Aitheantas tugtha ag OÉ Gaillimh do Scoláirí Céadbhliana den Scoth

Saturday, 11 February 2006

Tá Scoláireachtaí Iontrála bronnta ar 59 mac léinn céadbhliana in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ag searmanas speisialta inniú (Dé Sathairn) tabharfar aitheantas ó bhéal agus ón sparán don fheabhas acadúil i measc lucht chéadbhliana 2005 – 06.

Cuid suntais é freisin gur ó aon chontae dhéag a tháinig na buaiteoirí – ó Thír Chonaill go Luimneach agus ó Mhaigh Eo go Ceatharlach – cé gur ó Cho. na Gaillimhe ceathrar agus tríocha díobh. Is fiú a lua go háirithe gur ó 39 scoil ar leith iad, rud a chruthaíonn arís, má bhí aon amhras ann, go bhfuil mic léinn den scoth le fáil in an-chuid scoileanna, idir bheag agus mhór, thart timpeall na tíre.

Geallann an Ollscoil Scoláireacht €1,450 a bhronnadh ar gach mac léinn céadbhliana a fhaigheann 560 pointe (590 i gcás an Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte) I mbliana, fuair 14 mac léinn na huasphointí (600) agus iad sin sna cláracha Dán, Tráchtála, Dlí, Innealtóireachta agus Leighis and Eolaíochtaí Sláinte, agus fuair 32 díobh 590 pointe nó os a chionn.

"Toradh éachtach, gan aon agó" a thug Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr Iognáid ÓMuircheartaigh, ar na torthaí sin.

Agus é ag déanamh comhghairdeachais leis na buaiteoirí, dúirt an tUachtarán Ó Muircheartaigh gurb aitheantas iad na Scoláireachtaí Iontrála, ní hamháin ar an gcumas acadúil a bhí léirithe acu, ach freisin gur spreagadh é dóibh leanacht leo leis an gcuma sin a fhorbarit an méid is féidir Croílár na hOllscolaíochta é cumas na mac léinn a fhorbairt, go hacadúil agus í dtéarmaí forbartha pearsanta.

"Muide anseo in OÉ Gaillimh, arb é an feabhas acadúil an chéad chloch ar ár bpaidrín, cabhróimid libh an méid is féidir linn, ach ag deireadh an lae braitheann gach rud ar an díograis agus ar an ngearradh acadúil ionaibhse," a dúirt sé.

Chomh maith le seic €1,450, bronnfar scrolla speisialta ar gach buaiteoir ag an Uachtarán lena bhfuil bainte amach acu a cheiliúradh.

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories