Oscailt Oifigiúil an Ionaid Spóirt in OÉ Gaillimh

Friday, 7 November 2008

Is é an rothaí cáiliúil Seán Kelly a osclóidh an tIonad Spóirt nua in OÉ Gaillimh inniu (Dé hAoine, 7 Samhain 2008), Ionad Spóirt a chosain €22 milliún. Beidh cead ag mic léinn, ag comhaltaí foirne agus ag an bpobal úsáid a bhaint as an áis iontach seo. Tá achar 6,500 m² san ionad spóirt agus áineasa seo lena n-áirítear linn snámha 6-lána 25 méadar. Is féidir an t-urlár a ardú agus a ísliú inti. Tá cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta, halla ina bhfuil trí chúirt cispheile, stiúideonna ilchuspóireacha, giomnáisiam an-mhór agus balla dreapadóireachta ann chomh maith. Is cuid é Ionad Spóirt OÉ Gaillimh de chlár forbartha caipitil €400 milliún, 'Campas na Todhchaí', chun na caighdeáin is airde d'infreastruchtúr fisiciúil a sholáthar ar mhaithe le tacú le feabhas sa teagasc agus sa taighde. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, An Dr James J. Browne: "Baineann suntas faoi leith le hoscailt an Ionaid Spóirt i stair OÉ Gaillimh. Cuirfidh an t-ionad nua-aimseartha seo go mór le sláinte, le folláine agus le hoideachas ár mac léinn agus ár gcomhaltaí foirne mar aon le léargas a thabhairt ar an ról lárnach atá ag an spórt i saol phobal OÉ Gaillimh". Mhaoinigh mic léinn OÉ Gaillimh cuid den ionad, nuair a vótáil siad in 2003 tobhach na mac léinn a mhéadú chun tacú leis an tionscadal. Beidh lascaine shuntasach le fáil do mhic léinn ar mian leo áiseanna an Ionaid Spóirt a úsáid. Thug Atlantic Philanthropies deontas mór caipitil don tionscadal trí shocrú a rinneadh trí Fhondúireacht Ollscoil na Gaillimhe. Cúpla lá ó shin anseo san Ollscoil bronnadh scoláireachtaí spóirt ar fiú os cionn €100,000 iad ar lúthchleasaithe atá ag freastal ar OÉ Gaillimh le cabhrú leo a gcumas spóirt a fhorbairt. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paul Hession, ar bronnadh scoláireacht spóirt air roinnt blianta ó shin, ar mac léinn leighis in OÉ Gaillimh é agus ar lúthchleasaí Oilimpeach é: "Áis den chéad scoth é seo in OÉ Gaillimh a chinnteoidh go dtiocfaidh athrú iomlán ar na deiseanna spóirt a bheidh ar fáil anseo do mhic léinn. Beidh áiseanna traenála den scoth le fáil sa ghiomnáisiam nua, don lucht spóirt gairmiúil cosúil liom féin". Is foirgneamh glas é seo sa chiall gur beag dochar atá á dhéanamh aige don chomhshaol. Sampla den teicneolaíocht atá in úsáid san Ionad is ea aonad Cumhachta is Teasa in Éineacht, a ghineann leictreachas don ionad agus a dhéanann athchúrsáil ar an teas lena úsáid san fhoirgneamh arís. D'oibrigh na hailtirí cáiliúla Faulkner Browns ar an tionscadal, i gcomhar le Holohan Design, mar aon leis na tógálaithe áitiúla Glenman Corporation. Is é Kingfisher Fitness Group a bhfuil sé ionad áineasa acu cheana féin sa tír atá i mbun an Ionaid a rith. Glaoigh ar Ionad Spóirt OÉ Gaillimh ar 091 570 800 nó seol ríomhphost chuig nuigalwayinfo@kingfisherclub.com. Tá eolas breise le fáil ar www.kingfisherclub.com
-críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories