An tAisteoir Diarmuid de Faoite Ceaptha ina Fheidhmeannach Dramaíochta ag Acadam

Aug 14 2008 Posted: 00:00 IST
Tá an t-aisteoir cáiliúil, Diarmuid de Faoite, ceaptha ina fheidhmeannach drámaíochta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Bhain Diarmuid cáil amach lena pháirt 'Jack' sa sobalchlár Ros na Rún, ar TG4, chomh maith le tréimhsí fada a bheith caite aige le RTÉ, STV (Albain), Amharclann na Cathrach, Gaillimh, Taibhdhearc na Gaillimhe agus lena chomhlacht féin, POC Productions. Go deimhin, shílfeá gur beag comhlacht drámaíochta in Éirinn nár chaith Diarmuid seal ina dteannta agus é ag plé leis an aisteoireacht ghairmiúil ó 1988 i leith. Ag obair as lámh a chéile a bheas Diarmuid de Faoite agus Riarthóir Aonad na dTaibhealaíon, Máire Áine Ní Chinnéide, agus trí chúrsa faoina gcúram: Dioplóma san Aisteoireacht (cúrsa páirtaimseartha bliana); an tArd-Dioplóma sa Drámaíocht (cúrsa iarchéime, páirtaimseartha, thar dhá bhliain); agus an Dioplóma i gCóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta (cúrsa nua lánaimseartha bliana). Ní mar aisteoir amháin atá cáil bainte amach ag Diarmuid. Mar scríbhneoir, bhuaigh a leaganacha stáitse agus teilifíse de shaol Phádraic Ó Conaire Gradam Stewart Parker/BBC NI, 2001, agus an 'Gnéchlár Faisnéise is Fearr', Féile na Meán Ceilteach, 2008, faoi seach. Anuas air sin, bhuaigh sé an 'Léiriú is Fearr' dá leagan stáitse de 'Paris, Texas' lena chomhlacht POC Productions, ESB Dublin Fringe Fest 2003, chomh maith le Duais Aitheantais an Oireachtais, 2002. Ní haon strainséir é Diarmuid don mhúinteoireacht ach an oiread. Agus é ag feidhmiú mar oifigeach oideachais leis an gcompántas dramaíochta, Na Fánaithe, reáchtáil sé cúrsaí drámaíochta sna bunscoileanna i gConamara agus i Maigh Eo Theas, chomh maith le ceardlanna lae do gach aoisghrúpa ar fud na tíre. Mhúin sé drámaíocht ar na dianchúrsaí aisteoireachta 'Lasair' in Éirinn agus in Albain agus tá ceardlanna drámaíochta agus forbairt phearsanta cumtha agus stiúrtha aige do Learning Waves, Ros na Rún, Solas agus POC, chomh maith le comhlachtaí agus eagraíochtaí eile. Deir Diarmuid go dtaispeánann an fás agus forbairt iontach atá tagtha ar chúrsaí drámaíochta trí Ghaeilge na deiseanna ollmhóra a bhaineann leis na healaíona chun athruithe dearfacha a chur i bhfeidhm sa tsochaí. "Má thógtar an drámaíocht, mar shampla", deir sé, "tuigtear anois a éifeachtaí is atá sí chun forbairt phearsanta, cumas teanga, cumarsáid agus féinmhuinín an duine a fheabhsú." I dtuairim Dhiarmada, "Trasnaíonn an ealaín gach teanga, inscne, aicme agus teideal; ach oiread leis an mbás, tá sí thar a bheith daonlathach!" "Is ar mhórphictiúr forbartha agus fostaíochta atá Aonad na dTaibhealaíon, OÉ Gaillimh, dírithe", a deir Diarmuid. "Úsáidtear eilimintí drámaíochta go rialta anois i gcúrsaí forbartha agus san earnáil chorparáideach chun smaointeoireacht úr a spreagadh. Freisin, tuigtear sa chóras bunscoile tábhacht na drámaíochta mar áis teagaisc agus foghlama agus é ar an gcúrsa léinn anois" a dúirt sé. Deir Máire Áine Ní Chinnéide, Riarthóir Aonad na dTaibhealaíon, OÉ Gaillimh, go mbíonn teagmháil leanúnach ag an aonad le gach ceann de na "comhlachtaí drámaíochta Gaeilge, le hEalaín na Gaeltachta, le féilte agus comhlachtaí léiriúcháin, chomh maith le healaíontóirí agus ceoltóirí aonaracha, lena chinntiú gur cúrsaí den chaighdeán is airde atá á soláthar againn agus deiseanna fostaíochta dá réir. Nasc breise leis an tionscal é ceapachán Dhiarmada". Tá gach dóchas ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gur céim mhór ar son na healaíne agus cúrsaí oideachais tríú leibhéil i gcoitinne é ceapachán Dhiarmada.
CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories