Leas-Uachtarán Nua um Thaighde Ceaptha in OÉ Gaillimh

Jul 04 2008 Posted: 00:00 IST
D'fhógair OÉ Gaillimh inniu go bhfuil an tOllamh Terry Smith ceaptha mar Leas-Uachtarán um Thaighde san Ollscoil, ceapachán atá curtha i feidhm cheana féin. Is sa réimse bithmhíochaine a bhí obair an Ollaimh Smith bunaithe go dtí seo agus tá blianta fada caite aige i mbun taighde acadúil agus obair sa tionscal. Dúirt an tOllamh Smith, "cúis áthais dom glacadh leis an bpost dúshlánach seo agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe Ollscoile agus é mar aidhm agam barr feabhais a bhaint amach i gcúrsaí taighde in OÉ Gaillimh". Tá an tOllamh Smith ag feidhmiú mar Stiúrthóir ar an Ionad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine (NCBES) in OÉ Gaillimh ó 2002 i leith, agus bhí ról lárnach aige i bhforbairt an Ionaid a bhfuil breis is 400 ball ag obair ann ar chláir cheannródaíocha thaighde i réimse na hinnealtóireachta bithmhíochaine, na bitheolaíochta ailse, agus an leighis athghiniúnaigh faoi scáth na hInstitiúide um Leigheas Athghiniúnach (REMEDI). Chomh maith leis sin, bhí ról lárnach aige i mbunú comhchlár oibre le Medtronic, Cuideachta Bristol-Myers Squibb, agus Beckman Coulter. Tá sé mar aidhm aige sa phost nua seo oibriú i gcomhar le hOifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite chun cláir chomhoibrithe nua a chruthú agus cláir atá i bhfeidhm cheana féin idir an Ollscoil agus comhpháirtithe tionscail a fheabhsú. Chomh maith leis sin, dúirt an tOllamh Smith, "tá rudaí fíorshuimiúla ag tarlú in OÉ Gaillimh i láthair na huaire. Creidim gurb iad na comhaltaí foirne an acmhainn is fearr atá ag an Ollscoil. Is cinnte go bhfuil seasamh maith ag OÉ Gaillimh anois an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcaipiteal intleachtúil atá le fáil i measc phobal na hOllscoile, de bhrí go bhfuil taighdeoirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu ag obair sna disciplíní éagsúla san Ollscoil, na daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta, an eolaíocht, innealtóireacht agus leigheas san áireamh, le cois na gceapachán straitéiseach a rinneadh le tamall anuas." Sa bhliain 1990 thosaigh an tOllamh Smith ag obair mar Eolaí Sinsearach Taighde / Ceannaire Foirne le BioResearch Ireland* san Ollscoil. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí NCBES in OÉ Gaillimh agus ceapadh é mar Ollamh le hEolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine agus Stiúrthóir NCBES i mí Eanáir 2002. Bhí ról ceannaireachta aige i mbunú na hInstitiúide um Leigheas Athghiniúnach SFI CSET in 2003, le Medtronic ag feidhmiú mar phríomhpháirtí tionscail. In 2005, bhí ról lárnach aige i mbunú an Ionaid um Eolaíochtaí Bith-Anailíseacha (CBAS), an comhchlár taighde sna heolaíochtaí bithanailíseacha i gcomhar le Bristol-Myers Squibb agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ag tús 2008 rinne an tOllamh Smith an-obair chun comhchlár taighde ceithre bliana a bhunú le Beckman Coulter i ndiagnóisic mhóilíneach. Is údar agus comhúdar é an tOllamh Smith ar bhreis is 100 páipéar piarathbhreithnithe in irisí idirnáisiúnta, mar aon le comh-aireagóir ar roinnt paitinní. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr James Browne, Uachtarán, OÉ Gaillimh, faoin gceapachán,"Cúis áthais dom go bhfuil an tOllamh Terry Smith ceaptha mar Leas-Uachtarán um Thaighde. Níl amhras ar bith orm nach gcuirfidh an tOllamh Smith leis an obair iontach atá déanta le blianta beaga anuas chun maoiniú taighde a fháil agus tionscadail taighde a mbaineann tábhacht idirnáisiúnta leo a bhunú anseo in OÉ Gaillimh. Faoi stiúir an Ollaimh Smith, cruthófar timpeallacht ina mbeidh deis ag na comhghleacaithe acadúla ar fad cur le hobair thaighde na hOllscoile, agus cur leis na comhpháirtíochtaí éifeachtacha taighde atá bunaithe cheana féin."
CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories