An tUachtarán Mhic Giolla Íosa leis an Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh i

Sep 07 2007 Posted: 00:00 IST
Is é a bheidh mar aidhm ag an Ionad seo ceisteanna tábhachtacha maidir le leanaí agus teaghlaigh i sochaí na hÉireann a réiteach agus a chinntiú go mbeidh torthaí a gcuid oibre le feiceáil

Seolfaidh an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an tIonad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh (CRFC) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, inniu, Dé hAoine, an 7 Meán Fómhair 2007. Tá sé mar aidhm ag an Ionad saol leanaí agus a dteaghlaigh a fheabhsú, agus cleachtas agus beartas a chur chun cinn in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, trí thaighde, trí mheasúnacht agus trí fhorbairt seirbhíse.

Dúirt an Dr Pat Dolan, Stiúrthóir an Ionaid Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh, go bhfuil gá le tuilleadh taighde atá dírithe ar bhealaí a aimsiú chun tacú le leanaí agus le teaghlaigh atá i ngéarchéim sula dtéann na fadhbanna atá acu i ndonas. Dúirt sé: "Cé go dtarraingítear aird an phobail ar dheacrachtaí sóisialta cosúil le bochtaineacht i measc leanaí, féinmharú i measc na n-óg agus foréigean i measc teaghlach, ní tharraingítear aird ar bith ar dheacrachtaí a réiteach agus ní chuirtear na réitigh seo in iúl do pháirtithe leasmhara, na teaghlaigh féin san áireamh".

Tá an seoladh seo ag tarlú ag tráth a bhfuil forbairt ag teacht ar acmhainn an Ionaid oibriú go díreach le lucht déanta beartais agus príomhghairmithe cúraim leanaí cosúil le hoibrithe sóisialta, múinteoirí agus oibrithe pobail don aos óg, mar fhreagairt ar an éileamh atá ann do sheirbhísí a chinntíonn na torthaí is fearr do leanaí agus do theaghlaigh.

D'fháiltigh an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán, OÉ Gaillimh roimh bhunú an Ionaid agus an méid seo a leanas á rá aige: "Beidh tionchar díreach ag an gcomhpháirtíocht speisialta seo idir an Ollscoil agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le tacaíocht ó Atlantic Philanthropies Ireland, ar cháilíocht beatha leanaí agus teaghlach in Éirinn trí thorthaí taighde agus teagaisc. Léargas eile fós é bunú an Ionaid seo ar an bhforbairt leanúnach atá ar siúl againn maidir le hionaid taighde agus beartais eolaíochta sóisialta den scoth a fhorbairt ar ár gcampas."

In 2007, bhronn The Atlantic Philanthropies Ireland tacaíocht shuntasach ar an Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh faoi Chlár na Leanaí faoi Mhíbhuntáiste agus na nÓg. Is é atá mar aidhm leis an gclár seo sláinte agus saol níos fearr a chinntiú do dhaoine óga a bhfuil deacrachtaí áirithe le sárú acu. Sna cúig go deich mbliana amach romhainn forbrófar an CFRC mar ionad feabhais. Beidh breis agus 20 comhalta foirne lánaimseartha agus mic léinn PhD, mar aon le clár cuairte dáimhe idirnáisiúnta san Ionad.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories