Maoiniú do Acadamh Ollscolaíochta Gaeilge fógraithe

Nov 03 2003 Posted: 00:00 GMT

English Version

Fáiltíonn an Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh roimh fhógra an Aire Éamon Ó Cúiv T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu (Dé Luain, 3 Samhain), go bhfuil deontas €1 milliún thar trí bliana ar fáil don Ollscoil ar mhaithe le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá bunaithe ag an Ollscoil, a fhorbairt.

Tá an tAcadamh á bhunú le cúrsaí trí mheán an Gaeilge a chur ar fáil ar an gcampus féin agus in ionaid eile taobh amuigh den champus. Is é Uachtarán na hOllscoile atá ainmnithe mar Reachtaire an Acadaimh faoi láthair agus tá Peadar Mac an Iomaire ainmnithe mar Phríomhfheidhmeannach an Acadaimh.

Tá Oifig na Gaeilge Labhartha agus gníomhaíochtaí na nIonad Gaeltachta ag teacht faoi scáth an Acadaimh. Tá 40 post lánaimseartha san Acadamh faoi láthair agus beifear ag cur le líon na bpost sin de réir mar a bheidh cúrsaí nua léinn, cláir taighde agus gníomhaíochtaí comhairleoireachta an Acadaimh á bhforbairt. Tá 12 post fógraithe faoi scáth an Acadaimh agus cuid mhaith acu líonta. Fógrófar roinnt post eile sna míonna beaga seo romhainn. Táthar ag bunú Bord Stiúrtha agus Bord Acadúil ar an Acadamh faoi láthair.

Ag glacadh buíochais leis an Aire, dúirt an Dr. Ó Muircheartaigh, "Is cúis áthais dom féin agus d'Údarás na hOllscoile go bhfuil tacaíocht láidir an Rialtais ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is slánchuid de Phlean Straitéiseach agus de Phlean Acadúil na hOllscoile áit shuntasach a thabhairt don Ghaeilge agus don léann trí Ghaeilge faoi scáth na hOllscoile."

Tógadh céim eile sa treo sin ag cruinniú Údarás na hOllscoile ar an 16 Deireadh Fómhair 2003, trí threoir a thabhairt do bhainistíocht na hOllscoile campas eiseamláireach dhátheangach a bheith san Ollscoil. "Beidh an campas seo ina dhea-shampla d'ollscoileanna atá ag freastal ar phobail mionlaigh agus ar phobail mionteangacha ar fud na cruinne", a dúirt an Dr. O Muircheartaigh.

Is cúis áthais don Uachtarán a fhógairt go bhfuil 73 duine ag freastal ar chúrsaí Ollscoile go hiomlán trí Ghaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill den chéad uair i mbliana agus 53 duine in ionaid eile i gCúige Uladh. Tá cúrsaí faoi lán tseoil chomh maith ag an Ollscoil i gCarna agus ar an gCeathrú Rua.

Creideann Údarás na hOllscoile go bhfuil na struchtúir á mbunú ag an Ollscoil anois a chuirfidh forbairt na hOllscolaíochta trí Ghaeilge ar bhonn sláintiúil agus gur forbairtí iad a bhfuil éileamh orthu ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

"Is éard atá sa ngníomhaíocht cheannródaíoch atá déanta ag an Ollscoil, feidhmiú an choincheap a bhí taobh thiar de bhunú Acht 1929 agus d'ainmniú Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar ollscoil a dhéanfadh cúram den Ollscolaíocht trí Gheilge", a dúirt an Dr. Ó Muircheartaigh. "Is gá Acht 1929 a leasú le go mbeidh an dea-obair cheannródaíoch atá á feidhmiú ag an Ollscoil anois in ann bláthú. Tá glactha ag Údarás na hOllscoile d'aonghuth leis an ngéarghá atá leis an leasú sin."

Ends

PreviousNext

Featured Stories