Micheál Ó Cuaig ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis ag Ollscoil na hÉirea

Jan 29 2007 Posted: 00:00 GMT
Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go bhfuil Micheál Ó Cuaig, as Aill de Brún i leathpharóiste Chill Chiaráin, ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaitheach as seo go ceann bliana.

Tá cuid mhór dá shaol caite ag Micheál le múinteoireacht ó bhain sé céim amach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i 1970. Bhí sé ina Phríomh-oide ar Scoil Naomh Ciarán ar feadh 16 bliain nó gur éirigh sé as an múinteoireacht anuraidh.

Tá cáil air chomh maith mar fhile agus go leor duaiseanna Oireachtais bronnta air. D'fhoilsigh sé dhá chnuasach filíochta Uchtóga (1985) agus Clocha Reatha (1985) atá molta go hard ag léirmheastóirí as an meascán de mhothú leochaileach agus de mháistreacht teangan atá iontu.

Is é Joe Éinniú ba mhó a spreag a shuim sa sean-nós agus tá Féile Chomórtha Joe Éinniú a reachtáil aige ó cuireadh ar bun í i 1985. Cúpla bliain ó shin fuair sé cóip de bhailiúchán Joe Éinniú in Ollscoil Washington, Seattle agus tá an bailiúchán sin lonnaithe anois in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna.

Bhí sean-nós á theagasc agus á chur chun cinn aige sna scoileanna tráth nach raibh an oiread ranganna ar fáil is atá anois. Chomh maith leis sin tá coirmeacha ceoil agus ceardlanna amhránaíochta eagraithe aige in Éirinn agus in Albain. Uair sa bhliain, tugann sé ceoltóirí ar ardchaighdeán chuig bunscoileanna Iorras Aithnigh.

Tá sé pósta le Mairéad Ní Chonghaile is tá seachtar clainne orthu.

Chomh maith le taifeadadh a dhéanamh ar a stór féin amhrán agus saothair a bhailiú ó amhránaithe eile, beidh ceardlanna agus seisiúin amhránaíochta á reachtáil ag Micheál san Ollscoil féin agus in áiteanna éagsúla ar fud Chonamara as seo go ceann bliana.

Beidh an tsraith cheardlann in Ionad an Léinn Éireannaigh ag tosnú ag 7.00in Dé Máirt 13 Feabhra.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon i bpáirt le hIonad an Léinn Éireannaigh atá ag maoiniú an togra seo.

Tuilleadh eolais: Samantha Williams, Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh. Guthán: 091 49 2051. Ríomhphost: samantha.williams@nuigalway.ie

Críoch

PreviousNext

Featured Stories