OÉ Gaillimh le Céim Dhochtúireachta Oinigh a bhronnadh ar Bhéaloideasaí aitheant

Monday, 18 June 2007

Tá Céim Dhochtúireachta Oinigh sa Litríocht le bronnadh ag OÉ Gaillimh ar an mbealoideasaí aitheanta, an tUasal Tom Munnelly mar chomhartha aitheantais ar na blianta fada dá shaol atá caite aige ag bailiú agus ag foilsiú idir amhráin tíre agus béaloideas in Éirinn. Bronnfar an chéim oinigh ar an Uasal Munnelly ag searmanas bronnta an tsamhraidh anseo san Ollscoil Dé Máirt, an 19 Meitheamh 2007.

Tá aithne ar Tom Munnelly mar dhuine de na príomhbhailitheoirí d'amhráin Bhéarla thraidisiúnta na hÉireann ar fud na cruinne; tá breis is 20,000 amhrán bailithe aige go dtí seo. Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath é an tUasal Munnelly agus tá sé ag obair mar chartlannaí/bailitheoir i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1978 bhog sé go hIarthar Chontae an Chláir agus ó shin i leith tá os cionn 4,000 amhrán bailithe aige ó amhránaithe traidisiúnta ón gceantar. Lena chois sin, tá amhráin, ceol agus béaloideas bailithe aige i bhformhór de chontaetha na hÉireann.

Seo a leanas a bhí le rá ag an Dr Pádraig Ó Héalaí, iar-Léachtóir le Gaeilge in OÉ Gaillimh: "Is cinnte gur áis iontach a bheidh sa mhéid oibre atá déanta ag Tom Munnelly do dhaoine a bheidh i mbun staidéir ar bhéaloideas na hÉireann amach anseo. Thiomsaigh sé innéacs den fhilíocht bhéil Bhéarla ar fad atá le fáil in Imleabhar 1 go 2000 de lámhscríbhinní Chartlann Bhéaloideas Éireann, thart ar 18,000 mír ar fad, mar aon le córas aicmiúcháin a fhorbairt don ábhar seo bunaithe ar mhúnlaí a nglactar leo go hidirnáisiúnta.

"Cé gur chruthaigh Tom go hiontach mar chartlannaí, is cinnte go bhfuil obair éachtach déanta aige mar bhailitheoir den traidisiún béil. Tá breis is 1,000 uair an chloig d amhráin agus seanchas bailithe aige agus níl bailiúchán chomh cuimsitheach d'amhráin thraidisiúnta Bhéarla curtha le chéile ag aon duine amháin riamh in Éirinn agus atá ag Tom. Cuireann an méid seo ar fad go mór leis an mBailiúchán Náisiúnta Béaloidis agus cuireann sé go mór leis an mbunachar sonraí a bheidh ar fáil amach anseo do scoláirí sa réimse seo."

Tá an tUasal Munnelly ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Cheol Tíre Éireann, d'oibrigh sé mar Chathaoirleach ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus ar Scoil Samhraidh Willie Clancy agus is iomaí ról a bhí aige ar an gComhairle Ealaíon. Is léir ón mbaint a bhí aige leis na comhlachtaí seo mar aon leis an ról a bhí aige i gcumainn stairiúla agus ceol tíre áitiúla, scoileanna béaloidis agus féilte amhránaíochta a bhunú, go bhfuil an t-uafás oibre déanta aige le cur le saol cultúrtha na hÉireann.

I mí na Bealtaine 2007, bronnadh Festschrift, 'Dear Far-voiced Veteran' (curtha in eagar ag an Dr Anne Clune) ar Tom. Bailiúchán aistí scríofa ag 28 údarás idirnáisiúnta faoi cheol agus amhrán na hÉireann atá ann chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach aige.

Ag an Searmanas Bronnta in OÉ Gaillimh bronnfar Céim Dhochtúireachta Iarbháis ar theaghlach an Uasail John Mulqueen, fear de bhunadh Chill Rois, Co. an Chláir, ach a bhí ag cur faoi i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Iowa ba ea John, mar aon le Léachtóir Cúnta i Roinn na hInnealtóireachta Sibhialta, fostaí san Fhoras Talúntais agus Teagasc agus saineolaí idirnáisiúnta ar ithreacha. Cailleadh John in 2006.

Bronnfar céimeanna agus dioplómaí ar thart ar 200 mac léinn ó Dhámh an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte, Dámh na hInnealtóireachta, Dámh na Tráchtála, Dámh na hEolaíochta, Dámh an Dlí agus Dámh na nDán ag an searmanas.

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories