Seolann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge DVD Claíocha Arda ar shaol agus ar sh

Nov 02 2006 Posted: 00:00 GMT

02 Samhain 2006: Seolfaidh Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an DVD Claíocha Arda, ina bhfuil cur síos ar shaol agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain ag Oireachtas na Gaeilge i nDoire ar an Satharn, 4 Samhain 2006 ag 2.30 i.n. sa Millennium Forum. Tugann Claíocha Arda spléachadh ar an bhfís gheal ar chaith Máirtín Ó Cadhain a shaol léi. Tá an DVD Claíocha Arda eisithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid den chomóradh 100 bliain ar bhreith Mháirtín Uí Chadhain.

Mhair Máirtín Ó Cadhain le linn don chéad naoi mbliana don craoladh teilifíse in Éirinn. Dá réir níl an oiread taifead físe dó ar fáil. Tugann an DVD seo an chuid is fearr de chartlann RTÉ le chéile. Tugtar deis cainte don Chadhnach féin cur síos ar a óige, a scolaíocht, poblachtánachas, tús na scríbhneoireachta, litríocht, agus síol na scéalaíochta - an grá! "Silim gan an grá níl aon scéalaíocht" a dúirt Máirtín.

Úsáidtear ceol le Shostakovich, fear eile a bhfuil comóradh 100 bliain a bhreithe i mbliana, coinséartó cáiliúil uimhir a trí de chuid Rachmaninov, agus píosa le Stravinsky, d'fhonn atmaisféar a chruthú leis na pictiúir dhubha agus bhána. Bhí teanga na Rúise ag Ó Cadhain agus chuir sé spéis in obair na mórscríbhneoirí Rúiseacha ar nós Dostoevsky, Chekhov agus Maxim Gorki.

Léirítear sliocht as pièce de résistance Uí Chadhain Cré na Cille agus déantar trácht ar fhoinse an úrscéil agus a charachtair sa DVD. Threabh Máirtín Ó Cadhain iomaire na litríochta Gaeilge san aois seo caite. D'fhág sé oeuvre atá i gcroílár litríocht na hÉireann. Is é Claíocha Arda a scéal is a dhán.

Dúirt Peadar Mac an Iomaire "is inspioráid an scannán seo do dhaoine óga agus do dhaoine nach bhfuil chomh hóg le léiriú a fháil ar dhílseacht agus ar dhúthracht an fhir seo ar son a mhuintire féin. Ag an am céanna, ní raibh na hacmhainní faoina lámh lena linn a thabharfadh an deis dó féin agus don mhuintir sin a bhí gar dá chroí iad féin a chumasú mar ba mhian leis".

Tá líon teoranta cóipeanna den DVD (500 cóip) le díol ón 7 Samhain 2006 ar aghaidh ach teagmháil a dhéanamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge 091 492428 nó caitriona.nichoirbhin@oegaillimh.ie

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories