Seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil ó Mhalartán OÉ Gaillimh

Feb 05 2007 Posted: 00:00 GMT

5 Feabhra: Mar chuid de chur i bhfeidhm Scéim Teanga na hOllscoile a aontaíodh mar chuid d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuirfear seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil do chustaiméirí a ghlaonn ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh custaiméirí in ann teacht ar an tseirbhís nua ón 1 Feabhra 2007 ar aghaidh. Is í príomh aidhm na Scéime ná go gcuirfí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil i réimse na hacadúlachta, an riaracháin agus na seirbhíse ginearálta.

Nuair a aontaíodh an Scéim le hOifig an Choimisinéara Teanga, earcaíodh beirt Fheidhmeannach Teanga go speisialta chun an Scéim a chur i bhfeidhm. Chas na Feidhmeannaigh Theanga mar Aonad Iniúchta le comhaltaí foirne i gceithre spriocroinn go dáta, comhaltaí foirne an mhalartáin ina measc. Tá an t-athrú do chóras an mhalartáin mar chuid de thoradh an phróisis seo.

Seo mar a labhair Uachtarán na hOllscoile, An Dr Iognáid Ó Muircheartaigh "Ní bheidh le déanamh ag an gcustaiméir ach an tseirbhís a éileamh trí chnaipe a bhrú. Mura mbeidh an córas uathoibríoch in ann cuidiú leis an gcustaiméir, beidh an custaiméir in ann labhairt le hoibreoir malartán a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici."

Lean an tUasal Ó Muircheartaigh "Tá dualgas faoi leith orainn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge i gcoitianta. Tá teanga na Gaeilge lárnach d'fhís fhadtréimhseach na hOllscoile agus táimid an bhuíoch de lucht bainistíochta, teicneoirí agus oibreoirí de chuid an mhalartáin as ucht an tseirbhís iontach seo a chur ar fáil. Mar gheall gurb é an malartán an chéad phointe teagmhála leis an bpobal, tá sé seo thar a bheith tábhachtach. "

Mar fhocal scoir dúirt an tUachtarán " Ní dhéanfar aon athrú ar an gcóras a fhreastalóinn ar chustaiméirí a roghnaíonn seirbhís trí mheán an Bhéarla. Ní bheidh le déanamh ag an gcustaiméir a bhfuil seirbhís trí mheán na Gaeilge uaidh/ uaithi ach uimhir a ceathair a bhrú ag tús chlár an mhalartáin. Cuireadh a leithéid de sheirbhís dhátheangach ar fáil le linn saoire na Nollag agus fuarthas aischothú thar a bheith dearfach ó chustaiméirí an mhalartáin. Tá súil againn go gcuideoidh soláthar na seirbhíse nua seo lenár gcustaiméirí uile. Beidh feabhas ag teacht ar sheirbhísí i gcoitianta trí Ghaeilge san Ollscoil mar chuid de chur i bhfeidhm na Scéime agus déarfainn le pobal na Gaeilge is libhse na seirbhísí seo , éilígí iad."

Le aghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Dáithi Ó Madáin, Áras na Gaeilge ag 091-495449 nó rphost ag daithi.omadain@oegaillimh.ie nó Lisa Ní Fhlatharta, Áras na Gaeilge ag 091 495451 nó rphost ag lisa.nifhlatharta@oegaillimh.ie

- CRÍOCH -

PreviousNext

Featured Stories