Fáilte roimh an bpobal cur isteach ar áit ar an gcúrsa Dioplóma i Scileanna Raid

Thursday, 23 August 2007

Tá roinnt áiteanna fós á dtairiscint ar an gcúrsa Dioplóma sna Dána atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Reáchtálfar sraith agallamh ar an 31 Lúnasa dóibh siúd ar spéis leo áit a fháil ar an gcúrsa seo a thosóidh an 7 Meán Fómhair.

Tá an cúrsa seo feiliúnach d'iriseoirí, do chraoltóirí agus do dhaoine eile atá ag obair le stáisiún raidió faoi láthair nó a bhfuil baint acu le craoltóireacht trí Ghaeilge nó, go deimhin, daoine atá ag iarraidh a gcuid scileanna trí Ghaeilge a fheabhsú.

Tá an cúrsa lánaimseartha bliana seo, An Dioplóma i Scileanna Raidió, ar siúl le ceithre bliana anuas agus áirítear na hábhair seo a leanas i measc ábhair an chúrsa: scileanna iriseoireachta agus craoltóireachta; léiriú agus iarléiriú fuaime agus raidió; eitic agus dlí; agus scileanna cumarsáide pearsanta.

Is iad príomhtheagascóirí an chúrsa seo na hiriseoirí Norita Ní Chartúir agus Uinsionn Mac Dubhghaill. Tá taithí na mblianta ag Norita Ní Chartúir mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá taithí ag Uinsionn Mac Dubhghaill mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times agus mar iriseoir le TG4.

Le linn an chúrsa, leagtar an-bhéim ar scileanna praiticiúla, chun na mic léinn a ullmhú i gcomhair fostaíochta in earnáil an raidió, os comhair an mhaidhc mar láithreoirí nó taobh thiar den deasc mar theicneoirí nó léiritheoirí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Norita Ní Chartúir, comhordaitheoir an chúrsa: "Is iontach go deo an fhorbairt atá tagtha ar dheiseanna fostaíochta san earnáil cumarsáide Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá an-éileamh ag eagraíochtaí ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Telegael, Abú Media agus go leor cuideachtaí léiriúcháin agus stáisiúin raidió eile ar dhaoine a bhfuil na scileanna cuí craoltóireachta agus fuaime acu, chomh maith le scileanna teicniúla. Tá thart ar 40 stáisiún raidió ag craoladh in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil deiseanna éagsúla oibre ann do dhaoine a dhéanann an cúrsa seo".

I measc na ndaoine a rinne an cúrsa seo tá Gemma Ní Chionnaith ó Anocht FM ar RTÉ RnaG agus beidh Gemma le feiceáil ar chlár teilifíse tallainne nua ar TG4 "Glas Vegas" sna míonna amach romhainn. Chríochnaigh Nóra Ní Ghríofa arbh as Gaillimh ó dhúchas di, an cúrsa anuraidh agus thosaigh sí ag obair sa seomra nuachta in RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí. I measc na ndaoine eile a rinne an cúrsa tá Gearóid Breathnach agus Máirín Uí Chnáimhsí, atá anois ag obair mar theicneoirí craolacháin in RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá Ciara Dolphin ag obair go páirtaimseartha mar oifigeach caidrimh phoiblí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá Mairéad Uí Dhomhnaill ag obair mar shaoririseoir do RTÉ i mBaile Átha Cliath.

Tá Údarás na Gaeltachta ag soláthar tacaíochta don chúrsa seo, dá bhrí sin, ní ghearrtar aon táille ar na mic léinn a dhéanann an cúrsa agus íocann an tÚdarás liúntas seachtainiúil leo chomh maith.

Is é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Ionad Foghlama agus Buanaithe na Gaeilge agus is cuid d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é.

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories