Cuireann OÉ Gaillimh roimh chead an Rialtais leasú a dhéanamh ar Acht 1929

Feb 10 2006 Posted: 00:00 GMT
Cuireann Ollscoil na hÉireann fáilte nach beag roimh theacht i bhfeidhm an Bhille Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe (Leasú) ag gach céim ar cuireadh san áireamh é ag Dáil Éireann. Is leasú an Bille seo ar an Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929. Bhí baint ag ailt san Acht seo le gach ceapachán a rinneadh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ó 1929.

Ba mhian leis an Ollscoil leasú ar an Acht a fháil ar an ábhar gur ceapadh nach raibh na srianta a chuir an Acht ar earcaíocht foirne cabhrach sa ré nua-aimseartha, iomaíochta ina mhairimid. Ceapadh go mbeadh dearcadh tacaíochta le béim ní amháin ar earcaíocht ach ar ghníomhartha inmhianaithe chun gealltanas na hOllscoile i dtaca leis an Ghaeilge a chur in iúl.

Cuireann an Bille, a fuair cead ón Dáil 9 Feabhra 2006 an dá rud seo san áireamh. Mar thoradh ar an mBille seo beidh sé de dhualgas reachtúil na hOllscoile a chinntiú go mbeidh fáil ar oideachas trí mheán na Gaeilge mar phríomhaidhm i ngach plean stratéiseach as seo amach. Cinnteoidh an tÚdarás Rialaithe agus Uachtarán na hOllscoile go gcuirtear an aidhm seo i bhfeidhm.

"Is cúis áthais don Ollscoil go dtugann an Rialtas aitheantas reachtaíochta don ról agus dualgas faoi leith atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fail. Chomh maith leis sin cuirtear fáilte roimh an dualgais reachtúil a chuireann an Bille ar an Ollscoil féin lena chinntiu go gcomhlíontar an ról seo", arsa an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh .

"Ba mhó an cinneadh sin ón lá inné ó thaobh staire na hOllscoile de. Ní amháin go dtugann an Ollscoil aghaidh anois ar oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fail ar an gcampas ach le déanaí sna hionaid Gaeltachta sa Cheathrú Rua, Carna, Gaoth Dobhair agus (i mbun forbartha) Baile an Fhirtéaraigh."

PreviousNext

Featured Stories