Tugann OÉ Gaillimh aitheantas do Lorna MacMahon ag Searmanas Bronnta Céimeanna a

Wednesday, 29 November 2006

28 Samhain 2006: Bhronn Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh céim Mháistreachta sna Dána (honoris causa) ar Lorna MacMahon inniu. Gairneoir agus gníomhaire pobail as Gaillimh í Lorna, a bhfuil aithne ag go leor de mhuintir na Gaillimhe uirthi. Bronnadh an chéim uirthi le linn shearmanas Bronnta Céimeanna an Gheimhridh OÉ Gaillimh, searmanas ar bronnadh céimeanna agus dioplómaí ar os cionn 650 mac léinn as na Dámha éagsúla.

Tá os cionn 35 bliain caite ag Lorna MacMahon ag dearadh gairdíní, a gairdín féin Ard Carraig san áireamh, gairdín a bhfuil duaiseanna bronnta air. Bhíodh Ard Carraig oscailte don phobal gach uile bhliain. Chomh maith leis sin, chaith Lorna blianta fada ag obair mar theiripeoir gairneoireachta san Aonad Síciatrachta in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Craobh na Gaillimhe de Mental Handicap Ireland, agus bhí sí ina Cathaoirleach agus Stiúrthóir ar an Galway Mental Health Association Ltd.

Seo a leanas a bhí le rá ag an Dr Gerry Beggan, Léachtóir le hOideachas in OÉ Gaillimh tráth, le linn dó a bheith ag labhairt ag an searmanas: "Is cinnte go bhfuil an chéim seo tuillte go maith ag Lorna mar gheall ar an méid oibre atá déanta aici ar mhaithe le heolaíocht gairneoireachta a chur chun cinn agus chomh tiománta agus a bhí sí d obair charthanachta".

Bhí trí shearmanas ar siúl i rith an lae agus bronnadh céimeanna ar chéimithe ó Dhámh na nDán, Dámh na Tráchtála, Dámh na hEolaíochta, Dámh na hInnealtóireachta, Dámh an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte agus Dámh an Dlí.

Seo a leanas a bhí le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, le linn dó a bheith ag labhairt ag na searmanais: "Is é atá mar aidhm ag OÉ Gaillimh feabhas a bhaint amach sa teagasc, taighde den scoth a chur chun cinn, a bheith tiomanta do agus baint a bheith againn leis an gceantar mórthimpeall ar an Ollscoil, tacú le hoideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge, agus thar ní ar bith eile, a chinntiú go bhfuil baint ag na mic léinn leis na gníomhaíochtaí ar fad atá ar siúl san Ollscoil. "

Bronnadh céimeanna ar mhic léinn ó chúrsaí nua den chéad uair ag an searmanas freisin, cúrsaí cosúil le Céim Onórach Baitsiléara Eolaíochta Altranais; Máistreacht Eolaíochta (Córais Bhogearraí agus Faisnéise) (Cianfhoghlaim) i gcomhar le hOllscoil Regis, Denver SAM; agus Máistir Dlí sa Dlí Poiblí.

- críoch -

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories