Déan Nua Staidéir Iarchéime in OÉ Gaillimh

Apr 14 2008 Posted: 00:00 IST
Tá an Dr. Pat Morgan ceaptha ag OÉ Gaillimh sa phost nua – Déan Staidéir Iarchéime. Roimhe seo bhí an Dr. Morgan ag obair mar Dhéan ar Choláiste na hEolaíochta san Ollscoil (1998-2004) agus le píosa anuas bhí sí ag obair mar Leas-Déan Réamhchliniciúil i gColáiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte.

Tá 3,500 mac léinn iarchéime nó 'ceathrú leibhéal' in OÉ Gaillimh, agus tá os cionn 400 clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha á tairiscint aici, lena n-áirítear cláir mháistreachta theagaisc agus thaighde agus roghanna taighde dochtúireachta. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an líon mac léinn iarchéime ar aon dul leis an méadú i ngníomhaíocht taighde na hOllscoile, agus díreoidh an Dr. Morgan ar chláir Ph.D. ar ardchaighdeán a sholáthar.

Chomh maith leis sin, tacóidh an Dr. Morgan le forbairt na Scoileanna Iarchéime nua in OÉ Gaillimh. Le cois tionscnaimh bunaithe in OÉ Gaillimh, cuirfear béim ar chomhoibriú idir institiúidí agus ar mhic léinn idirnáisiúnta ar ardchaighdeán a mhealladh le dul i mbun clár anseo.

Le linn don Dr. Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, a bheith ag labhairt faoin gceapachán dúirt sé go bhfuil "an Ollscoil tiomanta do chláir thaighde agus theagaisc iarchéime ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur ar fáil. Tá cláir iarchéime bunaithe ar réimsí láidre acadúla na hOllscoile agus béim go háirithe ar ár nIonaid Taighde atá bunaithe le fada, agus réimsí ar nós Eolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine, Cearta Daonna, Scannáin & na Meáin Dhigiteacha, Leigheas Athghiniúnach agus Muireolaíocht."

Le linn don Dr. Morgan a bheith ag labhairt faoina ceapachán dúirt sí go bhfuil "méadú as cuimse tagtha ar an líon mac léinn atá ag staidéar ag an gceathrú leibhéal. Is é an rud is tábhachtaí nach gciallaíonn an fás as cuimse seo go mbeidh taithí na mac léinn thíos leis dá bharr, agus a chinntiú go gcuirimid an raon scileanna agus oiliúna ar fáil le freastal ar riachtanais mac léinn iarchéime."

Bunaithe ar an téama 'ceathrú leibhéal', tá deiseanna iarchéime OÉ Gaillimh anois á bpoibliú faoi go4th™. Tá réamheolaire ar líne maidir leis na cúrsaí ar fad atá ar fáil in OÉ Gaillimh le fáil ag www.go4th.ie

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories