Drama le Biddy Jenkinson á léiriú ag an gcúrsa Ard-Dioplóma sa Dramaíocht ag OÉ

Feb 26 2007 Posted: 00:00 GMT

Beidh dráma nua Crosántacht leis an scríbhneoir iomráiteach Biddy Jenkinson á léiriú ag an gcúrsa Ard-Dioplóma sa Drámaíocht, faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire, i Seanscoil Sailearna, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 10 - 11 Márta 2007, ag a 8.00 i.n.

Is ócáid ar leith é léiriú an dráma seo mar gurb é seo léiriú cinn chúrsa an Ard-Dioplóma sa Drámaíocht, cúrsa nua atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

"Tugann an dráma deis do na mic léinn na scileanna a d'fhoghlaim siad i rith an chúrsa a tharraingt le chéile agus tugann sé deis dóibh freisin oibriú in éineacht le léiritheoir proifisiúnta agus scríbhneoir iomráiteach. Tá gach duine idir chliar agus chriú ag obair go dian chun an dráma a chur ar an stáitse" a deir stiúrthóir an chúrsa, Nora Nic Con Ultaigh.

Dráma dúthshlánach, fisiciúil agus dána é Crosántacht a dhéanann cur síos ar a thárlaíonn do Ghráinne, Iníon Chormaic Mhic Airt, nuair a shocraíonn sí filleadh ar Theamhair, den chéad uair le cúig bliana déag, tar éis di éalú le Diarmuid Ó Duibhne.

Níl Crosáin Charna róshásta nuair a thuigeann siad go bhfuil Ailbhe, leasdeirfiúr Ghráinne, ag pósadh ag breacadh an lae agus gan scéala faighte acu faoi bhainis ar bith – ainneoin iad ag troid i gcoinne na nAllmhúrach atá tagtha i dtír i Ros An Mhíl agus atá ag bánú Conamara leis an Dragan Tine atá acu. Tá sé in am acu Crosáin Dhuibhlinne a chur ina gceart…

Ochtar aisteoirí, iliomad carachtair, diabhlaíocht, dánacht, damhsa agus drúis, corrdhuine bocht - ag Crosántacht!

Beidh luach €10.00 an ceann ar na ticéid agus is féidir ticéid a chur in áirithe nó breis eolais a fháil faoin dráma ach glaoch ar Nóirín in oifig Sheanscoil Sailearna ar 091 593017.

-Críoch–

Tuilleadh eolais: Bríd Seoige, Acadamh na hOllscolaiochta, OÉ Gaillimh 091-495302 nó 087-1266353

PreviousNext

Featured Stories