'Litríocht agus Cultúr' Conference at NUI Galway Dedicated to Máirtín Ó Cadhain

Oct 10 2006 Posted: 00:00 IST

(English version below)

Reachtálfar Comhdháil: Litríocht agus Cultúr na Gaeilge in Áras na Gaeilge, OÉ, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn, 13-14 Deireadh Fómhair.

Tá comhdháil na bliana seo tiomanta do Mháirtín Ó Cadhain agus beidh na haoichainteorí ag díriú ar ghnéithe éagsúla dá shaol agus dá shaothar: Alan Titley (iriseoireacht an Chadhnaigh), Brian Ó Conchubhair (úrscéalta an Chadhnaigh) agus Joe Steve Ó Neachtain (rútaí an Chadhnaigh). Ina theannta sin beidh cúigear den 19 cainteoir eile ag plé leis an gCadhnach, ms, Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an gCadhnach agus Óglaigh na hÉireann, agus Pádraigín Ní Cheallaigh ag caint ar an gCadhnach mar ollamh ollscoile.

Seolfaidh Seán Ó Cadhain Cré na Cille, dlúthdhioscaí an leagain dhrámatúil le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (RTÉ, Raidió na Gaeltachta agus Cló Iar-Chonnachta) ar a sé a chlog Dé hAoine, agus léireoidh Aisteoirí Bulfin An Eochair, leagan drámatúil de ghearrscéal cáiliúil an Chadhnaigh, i dTéatar Chearbhalláin ar a hocht oíche Dé Sathairn.

Ina theannta sin bronnfaidh Joe Steve Ó Neachtain cóip de bhunscríbhinn Baile an Droichid ar Mharie Reddan, Leabharlannai na hOllscoile, tar éis a léachta féin tráthnóna Dé Sathairn. Osclóidh an Dr Caitriona Clear, Leas-Déan Dhámh na nDán, an chomhdháil tráthnóna Dé hAoine ag 3.15.

Tuilleadh faisnéise ó Rúnaí Scoil na Gaeilge: fiona.depaor@oegaillimh.ie -----------------------------------------------------------

A conference entitled Litríocht agus Cultúr na Gaeilge (Irish Language Literature and Culture) will be held in Áras na Gaeilge, NUI Galway on Friday and Saturday, 13-14th of October.

This year's conference is dedicated to Máirtín Ó Cadhain and the guest speakers will focus on different aspects of his life and work: Alan Titley (Ó Cadhain's journalism), Brian Ó Conchubhair (Ó Cadhain's novels) and Joe Steve Ó Neachtain (Ó Cadhain's background). Five of the other nineteen speakers will also discuss Ó Cadhain, e.g., Nollaig Ó Gadhra will speak of Ó Cadhain and the IRA, and Pádraigín Ní Cheallaigh will talk about Ó Cadhain as a university professor.

Seán Ó Cadhain will launch Cré na Cille, CD recordings of Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha's dramatisation of the novel (RTÉ Raidió na Gaeltachta and Cló Iar-Chonnachta) at six o'clock on Friday, and Aisteoirí Bulfin will be on stage with their version of An Eochair, a dramatised version of Ó Cadhain's well-known short story, in Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, at eight o'clock on Saturday night.

Joe Steve Ó Neachtain will present Marie Reddan, the University Librarian, with a copy of Baile an Droichid's original manuscript, after his own lecture on Saturday afternoon.

Dr Caitríona Clear, Deputy Dean of the Faculty of Arts, will launch the conference on Friday afternoon at 3.15pm.

Further information from the Scoil na Gaeilge secretary: fiona.depaor@oegaillimh.ie

- ends -

PreviousNext

Featured Stories