An tionscnamh 'Sport for Success' ina dhroichead chuig an oideachas tríú leibhéa

Mar 22 2006 Posted: 00:00 GMT
Tabharfar onóir do dhaltaí ó bhunscoileanna ar leith i gCathair na Gaillimhe a bhí rannpháirteach i gclár 'Sport for Success' OÉ Gaillimh, clár a ceapadh le daltaí i gceantair faoi mhíbhuntáiste a spreagadh le cloí lena gcuid oideachais go dtí an tríú leibhéal.

Déardaoin, 23 Márta 2006, ag searmanas speisialta i dTéatar Uí Fhlaitheartaigh, Foirgneamh na nDán/na hEolaíochta ag 7.30pm bronnfaidh John O'Donoghue, TD, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, teastais ar dhaltaí as Scoil Bhuachaillí Naomh Micheál, Muirbheach, as Scoil Chailíní na Tríonóide Naofa, Muirbheach agus as Scoil Bhríde, Seantalamh, atá i ndiaidh an cúrsa a chríochnú.

Is tionscnamh ina nasctar an spórt agus obair bhaile é 'Sport for Success,' atá ina chuid de Chlár Rochtana OÉ Gaillimh ó 2002, agus cuireann sé an t-oideachas tríú leibhéal agus luach an oideachais ann féin chun cinn, mar aon le teicnící agus scileanna spóirt a fheabhsú.

Tagann daltaí ó rang 4, 5 agus 6 isteach san Ollscoil tráthnóna amháin sa tseachtain i rith théarma an earraigh agus cuireann mic léinn Rochtana agus fochéimithe Rochtana na hollscoile cuidiú agus treoir ar fáil dóibh lena gcuid obair bhaile. Nuair a bhíonn an tasc sin críochnaithe acu bíonn na daltaí ábalta sult a bhaint as uair an chloig de na cluichí a bhfuil an-tóir orthu ar nós an tsacair agus na cispheile. Foghlaimíonn siad spóirt nua ar nós haca, dreapadh sa tobar dreapadóireachta, Tai-Bo, casadh agus lámhchleasaíocht.

Dar le hImelda Byrne, Oifigeach Rochtana OÉ Gaillimh: Tacaíonn an clár 'Sport for Success' le Misean Rochtana ginearálta an choláiste arb é is cuspóir dó comhionannas deiseanna níos fearr a chothú do mhic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Is deis iontach é le taithí a thabhairt do pháistí, dá dtuismitheoirí agus don phobal go ginearálta, rud atá an-tábhachtach, ar an Ollscoil atá tiomanta do sheans a thabhairt do rannpháirtithe tús a chur lena dturas mar fhoghlaimeoirí fadsaoil."

Críoch

PreviousNext

Featured Stories