léinn ag searmanas speisialta a bhí ar siúl san Ollscoil ar an 3 Samhain. Bronnadh 16 scoláireacht nua i mbliana – scoláireachtaí ar fiú €2,000 sa bhliain iad go dtí go mbeidh na mic léinn críochnaithe lena gcuid staidéir in OÉ Gaillimh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 25 mac léinn as OÉ Gaillimh anois ag baint tairbhe as scoláireachtaí spóirt. I measc na mac léinn ar bronnadh Scoláireachtaí Spóirt orthu i mbliana tá: an reathaí Orla Ní Mhuircheartaigh, na himreoirí cispheile James Loughnane agus Paul O'Brien; na peileadóirí Úna Carroll agus Gareth Bradshaw; an t-iomróir Niall Kenny; an snámhaí Dairne Ryan; agus an t-imreoir leadóige Marion Hanley ar de bhunadh Chontae na Gaillimhe iad. I measc na mbuaiteoirí eile bhí: an t-iománaí Séamus Hennessy agus an peileadóir Ciarán McDonald as Tiobraid Árann; an t-imreoir sacair Michael Creane agus an t-imreoir rugbaí Keith Farry as Sligeach; an t-imreoir liathróid láimhe Diarmuid Nash agus an t-iománaí John Conlon as An Clár; an dreapadóir aille Joan Mulloy as Co. Mhaigh Eo; agus an t-imreoir rugbaí Jeffrey Neville as Luimneach. Lena chois sin, bronnadh sparánachtaí ar fiú €1,000 an ceann iad ar 50 mac léinn. Bronnadh na sparánachtaí seo ar mhic léinn atá i mbun cineálacha éagsúla spóirt, tonnmharcaíocht agus clársheoltóireacht ina measc, spóirt a bhfuil tóir ag go leor daoine in Iarthar na hÉireann orthu le blianta beaga anuas. Bronnadh dhá sparánacht eile ar fiú €1,000 iad, trí Scéim Scoláireachtaí CLG Cadbury mar chuid de Chraobhchomórtas Peile CLG Cadbury Faoi 21, ar Pheileadóir Idirchontae na hIarmhí, John Connellan as Baile Átha Luain, agus ar Imreoir Idirchontae Mhaigh Eo, Chris Barrett as Béal an Mhuirthead. Deir Tony Regan, Oifigeach Spóirt agus Áineasa OÉ Gaillimh go bhfuil tús á chur le ré nua i gcúrsaí spóirt in OÉ Gaillimh: "Tarraingíodh aird ar chúrsaí spóirt anseo in OÉ Gaillimh in 2008. I measc mhic léinn agus alumni OÉ Gaillimh a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha i mBéising i gcaitheamh an tsamhraidh bhí Paul Hession, Olive Loughnane, Alan Martin agus Cormac Folan. Ag an am céanna, tá áiseanna den scoth ar fáil anois san Ionad Spóirt nua ar an gcampas - linn snámha 25 méadar, cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta, cúirt cispheile idirnáisiúnta, giomnáisiam den chéad scoth mar aon le balla dreapadóireachta". Chomh maith leis sin, dúirt sé "Is mian linn tréaslú leis na buaiteoirí cumasacha seo ar fad agus gach tacaíocht a thabhairt dóibh lena chinntiú go n-éiríonn go breá leo amach anseo. Is iad buaiteoirí na Scoláireachtaí Spóirt seo an chéad ghlúin eile dár laochra spóirt". Cuid lárnach de mhisean OÉ Gaillimh é feabhas a bhaint amach i gcúrsaí spóirt, agus spreagann an Ollscoil mic léinn nua a bhfuil luí ar leith acu le spórt éigin le hiarratas a dhéanamh ar Scéim na Scoláireachtaí Spóirt. Is é an spriocdháta do Scéim Scoláireachtaí Spóirt na bliana seo amach romhainn an 31 Márta 2009. Tá sonraí le fáil ó mhúinteoirí gairmthreorach nó trí ríomhphost a sheoladh chuig ellen.kelly@nuigalway.ie
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories