Cúrsa Teilfíse i nGaoth Dobhair

Tuesday, 8 May 2007

Tá ag éirí go hiontach leis na mic léinn a d'fhreastail ar an Dioplóma i Scileanna Teilifíse in Ionad na hOllscoile i nGaoth Dobhair le 4 bliana anuas. Le déanaí, bhuaigh an clár Siúlach Scéalach, a léirigh mic léinn an chúrsa agus mic léinn an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, (An Cheathrú Rua), an léiriúchán teilifíse i nGaeilge is fearr ag comórtas SMEDIA i mBaile Átha Cliath. Taifeadadh an clár faisnéise i nGaeltacht Ghaoth Dobhair ag tús na bliana.

Tá an cúrsa seo ag tosú arís i mí Mheán Fómhair i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus tá an tIonad i nGaoth Dobhair ag glacadh le hiarratais anois. Ní bheidh táillí le híoc chun freastal ar an chúrsa seo agus íocfar liúntas cothabhála leis na rannpháirtithe.

Tá iarmhic léinn ó chúrsa Ghaoth Dobhair ag obair le comhlachtaí teilifíse ar fud na tíre agus tá ag éirí go geal leo. Tagann mic léinn as gach cearn den tír le freastal ar an chúrsa seo agus baineann siad sult agus tairbhe as. Duine acu sin, Séamus Ó Súilleabháin as Cúil Aodha i gCo. Chorcaí: "Bhain mé an-sult as an gcúrsa agus as an am a chaith mé i nGaoth Dobhair. Chuaigh an bhliain thart róghasta". Tá Séamus ag obair mar eagarthóir le Nemeton anois thíos i bPort Láirge agus tá dúil bhreá aige ann.

Dúirt sé freisin: "Tá suim mhór agam i spórt agus is minic a bhím ag déanamh eagarthóireachta ar chláracha peile. Mar sin de, ní bhíonn deacracht ar bith agam ag éirí ar maidin le dul ag obair"

Duine eile a rinne an cúrsa ná Fiona Ní Chléirigh as Gaoth Dobhair. Mar chuid den chúrsa, chuaigh Fiona amach ar thaithí oibre le Telegael, comhlacht leiriúcháin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, agus anois tá post lánaimseartha aici leo i mBéal Feirste. "Tá dúil bhreá agam sa phost. Ós rud é go raibh trealamh den scoth againn ar an chúrsa bhí mé ábalta teacht isteach ar an dóigh a n-oibríonn achan rud san ionad oibre. Tá mé breá ábalta tabhairt faoi eagarthóireacht, grafaicí agus meascadh fuaime anois."

Rinne Louise Ní hAnachaí as Baile Átha Cliath an cúrsa anuraidh agus dúirt sí: "Chuidigh an cúrsa liom áit a fháil sa 4ú bliain den chúrsa céime sa chumarsáid in Institiúid Teicneolaíochta Thamhlacht. Ní raibh le déanamh agam ach bliain amháin agus fuair mé Céad Onóracha sa chéim i mbliana."

Chun bróisiúr a fháil, cuir glaoch ar an Ionad ag (074) 9531919.

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories